Jump to content

Kurt Cobain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Kurt Cobain, ag seinm le Nirvana i 1992.

B'é Kurt Donald Cobain (20 Feabhra, 1967 - ca. 5 Aibreán, 1994) an príomhamhránaí agus giotáraí den banna rac-cheoil Meiriceánach, Nirvana. Bhí tionchar mór ag an mbanna, agus b'é Cobain a bhí i spotsolas mar chumadóir agus amhránaí an banna. Sna 1990í, laoch ab ea é Cobain do ghlúin nua óg, daoine a bhí tuirseach leis an rac-cheol éadomhain a bhí coitianta ag an am seo. Leis an albam Nevermind, bhrisgruinse amach as Seattle, agus athraíodh an domhain rac-cheoil go tobann. Labhraíonn daoine fós faoin tionscal ceoil réamh-Nirvana agus iar-Nirvana.

Ag an am seo, ba é Nirvana an banna is mó ar domhain agus ba cheart do Chobain a bheith sásta. Os a choinne sin, caitheadh é isteach sa chuilithe leis a cháil nua, agus ní raibh sé ábalta a bheith compordach leis. Fear umhal agus ciúin a bhí ann, ach cuireadh a lán brú air go tobann. Thosaigh daoine ag caint faoi "urlabhraí na glúine" ag tús na 1990í, ach dhiúltaigh Cobain leis an smaoineamh go láidir. Bhí imní air chomh maith go raibh sé agus a bhanna ag braith na hidéalaí punc-raic, nuair a thosaigh an banna ag fás agus éirí an-rathúil. Chomh maith le sin, d’fhulaing Cobain le gruaim agus mi-úsáid drugaí.

Saol

Rugadh Kurt Cobain in Aberdeen, baile beag i stát Washington, SAM. Clann beag shona a bhí aige - a thuismitheoirí Don agus Wendy, agus a dheirfiúr níos óige Kimberly. Nuair a bhí Kurt seacht mbliana d'aois, cholscar a thuismitheoirí, agus bhí tionchar an-dhona ag an eachtra seo ar an mbuachaill óg. Thit dian-bhrón air go tobann, agus d'éirigh sé i bhfad níos ciúine agus níos feargaí as seo amach. D'fhan Kurt ina chónaí lena mháthair Wendy ar feadh bliaina tar éis an cholscaradh. Tar éis tamaill, ámh, seoladh é chun cónaí lena athair, nuair a bhí a mháthair dubhthuirseach lena dhroch-iompar uafásach. Bhí an scéal céanna ag a athair gan mhoill, agus chaith Kurt sealanna ina chónaí le gach saghas cairde agus clann síos tríd na blianta.

An t-éalú amháin a bhí ag an leaid óg ná an ceol. Thosaigh sé ag seinm giotár beag a bhí aige. Ní raibh a lán suime aige sna ceachtanna, ach ba shoiléir go raibh féith an cheoil aige, agus cheannaigh sé a uirlis féin. Níos déanaí, dúirt Kurt gur cheannaigh sé a chéad ghiotár nuair a dhíol sé gunnaí a athair a fuair sé sa teach, ach is dócha nach raibh sin fíor. Chaith sé a chuid laethanta ag éisteacht le bannaí rac-cheoile, mar shampla The Beatles, Led Zeppelin, AC/DC, Aerosmith agus na bannaí móra eile. Tar éis tamall, bhí fionnachtain nua aige - punc-rac. Ba san iris Maximumrocknroll a léigh sé faoin saghas raic seo, agus bhí an-suim aige sna The Sex Pistols, The Ramones, The Clash agus na bannaí eile ón lá seo amach. B'aimsiú an-thábhachtach é punc-rac do Khurt, rud a rinne athrú mór ina shaol. Nuair a bhí sé níos sinne, thosaigh Kurt ag freastal ar ceolchoirmeacha punc-raic i Seattle. Sa bhaile in Aberdeen, bhí áthas air nuair a fuair sé amach go raibh banna punc-raic darbh ainm The Melvins ag seinm le chéile sa chomharsanacht. Bhí sé cairdiúl leis an mbanna, agus bhain sé triail as an ngiotár a sheinm sa bhanna. Theip air go dona, áfach.

