Contae Aontroma
Contae Aontroma | |||||
---|---|---|---|---|---|
Antrim (en) Aontroim (ga) | |||||
Ainmnithe in ómós | Aontroim (baile) | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | ||||
Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | ||||
Príomhchathair | Aontroim (baile) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 618,108 (2011) | ||||
• Dlús | 217.34 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Tuaisceart Éireann | ||||
Achar dromchla | 2,844 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch nEathach, an tAigéan Atlantach agus Sruth na Maoile | ||||
Ar theorainn le | |||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Logainm.ie | 100000 |
Tá Contae Aontroma[1] (Béarla: County Antrim) suite i gCúige Uladh, ar chósta thoir thuaidh Loch nEathach, agus tá achar de 2,844 km² aige. Cónaíonn thart ar 616,000 daoine ann, rud a chiallaíonn go bhfuil an daonra is mó i dTuaisceart Éireann mar aon leis an darna ceann is mó in Éirinn aige. Tá sé mar pháirt de chúige Uladh.
Meallann Glinntí Aondroma na mílte turasóir chun an chontae achan bhliain agus is suíomh Oidhreachta Dhomhanda de réir UNESCO é Clochán an Aifir (nó Clochán na bhFórmorach mar a thugtar air fosta) ar an chósta thuaidh. Tá clú ar Mhuileann na Buaise as an uisce bheatha atá á dhéanamh ann leis na céadta bliain, agus aithnítear Port Rois mar an lonnaíocht mhara is cáiliúla i dTuaisceart Éireann ó thaobh líonn na gcuairteoirí air de, áit atá ann ina mbíonn craic ar dóigh de ló is d'oíche de réir tuarascála. Tá an chuid is mó de Bhéal Feirtse, an chathair is mó i dTuaisceart Éireann, lonnaithe sa chontae agus tá an chuid eile dí i gContae an Dúin. De réir an tseanchais is ar Shliabh Mis i dtuaisceart an chontae a chaith Pádraig Naofa bunús a shaoil óig.
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá naisc mhaithe le fáil i gContae Aontroma le dul ar mhuir, ar iarnróid, nó ag eitilt.
Aer
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é Aerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste an t-aerfort is gnóthaí i dtuaisceart Éireann agus tá sé lonnaithe in Aldergrove i ndeisceart an chontae, áit atá roinnte idir údaráis an aerfoirt agus an Fórsa Aeir Ríoga. Is é an t-aerfort réigiúnach is mó i leith lastais aeir sa RA. Bíonn seirbhísí rialta ann go dtí An Bhreatain Mhór, mór-roinn na hEorpa agus Meiriceá Thuaidh.
Bíonn seribhísí aeir le fáil chomh maith ó Aerfort Chathair Bhéal Feirste George Best atá suite míle soir ó lár chathair Bhéal Feirste ar thaobh Chontae an Dúin den chathair, aerfort a athainmníodh i 2006 in ómós don imreoir sacair George Best.
Iarnróid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Amharc fosta ar Chatagóir:Stáisiúin iarnróid i gContae Aontroma
Is iad na bealaí Iarnróid Thuaisceart Éireann de chuid Translink na príomhlínte idir Béal Feirste, Aontroim, an Baile Meánach, Cúil Raithin, Port Rois, Doire, Carraig Fhearghais is Latharna.
Muir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá dhá longphort de chuid na gcinn is tábhachtaí dá bhfuil i dtuaisceart Éireann le fáil sa chontae, .i. Latharna agus Béal Feirste.
Téid báid farantóireachta ó chalaphort Latharna, áit ónar féidir taisteal go Cairn Riain agus An Srón (An t-Sròn) in Albainmar aon le Fleetwood i Sasana. Bhíodh seirbhís ó Bhéal Feirste go dtí an Srón Ramhar (An t-Sròn Reamhar) go dtí 2010.
Is é Calaphort Bhéal Feirste príomhgheata mara Thuaisceart Éireann, agus tá sé ag iarraidh níos tábhachtaí fosta do gheilleagar Phoblacht na hÉireann de réir a théid na blianta ar aghaidh chomh maith. Is lárionad tionscadail agus gnó é agus fá'n am seo tá sé mar fhócas do ghníomhaireacht na lóistíochta sa réigiún. Is fríd an chalafort a théid dhá thríú de thrádáil mhara an Tuaiscirt agus ceathrú cuid de thrádáil an oileáin ina iomláine. Glacann sé tuairim is 6,000 long in aghaidh na bliana.
Daonra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cónaíonn 616,384 duine sa chontae de réir an eolais ó dhaonáireamh na bliana 2001 de chuid na Ríochta Aontaithe. Is é an condae is mó i gcúige Uladh agus an dara chontae is mó in Éirinn ó thaobh líonn na n-áitritheoirí de.
An Ghaeilge i gcontae Aontroma
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí cumas de shaghas éigin ar an nGaeilge ag 8.4% de dhaonra chontae Aontroma. Sa scoilbhliain 2010-2011, bhí 1,260 daltaí ag freastal ar an dá ghaelscoileanna dhéag i gcontae Aontroma. Bhí 553 daltaí ag freastal ar an ghaelcholáiste i gcontae Aontroma.
Creideamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fosta, condae den dá chontae atá fágtha in Éirinn atá ann ina bhfuil bunús na ndaoine Protastúnach (is é Condae an Dúin é an condae eile). Is é an Preisbitíreachas an claonadh creidimh is mó sa chontae. Leanann an Caitliceachas Rómhánach sa darna áit, agus ina dhiaidh sin, Eaglais na hÉireann. Is é an t-aon chontae in Éirinn ina bhfuil sainchreideamh seachas an Caitliceachas mar sainchreideamh príomha. Is mar gheall ar nascanna láidre le hAlbain é an tionchar ón Phreisbitíreachas.
