Ayman al-Zawahiri
(2001) | |
Ainm sa teanga dhúchais | (ar) أيمن الظواهري |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (ar) أيمن مُحمَّد ربيع الظواهري 19 Meitheamh 1951 Maadi (Ríocht na hÉigipte) |
Bás | 31 Iúil 2022 71 bliana d'aois Cabúl, An Afganastáin |
Siocair bháis | Dúnbhású (Ionsaí dróin) |
2 General Emir of Al-Qaeda (en) | |
16 Meitheamh 2011 – 31 Iúil 2022 ← Osama bin Laden – Saif al-Adel → | |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Abdul Mu'iz |
Reiligiún | Ioslam |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Chaireo |
Teanga dhúchais | an Araibis |
Gníomhaíocht | |
Gairm | máinlia, ulema, ceannaire míleata |
Tréimhse oibre | 1980 – 31 Iúil 2022 |
Ball de pháirtí polaitíochta | Al-Qaeda |
Ball de | |
Gluaiseacht | Salafi jihadism (en) |
Teangacha | An Araibis, Béarla agus an Fhraincis |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Arm na hÉigipte, Egyptian Islamic Jihad (en) agus Al-Qaeda |
I gceannas ar | Al-Qaeda |
Coinbhleacht | Cogadh san Afganastáin, insurgency in Khyber Pakhtunkhwa (en) , An Cogadh in éadan na Sceimhlitheoireachta, Cogadh na Sé Lá agus Cogadh na hAfganastáine (1979-1989) |
Teaghlach | |
Siblín | Muhammad al-Zawahiri agus Hussein al-Zawahiri |
Duine muinteartha | Muḥammad al-Aḥmadī Ẓawāhirī (seanathair) Abd al-Rahman al-Maghribi (mac cleamhnais) |
Croineolaíocht | |
31 Iúil 2022 | death of Ayman al-Zawahiri (en) |
Ceannaire na heagraíochta sceimhlitheoireachta al-Qaeda, ab ea Ayman al-Zawahiri (10 Meitheamh 1951 - 31 Iúil 2022). Bhí baint mhór aige le 9/11, na hionsaithe sceimhlitheoireachta sna Stáit Aontaithe ar an 11 Meán Fómhair 2001 ar maraíodh beagnach 3,000 duine dá mbarr.[1] Bhí sé ar dhuine de na daoine a bhí freagrach as na hionsaithe buamála ar ambasáidí na Stát Aontaithe sa Chéinia agus sa Tansáin i 1998 agus ar long Mheiriceánach in Éimin in 2000.
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Máinlia de bhunadh na hÉigipte ab ea Ayman al-Zawahiri.
Bhí Zawahiri ar troigh gan tuairisc ó 2001. Bhí luach $25 milliún á thairiscint ag na Meiriceánaigh i ndíol ar fhaisnéis ina leith.[1]
Maraíodh bin Laden sa bhliain 2012. Bhí Ayman al-Zawahiri i mbun Al-Qaeda idir 2012-2022. Bhíothas riamh den tuairim go raibh sé ag cur faoi san Afganastáin nó sa Phacastáin. É sin ainneoin gur gheall an Talaban sa bhliain 2021 nach dtabharfaidís tearmann san Afganastáin do lucht al-Qaeda feasta choíche.
Feallmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 31 Iúil 2022, mharaigh na Meiriceánaigh Ayman al-Zawahiri, san Afganastáin (71 bliain d'aois ag an am). Scaoileadh dhá dhiúracán leis ó dhrón agus é ina sheasamh ar bhalcóin a árais chónaithe i bpríomhchathair na hAfganastáine Cabúl. Bhí daoine muinteartha le Zawahiri san áras cónaithe ag an am ach nár maraíodh ná nár leonadh aon duine acu mar gheall ar an ionsaí.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2022-08-02). "An sceimhlitheoir Ayman al-Zawahiri maraithe ag na Meiriceánaigh" (as ga-IE).