Bulaí Meiriceánach
Ginearaltaí | |
---|---|
Tír bhunaidh | Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Ionchas saoil | 10 bliain agus 12 bliain |
Is madra as Meiriceá é an bulaí Meiriceánach nó an bulaí XL.[1] Faoi na Rialacháin um Rialú Madraí in Éirinn, tá rialacha i bhfeidhm maidir le húinéireacht agus rialú póranna áirithe madraí. Ina measc sin tá tarbh-bhrocairí Meiriceánacha agus Sasanacha, Tarbhmhaistíní agus Doberman. De réir dlí caithfidh duine ós cionn 16 bliana d'aois na madraí a shrianadh le hiall láidir agus béalóg a choinneáil orthu i gcónaí in áiteanna poiblí.[2]
Bhí cosc curtha ar mhadraí den phór seo sa mBreatain sa bhliain 2024, seachas i gcás daoine a bhfuil teastas díolúine acu.[2][3]
Eachtraí in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 4 Meitheamh 2024, maraíodh Nicole Morey, bean 23 bliain d'aois i gCo. Luimnigh, nuair a d'ionsaigh Bulaí XL (agus tarbh-bhrocaire) í. Rinne baill de Aonad Armtha na nGardaí é a dhíothú nuair a cuireadh fios orthu chuig an láthair.[4][5]
Ar an 6 Meitheamh 2024, lámhaigh na Gardaí Bulaí XL i gCorcaigh tar éis don mhadra éirí trodach le linn eachtra aréir ar Bhóthar Uí Chonghaile i mBaile Féitheán.[6][2]
Ar an 17 Lúnasa 2024, gortaíodh go dona cailín bliain d'aois nuair a d'ionsaigh bulaí XL í i gCo Chiarraí.[3]
Eachtraí sa Bhreatain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 20 Lúnasa 2024, bhásaigh fear 53 bliain d'aois tar éis do mhadra den phór bulaí XL é a ionsaí ina theach cónaithe i mbaile Accrington in iarthuaisceart Shasana.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tarbh-bhrocaire (bull terrier ; tá an tarbh-bhrocaire Sasanach bán de ghnáth, an tarbh-bhrocaire Staffordshire scothdhearg/buí dhonn de ghnáth)
- Tarbh-bhrocaire Meiriceánach (pit bull terrier i Sasana ach bull terrier sna Stáit Aontaithe)
- Tarbh-bhrocaire bídeach (miniature bull terrier)
- Tarbhmhaistín (bullmastiff)
- Tarbh-bhrocaire (imdhealú)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, American Bully agus cineálacha Pocket, Standard, Classic, XL, srl
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Nuacht RTÉ (2024-06-07). "Tarbh-bhrocaire maraithe ag na Gardaí tar éis ionsaí ar bhean" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2024-08-22). "Fear maraithe ag bulaí XL i Sasana" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-06-05). "A 23ú breithlá díreach slánaithe ag an bhean a mharaigh madra" (as ga-IE).
- ↑ Garreth Macnamee (2024-06-06). "XL Bully owner killed by the dog had just come in from a night out". Mail Online. Dáta rochtana: 2024-06-06.
- ↑ Joan O'Sullivan / RTÉ News (2024-06-07). "'Severe' dog attacks becoming more common - CSPCA" (as en).