Riarachán
[cuir in eagar | athraigh foinse]An baile condae traidisiúnta ná Aondroim fhéin. Níos deireanaí, rinneadh An Baile Meánach mar bhaile chontae agus mar shuí rialtais áitiúla. I 1973 stadadh contaetha Thuaisceart Éireann a bheith ina haonáin riaracháin go hoifigiúil, bliain i ndiaidh teipeadh rialtais tuaisceartaigh i Stoirmhonadh (nó Cnoc an Anfa mar a thugtar air fosta), le hathamharc a dhéanamh ar cúrsaí riaracháin áitiúla. Gídh go maireann na contaetha beo go cultúrtha, i gcúrsaí reatha, agus i dtaca le cúrsaí dlí, chanfhuil siad ann daofa a thuilleadh maidir le cúrsaí riaracháin. Ina leabaidh sin, tá an réigiún roinnte eadar 26 cheantar. Tá na ceantair seo a leanas le fáil go hiomlán laistigh de limistéir an chontae:
- Comhairle Buirg Bhaile Mheadhónaigh
- Comhairle Buirg Aondroma
- Comhairle Buirg Bhaile Mhónaidh
- Comhairle Buirg Bhaile na Mhainistreach
- Comhairle Buirg Charraig Fhearghais
- Comhairle Buirg Latharna
- Comhairle Ceantair na Maoile
Tá codanna de na ceantair seo a leanas le fáil taobh istigh den chontae:
- Comhairle Buirg Chreag Abhann (thart fá Achadh Galláin)
- Comhairle Buirg Chúil Raithin (thart fá Phort Rois)
- Comhairle Cathrach Bhéal Feirste (i gcás Bhéal Feirste thuaidh, thiar, lárnach agus thiar dheas)
- Comhairle Cathrach Lios na gCearrbhach (leis an chathair fhéin, Baile Haine, Dún dTrod, Lann Abhaigh agus Maigh gCabraí)
Tá na toghcheantair seo a leanas suite go hiomlán taobh istigh de theorainneacha an chontae:
- Aondroim Theas
- Aondroim Thoir
- Aondroim Thuaidh
- Béal Feirste Thiar
- Béal Feirste Thuaidh
Tá codanna de na toghcheantair seo a leanas laistigh den chontae
- An Bhanna Uachtarach
- Béal Feirste Theas
- Gleann an Lagáin
- Londandoire Thoir
Bailte i gContae Aontroma
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aontroim
- Baile an Chaistil, Baile Monaidh, Baile na Mainistreach, Baile Meánach, Bealach Cláir, Béal Feirste, Baile Raghnail
- Carraig Fhearghais
- Gleann Ghormlaithe
- Inis Glas
- Latharna, Lios na gCearrbhach
- Muileann na Buaise
- Port Rois
Sráidbhailte
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Achadh Gallan, Achadh Lí, Achadh Eochaille, Achadh Pheatáin, Áth na gCloch
- Baile an Tuaigh, Baile an Bhogaigh, Baile Caraidh, Baile Uistín, Baile Geithligh, Baile Linne, Baile an Iúir, Baile Riobaird, Baile Bhóidh, Baile Strudair, Bun Dúraí, Baile an Átha Móir, Bruach Sheáin, Bochnach
- An Carraigín, Carn Albanach, An Chloch, Carnlach, Cocríoch, Cromghlinn, Carraig Uí Ruagain, Coill na Baice, Cois Abhann Dalla, Cois Abhann Duinne, Na Cealla, Cill Éad, Cnoc na Caraidh, An Cionn Bán
- Doire Mór, Dumhach, Dearbhóg, Dún Ó gCorra, Draighean, Dún dTrod, Dún Eadradh, Dún Lathaí, Dún Sobhairce, Droichead Ceis
- Na Fearnóga
- Geata Mhic Amhlaí, Gleann Arma, Gleann Ó, An Gleann, An Grógán, Gleann Aireamh
- Lann Abhaigh, Loch gCaol, Lurga an Iubhair
- Muileann na Buaise, Muileann na Cloiche, Maigh gCabraí, Machaire Morna, Muine Glas, Maigh Saighead, Mullach Buí
- Oirthear Maí
- Port Bhaile an Trá, Port Bradán, Port Chluain Eoghain
- Ros Earcáin
- An tSráid, Sraith Nócam
- Teampall Phádraig, Tuaim, Tulaigh na Croise
Barúntachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aontroim Íochtarach, Aontroim Uachtarach
- Béal Feirste Íochtarach, Béal Feirste Uachtarach
- Carraig Fhearghais, Cathraí, Coill Chonmhaí
- Dún Libhse Íochtarach, Dún Libhse Uachtarach
- Gleann Arma Íochtarach, Gleann Arma Uachtarach
- Mása Ríona Íochtarach, Mása Ríona Uachtarach
- Tuaim Íochtarach, Tuaim Uachtarach
Bailte fearainn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Caisleán Carragh, Carraig a' Ráid, Caisleán Ceinn Bán, Caisleán Camus Rhuaidh
- Dún an Aenaighe, Dún Libhse
Comhairle
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tíreolaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Clochán an Aifir
- Gleannta Aontroma
- Loch Lao, Loch Beag, Loch an Phoirt Mhóir
- Na Maighdeanacha
- Reachlainn
- Sruth na Maoile, Sliabh Mis, Sliabh an Earra
- Taobh Builleach
Cultúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Contae Aontroma/Antrim | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.