Inis Córthaidh
Baile i lár thuaisceart Chontae Loch Garman í Inis Córthaidh.[1] Tá daonra timpeall 11,000 ann. Tá an baile suite ar an Sláine, agus tá dhá dhroichead thar an abhainn sa bhaile. Tugtar Paróiste Naomh Seanan ar an dtaobh thoir den bhaile. Tá sé an dara baile is mó i gContae Loch Garman.
Inis Córthaidh | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Loch Garman | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 60 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 52445 |
Iompar
cuir in eagarTá seirbhís rialta báid ón mBreatain Bheag agus ón bhFrainc go Ros Láir i ndeisceart an chontae, timpeall 25 ciliméadar ón mbaile. Tá líne traenach as Baile Átha Cliath a leanann go Ros Láir, a oscail ar 16 Deireadh Fómhair 1863.[2]
Ritheann an N11 (párt den bóthair Eoraipeach E1).
Gnó
cuir in eagarTá tábhacht ag cur agus baint sútha talún i gContae Loch Garman, go háirithe timpeall Inis Córthaidh, maille le biatas siúicre, cruithneacht, eorna, agus tógáil eallach agus ba bhainne.
In Inis Córthaidh a thosaigh Grúdlann Letts, agus tugadh athshaol don bheor sin i riocht Killians sna 1990í. Bhíodh monarcha sceanra uair lámh leis an mbaile, agus tá gnó beag déanta potaí le plandáil fós ann. Tá monarcha doirse adhmaid Premium International, a thosaigh sna 1970í, fós ar an mbaile.
Stair
cuir in eagarCaisleáin Inis Córthaidh
cuir in eagarTá caisleán i lár an bhaile, ar atógáil de chaisleán Normannach é don chuid is mó. Deirtear gur chum Edmund Spenser cuid den Faery Queene an fhaid a bhí cónaí air sa bhaile. Inniu is músaeim é an caisleán, ach dún sé i 2007 agus osclófaidh sé arís i samhradh 2009.
Cnoc Fíodh na gCaor
cuir in eagarBhí Inis Córthaidh páirteach in Éirí Amach 1798, agus troideadh Cath Chnoc Fíodh na gCaor lámh leis an mbaile.
Scoileanna
cuir in eagar- Scoil Naomh Aodáin
- Scoil Naomh Sheanan
- Scoil Naomh Mhuire
- Gaelscoil Inis Córthaidh
- Scoil Speisialta Naomh Pádraig
- Coláiste Bríde
- CBS Inis Córthaidh
- Meánscoil Garman
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “Inis Córthaidh/Enniscorthy | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Enniscorthy station". Railscot - Irish Railways. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-09-26. Dáta rochtana: 2009-08-02.