Vicipéid na Catalóinise
Leagan as Catalóinis den chiclipéid phoiblí ilteangach Vicipéid is ea Vicipéid na Catalóinise (Catalóinis: Viquipèdia en català). Viquipèdia en valencià a thugtar uithi freisin mar aitheantas ar an leagan den teanga a labhraítear i ndeisceart na gcríoch Catalónach. Tháinig sí ar an bhfód ar 16 Márta 2001, roinnt nóiméad i ndiaidh Vicipéid na Gearmáinise. Is iad sin an chéad dá Vicipéid a cuireadh ar siúl i ndiaidh do Jimmy Wales a fhógairt go raibh cead leaganacha den Vicipéid a bhunú i dteangacha eile seachas an Béarla. Ar feadh cúpla mí, ba í Vicipéid na Catalóinise an t-aon cheann seachas Vicipéid an Bhéarla a raibh ailt le léamh ann: “l’ábac” (an t-abacas) an chéad alt. Ar 24 Deireadh Fómhair na bliana 2014, bhí 439.869 alt agus 180,405 úsáideoirí cláraithe inti.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |