Jump to content

An Ollainnis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teimpléad:Teanga

Teanga Gearmáinice Iartharach is ea í an Ollainnis, nó an Ísiltíris (Fuaim Nederlands), agus í á labhairt ag 24 mhilliún duine, a bheag nó a mhór, san Ísiltír agus sa Bheilg don chuid is mó. Pléimeannais a thugtar ar chanúint Fhlóndrais sa Bheilg. Is deacair a rá, cé acu teanga ar leith nó canúint Ollainnise atá sa Phléimeannais. Is é an caighdeán céanna a úsáidtear sa dá thír, cé go bhfuil an teanga labhartha an-difriúil sa Bheilg. Labhraítear an Afracáinis san Afraic Theas agus sa Namaib. Teanga í a d'fhorbair as an Ollainnis faoi bhrú theangacha eile an réigiúin - canúint a shaothraítear mar theanga ar leith inniu.

Mar oidhreacht choilíneach, tá stádas oifigiúil ag an Ollainnis in Aintillí na hÍsiltíre, in Aruba, agus i Suranam. Is mar theanga iasachta is mó a shaothraítear an Ollainnis sna tíortha seo.

Tá gaol réasúnta dlúth ag an Ollainnis leis an nGearmáinis, go háirithe leis an Íseal-Ghearmáinis, is é sin, canúint thraidisiúnta Thuaisceart na Gearmáine. Tá gramadach na hOllainnise níos simplí ná gramadach na Gearmáinise, áfach, nó tá an difríocht idir an bhaininscneach agus an fhirinscneach beagnach imithe san Ollainnis.

Dutch a thugtar ar an Ollainnis as Béarla, ainm atá an-chosúil le hainm na Gearmáinise sa Ghearmáinis féin - Deutsch. (Is é is bunbhrí leis an bhfocal ná "teanga na cosmhuintire", is é sin, caint na ndaoine - le hí a scaradh ón Laidin, teanga na naomh is na n-ollamh.) Bhí na hOllannaigh ag tabhairt an ainm chéanna - dietsduutsch - ar a dteanga féin sna Meánaoiseanna, agus le fírinne, níor aithin siad ach de réir a chéile gur dhá theanga éagsúla a bhí i gceist leis an nGearmáinis agus leis an Ollainnis.

Tugtar Sean-Ollainnis ar an gcineál Ollainnise a bhí á labhairt taobh istigh de chríocha na hOllainne agus na Beilge i dtús na Meánaoiseanna. Níl ach iarsmaí scaipthe fágtha den leagan seo den teanga. Ón 12ú go dtí an 16ú haois, bhí leaganacha éagsúla den teanga á scríobh i gcúigí éagsúla, agus iad faoi thionchar na gcanúintí réigiúnda. Thosaigh caighdeánú na teanga sa chúigiú haois déag, agus sa bhliain 1618 a tháinig an chéad Bhíobla amach sa teanga.

An Ollainis taobh amuigh don Ísiltír

Seachas na 16.7 milliún cainteoirí dúchasach san Ísiltír tá an Ollainis labhartha sa na tíortha seo a leanas

An Astráil

I 2001 bhí Ollainis an príomtheanga do 40,188 duine san Astráil.

An Bheilg

Is teanga oifigiúl í an Ollainis sa Bheilg. Is í an máthairtheanga do thart ar 55% do daonra an Bheilg. Cónaíonn cuid is mó do na cainteoirí Ollainis i Flanders (an réigiúin ina bhfuil Ollainis an máthairtheanga do fórmhór don daonra).

Ceanada

I 2011 bhí Ollainis an máthairtheanga do 110,490 duine i gCeanada shios ó 128,900 duine i 2006.

an Nua-Shéalainn

I 2013 bhí Ollainis an príomtheanga do 24,006 duine sa Nua-Shéalainn.

S.A.M.

I 2010 bhí Ollainis an príomtheanga do 136,000 duine i S.A.M..

Suranam

Is í an Ollainis an t-aon teanga oifigiúl i Suranam. Is í an máthairtheanga do thart ar 60% agus tá sí mar dara teanga ag an chuid eile don daonra. Is í an t-aon tír a labhraíonn Ollainis i Meirceá theas.

An Ollainnis
Vicipéid le fáil as An Ollainnis freisin