Uachtarán na hÉireann
Is é ceann stáit na hÉireann an tUachtarán. Bunaíodh an post seo le Bunreacht na bliana 1937 nuair a cuireadh post an Ghobharnóra, a bhí ina ionadaí ag Rí Shasana in Éirinn agus í ina ballstát de Chomhlathas na Breataine, ar ceal.
|
|||||
Sealbhóir | Mícheál D. Ó hUiginn ó 11 Samhain 2011 | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cónaithe | Áras an Uachtaráin | ||||
Dlínse | Éire | ||||
Stáit | Éire | ||||
Sainordú | 7 bliain | ||||
Cruthú | 25 Meitheamh 1938 | ||||
Suíomh | president.ie… |
Is beag cumhachta atá ag an Uachtarán i ndáiríre ach amháin i gcás go bhfuil amhras air nó uirthi faoi dhlíthe a reachtaíonn an Dáil. Is é Mícheál D. Ó hUiginn an tUachtarán reatha.
Toghadh
cuir in eagarDe réir Airteagal 12 de Bhunreacht na hÉireann tá tosach ag an Uachtarán ar gach uile dhuine sa Stát, 'agus ní foláir dó na cumhachtaí agus na feidhmeanna a bheirtear don Uachtarán leis an mBunreacht seo agus le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh'. Toghthar an tUachtarán trí vóta díreach an phobail ar mhodh an Aonvóta Inaistrithe agus ceart ag gach saoránach de chuid na hÉireann vótáil sa toghchán. Tréimhse seacht mbliana a chaitheann Uachtarán in oifig, agus is féidir é a atoghadh ar feadh tréimhse amháin eile de sheacht mbliana. Cónaíonn an tUachtarán in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhíonuisce, Baile Átha Cliath.
Dualgais
cuir in eagarIs é an tUachtarán a cheapann an Taoiseach (Príomh-Aire) agus baill eile an Rialtais de réir molta nó ainmnithe ó Dháil Éireann. Is é chomh maith a achtaíonn gach dlí de chuid an Oireachtais agus atá in ardcheannas ar na Fórsaí Cosanta. Chaith Eamon de Valera, Seán T. Ó Ceallaigh agus Pádraig Ó hIrighile dhá thréimhse san Áras agus chaith Máire Mhic Ghiolla Íosa dhá thréimhse ann leis.
Coimisiún an Uachtaráin
cuir in eagarI gcás go mbíonn an tUachtarán as láthair, ar míthreoir, éagtha, éirithe as oifig nó curtha as oifig nó má theipeann air feidhmeanna a oifige a chomhlíonadh, déantar foráil sa Bhunreacht go ndéanfaidh Coimisiún cumhachtaí agus feidhmeanna an Uachtaráin a chomhlíonadh.[1][2][3][4]
Cumhachtaí
cuir in eagarI measc cumhachtaí an Uachtaráin tá:
- Baill an Rialtais, chomh maith le breithimh agus oifigigh eile a cheapadh
- An Dáil a chomóradh agus a lánscoir
- An tOireachtas a chomóradh
- Ionadaíocht a dhéanamh ar son na ndaoine
- Billí a shíniú agus a chur faoi bhreith na Cúirte Uachtaraí
- Feidhmiú mar Ardcheannasaí na bhFórsaí Cosanta (Óglaigh na hÉireann)
Uachtaráin na hÉireann 1938-
cuir in eagarBa é Dubhghlas de hÍde, a toghadh gan iomaíocht, an chéad Uachtarán i 1938.
Uimhir | Ainm | Pictiúr | In oifig | As oifig | Páirtí |
---|---|---|---|---|---|
1. | Dubhghlas de hÍde | 25 Meitheamh, 1938 | 24 Meitheamh, 1945 | Ainmniúchán uile-pháirti | |
2. | Seán T. Ó Ceallaigh | 25 Meitheamh, 1945 | 24 Meitheamh, 1959 | Fianna Fáil | |
3. | Éamon de Valera | 25 Meitheamh, 1959 | 24 Meitheamh, 1973 | Fianna Fáil | |
4. | Erskine H. Childers | 24 Meitheamh, 1973 | 17 Samhain, 1974 | Fianna Fáil | |
5. | Cearbhall Ó Dálaigh | 19 Nollaig, 1974 | 22 Deireadh Fómhair, 1976 | Fianna Fáil | |
6. | Pádraig Ó hIrighile | 3 Nollaig, 1976 | 2 Nollaig, 1990 | Fianna Fáil | |
7. | Máire Mhic Róibín | 3 Nollaig, 1990 | 12 Meán Fómhair, 1997 | Lucht Oibre | |
8. | Máire Mhic Giolla Íosa | 10 Samhain, 1997 | 10 Samhain, 2011 | Fianna Fáil / Neamhspleách | |
9. | Mícheál D. Ó hUiginn | 11 Samhain, 2011 | in oifig fós | Lucht Oibre / Neamhspleách |
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- ↑ Office of the President of Ireland. "The President Presidential Commission" (ga). president.ie. Dáta rochtana: 2023-02-10.
- ↑ “Presidential Commission”. Citizens Information. Citizens Information Board (1 May 2008). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 26 July 2013. Dáta rochtana: 21 December 2010.
- ↑ Private Business. - Ministerial Changes: Statement Curtha i gcartlann 2012-03-07 ar an Wayback Machine Dáil debates, 5 November 1992
- ↑ Clarity, James F. (6 November 1992). "Leader Defeated, Irish Government Collapses". New York Times. Dáta rochtana: 21 December 2010.