Robert Falcon Scott
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Meitheamh 1868 Plymouth, England |
Bás | i. 29 Márta 1912 43 bliana d'aois Oighearchlár Ross |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Hipiteirme agus caiceicse) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Stubbington House School (en) (1880–) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | taiscéalaí, scríbhneoir neamhfhicsin, oifigeach cabhlaigh, captaen |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Cabhlach Ríoga |
Céim mhíleata | captaen |
Ghlac sé/sí páirt i | |
1 Meitheamh 1910 | Terra Nova expedition (en) |
1901 | Discovery Expedition (en) |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Kathleen Scott (1908–) |
Páiste | Peter Scott |
Athair | John Edward Scott agus Hannah Cuming |
Gradam a fuarthas
| |
Taiscéalaí an Antartaigh, a rugadh gar do Devonport, Shasana ab ea Robert Falcon Scott (6 Meitheamh 1868 – 29 Márta 1912).
Chuaigh Scott ar dhá thuras taiscéalaíochta go dtí an tAntartach.
An Chéad Turas 1901–1904
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a shroich Scott agus a fhoireann an tAntartach, thóg siad bothán adhmaid ar cheann tíre carraigeach ar Oileán Ross.[1] Is ón gceann tíre sin a chuaigh grúpaí amach ag bailiú eolais faoin tír agus faoin dúlra. Ach reoigh an t-oighear timpeall ar a long, an Discovery le linn gheimhreadh na bliana 1902. Níor éirigh le foireann Scott í a scaoileadh saor ón oighear arís go dtí 1904.
An Dara Turas 1910–1913
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1910, bhí sé i gceannas ar aistear don Mhol Theas. D’eagraigh Robert Scott turas eile go hAntartaice ar an long Terra Nova sa bhliain 1910. Ba é an aidhm a bhí aige an uair seo ná an Pol Theas a bhaint amach sula mbainfeadh aon duine eile amach é.
Chlis cuid den trealamh a bhí ag grúpa Scott agus cuireadh moill orthu. Thuig Scott nach raibh go leor bia acu chun an turas a chríochnú. B’éigean do chuid acu filleadh ar an bpríomhchampa, mar sin.
Ochtar a bhí fós sa ghrúpa nuair a bhí siad timpeall 240 km ón bPol Theas. Ansin, d’ordaigh Scott do Tom Crean agus do bheirt eile – Teddy Evans agus Bill Lashly – dul ar ais. Lean Scott féin agus ceathrar eile ar aghaidh.
Bás tragóideach
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shroich na fir an Pol ar 17 Eanáir 1912 agus fuair siad amach go raibh an t-aistear Ioruach faoi Amundsen tar éis an Mol a bhaint amach cúig seachtaine roimhe sin.
Ag troid i gcoinne na drochaimsire ar feadh cúpla seachtaine, agus gan ach 11 míle ón ndídean a bhí fágtha dóibh, cailleadh an cúigear fear sa bhfuacht.[2][3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ forasnagaeilge.ie. "Féach thart - rang 6". Dáta rochtana: 2029.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Robert Falcon Scott". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 585.
- ↑ John (2012-03-29). "Faoi Cheilt: Captaen Scott". Faoi Cheilt. Dáta rochtana: 2020-03-29.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |