Jump to content

Bá (bás)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é ná bás a fháil faoi uisce (de ghnáth) de cheal aeir (plúchadh).[1]

Nuair a dhéanann uisce fuar teagmháil le craiceann, bíonn an fhreagairt don suaitheadh fuar mar bhonn le smacht a chailleadh láithreach ar análú, meadhrán agus líonrith freisin b’fhéidir. Cuireann sé seo go mór leis an riosca a bhaineann le bá tobann fiú amháin má tá an t-uisce socair agus má tá an duine in ann snámh. I gcás na ndaoine a thagann slán, ach nach bhfuil ar a gcumas teacht amach as an uisce, bíonn fuarú colainne de réir a chéile mar bhonn le hipiteirme agus fuarú matán, rud a chiallaíonn go mbíonn sé deacair nó dodhéanta fiú leanúint ar aghaidh ag snámh.[2][3]

Is féidir le snámh in uisce fuar fuarú tapa na matáin a theastaíonn chun snámh agus fanacht ar snámh. Éiríonn leanaí fuar níos tapúla ná daoine fásta.[3]

Mórthimpeall an tí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gach bliain, faigheann leanaí bás i dtimpistí bá ina dtithe féin nó in aice lena dtithe féin. Is iad leanaí is mó atá i mbaol mar go mothaíonn siad go bhfuil a dteach féin sábháilte ach is iomaí dainséar atá ann.[3]

Sruthanna cuilitheála

Sruthanna cuilitheála

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is sruthanna láidre iad cuilitheálacha[4] a thosaíonn gar don chladach agus a théann amach i dtreo na farraige go tapa, agus go tobann ní bhíonn daoine ar a gcompord san uisce, bíonn siad imithe ón uisce éadomhain agus i lár an uisce níos doimhne. Is iad na sruthanna cuilitheála an baol is mó do gach duine a thugann aghaidh ar an trá. Tá siad thar a bheith dainséarach i gcás snámhaithe laga agus neamhshnámhaithe. Go hiondúil, foirmíonn sruth cuilitheála ag spotaí nó eangphointí i nguairí, agus in aice le struchtúir cosúil le gradhana, anna agus cuanta freisin.[3]

Bá in Éirinn

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 590 duine báite in Éirinn 2017-2021, nó deichniúr ar an meán á mbáthadh sa tír gach mí, de réir thaighde foilsithe ag Sábháilteacht Uisce na hÉireann.. Anuas atá an treocht; báthadh 93 in 2022, agus 78 in 2023.[5]

Tá daoine á mbáthadh ag gach tráth den bhliain ar muir agus ar bhealaí uisce in Éirinn. Fir agus buachaillí 70% dóibh agus bhí níos mó ná leath den iomlán meánaosta, idir 40 agus 69 bliain d'aois. Cois cósta a báthadh 80% de na daoine. Ach baineann 60% den líon daoine a báthadh tré thimpiste le imeachtaí ar tír, ar nós daoine ag siúl aille nó ag siúlóireacht nó ag sealgaireacht.[6][5] Is fachtóir é alcól in aon trian de na bá.[7]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "An Foclóir Beag: bá" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2024-07-24.
  2. Citizensinformation.ie. "Beaches and coastlines" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2024-07-24.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 "SÁBHÁILTEACHT UISCE" (ga). www.gov.ie (2020-06-25). Dáta rochtana: 2024-07-24.
  4. i mBéarla, rip currents
  5. 5.0 5.1 watersafety.ie (2024). "National Drowning Report 2022 and 2023, With Rolling Report 2017 to 2021". Dáta rochtana: 2024.
  6. Nuacht RTÉ (2024-07-24). "118 duine báite in uiscí na hÉireann le 5 bhliana" (as ga-IE). 
  7. "Ní chiallaíonn aer te uisce te - Comhairle chun do riosca báite a laghdú - Comhairle Cathrach & Contae Phort Láirge" (ga) (2023-05-31). Dáta rochtana: 2024-07-24.