Nirvana

Nuair a bhí Kurt ina dhéagóir fós, thosaigh sé ag cumadh a amhráin féin. Bhí stíl punc-raic sna hamhráin, agus chuir sé iad ar théipeanna. Sa bhliain 1986, rinne sé téip beag le hainm Fecal Matter i dteach a aintín, le cabhair ó drumadóir The Melvins, Dale Crover. Thug Kurt an téip do Krist Novoselic, a chara is fearr ón scoil. Tar éis tamall, thosaigh siad ag seinm le chéile - Kurt ag canadh agus ag seinm an giotár, agus Krist ar an ndord-ghiotár. Sheinn siad le drumadóirí éagsúla agus rinne siad a gcéad albam Bleach sa bhliain 1989 le Chad Channing ar na drumaí. Fuair siad drumadóir níos fearr, Dave Grohl an bhliain ina dhiaidh. Le Grohl, rinne Nirvana na h-albaim cáiliúla Nevermind agus In Utero.

Pósadh agus páiste

Bhuail Cobain le Courtney Love, ag cheolchoirm sa bhliain 1989. Ag an am sin, bhí a banna Hole ag dul go maith, ach bhí Nirvana beag fós. Thosaigh siad ag dul le chéile, agus pósadh iad i Habháí ar 24 Feabhra, 1992. Rugadh iníon leo ar 18 Lúnasa, 1992, Frances Bean Cobain. Cé go raibh Cobain i ngrá léí, níor thaitin Love le Novoselic nó Grohl. Bhí na nuachtáin i gcoinne Kurt agus Courtney freisin, agus cuireadh í i gcomparáid le Yoko Ono agus Nancy Spungen. Chomh maith le sin, d’úsáideadh Cobain agus Love drugaí le chéile, agus ceapadh go raibh tionchar dona ag Love ar Chobain.

Fadhbanna sláinte

Bhí saol Cobain lán le fadhbanna fisicúila, agus intinne, agus ní raibh lá amháin ina shaol nach raibh sé ar saghas éigean leigheas. Ag tús a shaoil, bhí Kurt hipirghníomhach mar pháiste, agus mar sin thóg a thuismitheoirí an druga Ritalin dó. Ón lá sin go dtí nóiméad a bhás, bhí andúil ag Kurt i ndruga amháin nó druga eile. Nuair a bhí sé níos sinne, ba shaineolaí é Kurt i mí-úsáid drugaí. Ag an am céanna, is cinnte go raibh fadhbanna macánta aige freisin - gruaim, ionsaithe scaoll, broincíteas, agus dian-pian ina bholg. Tugtar na dochtúirí an t-ainm scoliosis ar an fhadhb seo, agus bhí sé an-dáiríre. Dúirt Kurt gur thosaigh sé ag úsáid drugaí chun an phian seo a smachtú, ach is fíor go raibh sé ag mi-úsáid drugaí ar feadh tamall fada. D'úsáid sé marachuan, cócín agus tar éis tamall hearóin. Nuair a bhí Nirvana ag fás go tapaigh i 1991, bhí andúil haróin Kurt ag fás freisin. Rinne sé tréan-iarracht a fhadhb a choimead faoi rún, mar nár aontaigh Novoselic nó Grohl leis in aon chor. Ach go minic bhí sé soléir go raibh Kurt faoi thionchar an druga, nó ag iarraidh stad a chur leis. Bhí cúpla ródháileog aige, agus bhí an t-ádh leis nár mharaigh sé é fhéin níos luaithe.

Bás

Sa bhliain 1994, chuaigh Nirvana chuig Eorpa ar turas. Bhí tús maith acu, ach ansin bhí ródháileog ag Kurt ar an 6 Márta sa Róimh. Dúradh nach raibh ann ach timpiste le h-alcól agus leigheas éigean, ach b'iarracht a lámh a chur ina bhás féin a bhí ann. Mar thoradh ar sin cuireadh críoch leis an turas. Ar ais sa bhaile i Seatlle, d'áitigh a chairde agus a chlann dó cabhair a leorg agus dul ag an oispidéil i Los Angeles, chun a shláinte agus a shaol a shábháil. D’aontaigh Cobain sa deireadh. Tar éis cúpla lá, áfach, bhris Kurt amach as an ospidéal agus d'fhill sé ar ais go dtí Seattle. Tar éis seo, níl na sonraí ró-shoiléir. Ag am éigean, chuaigh Kurt go dtí a theachsa ar bhruach Loch Washington. Thóg sé dáileog mór hearóin, scríobh sé nóta, agus mharaigh sé é féin le grán ghunna sa bhéal. D’aimsíodh a chorp ar 8 Aibreán, 1994. Creidtear gurb é 5 Aibreán a lá a bhfuair sé bás.