Ceimicí is státaire a rugadh i bPáras ab ea Pierre Eugène Marcellin Berthelot (25 Deireadh Fómhair1827 - 18 Márta1907). Chabhraigh sé le bunú na teirmiceimice, agus thug modh caighdeánach isteach chun sainteas folaigh galúcháin uisce a thomhas. D'éirigh leis cuid mhaith comhdhúl orgánach a shintéisiú, agus léirigh nach raibh aon difríocht bhunúsach idir comhdhúile orgánacha is neamhorgánacha.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.