Radaíocht
San fhisic, is éard is radaíocht ann ná astú nó tarchur fuinnimh i bhfoirm tonnta nó cáithníní trí spás nó trí mheán ábhair.[1][2] Cuirtear na cineálacha seo san áireamh:
- radaíocht leictreamaighnéadach, amhail tonnta raidió, micreathonnta, radaíocht infridhearg, solas infheicthe, radaíocht ultraivialait, x-ghathanna, agus gámaradaíocht (γ)
- radaíocht cáithníní, mar shampla radaíocht alfa (α), radaíocht béite (β), radaíocht prótón, agus radaíocht neodrón
- radaíocht fhuaimiúil, amhail ultrafhuaim, fuaim, agus tonnta seismeacha (ag brath ar mheán tarchurtha fisiciúil)
- radaíocht imtharraingteach, i bhfoirm tonnta imtharraingteacha, nó tonnáin i gcuaire spás-ama
Is minic a dhéantar rangú ar chineál radaíochta mar ianaíoch nó neamhianaíoch, ag brath ar fhuinneamh na gcáithníní radaithe. Iompraíonn radaíocht ianaíoch níos mó ná 10 eV, ar leor é chun adaimh agus móilíní a ianú agus naisc cheimiceacha a bhriseadh. Is idirdhealú tábhachtach é seo mar gheall ar an difríocht mhór sa mhéid dochair a dhéantar d'orgánaigh bheo. Foinse choitianta na radaíochta ianaíche is ea ábhair radaighníomhacha a astaíonn radaíocht α, β, nó γ. I measc na bhfoinsí eile tá x-ghathanna ó scrúduithe radagrafaíochta, agus muóin, méisóin, posatróin, neodróin agus cáithníní eile a tháirgtear nuair a dhéanann gathanna cosmacha idirghníomhú le hatmaisféar an Domhain.