Jump to content

An Ghabúin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Ghabúin
République gabonaise (fr) Cuir in eagar ar Wikidata
Bratach Armas
Bratach Armas

AintiúnLa Concorde Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Union, Travail, Justice»
«Union, Work, Justice»
«Единство, труд и справедливост»
«Undeb, Gwaith, Cyfiawnder»
«Enotnost, delo, pravica» Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómóspea coat (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 1° S, 12° E / 1°S,12°E / -1; 12

PríomhchathairLibreville Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán2,025,137 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús7.57 hab./km²
DéamainmGabúnach Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid deLár na hAfraice Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla267,667 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uiscean tAigéan Atlantach Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeMont Bengoué (en) Aistrigh (1,070 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is íslean tAigéan Atlantach (0 m) Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síMiddle Congo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1960
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaispoblacht Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint na Gabúine Cuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán na Gabúine Cuir in eagar ar WikidataLéon M'ba (1961–1967) Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire na Gabúine Cuir in eagar ar WikidataRaymond Ndong Sima (2023–) Cuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil4,800,000,000 $ (2003) Cuir in eagar ar Wikidata
Airgeadrafranc CFA na hAfraice Láir Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.ga Cuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+241 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála1300, 1722 agus 18 Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreGA Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingouvernement.ga Cuir in eagar ar Wikidata

Is tír san Afraic í an Ghabúin. Is í Libreville an phríomhchathair. Is iarchoilíneacht Fhrancach í. Tá sí ag críochantacht leis an nGuine Mheánchiorclach, le Camarún agus le Poblacht an Chongó ("Congó-Brazzaville"). Bhain an tír amach a neamhspleáchas ón bhFrainc ar an 17 Lúnasa 1960, ach ní raibh ach beirt Uachtarán ag rialú na tíre ó sin i leith.

Go luath sna 1990idí, tugadh isteach bunreacht nua, agus thosaigh an daonlathas á fhorbairt sa Ghabúin. Inniu, áirítear ar ceann de na tíortha is rathúla í ar fud na hAfraice, ós rud é go bhfuil daonra réasúnta beag ann, agus an tír saibhir in acmhainní nádúrtha.

Is í an Chríostaíocht - an Caitliceachas ach go háirithe - an reiligiún is tábhachtaí sa Ghabúin, ach tá cuid mhaith Moslamaigh ann freisin, agus cleachtann cuid mhór de na Gabúnaigh anamachas chomh maith - is é sin, tugann siad adhradh do spioraid an dúlra.

Is í an Fhraincis an teanga oifigiúil, agus is féidir glacadh leis go bhfuil ceathrar as gach cúigear de mhuintir na Gabúine in ann ciall a bhaint as an teanga. Timpeall ar Libreville, is iomaí duine a labhraíonn Fraincis fiú ó dhúchas. Na teangacha eile a labhraítear sa Ghabúin, is teangacha Bantúcha iad a bhformhór. Is í an teanga Fang an ceann is tábhachtaí acu, agus í gaolmhar leis na teangacha Bulu agus Ewondo a labhraítear i ndeisceart Chamarúin.