Cóiméad Shoemaker-Levy 9
Cóiméad Shoemaker-Levy 9 | |
---|---|
Cineál | cóiméad |
Fionnachtaí | Carolyn S. Shoemaker Eugene Merle Shoemaker David H. Levy |
Dáta fionnachtana | 24 Márta 1993, Réadlann Palomar |
Eapainm | Eugene Merle Shoemaker[1], Carolyn S. Shoemaker agus David H. Levy |
Réad tuismitheora | Iúpatar |
Sonraí fithiseacha | |
Apaipsis | 8.34903 AU |
Pearaipsis | 5.38056 AU |
Ais mhór a | 6.864795 AU |
Éalárnacht e | 0.216209 |
Claonadh i | 94.2 ° |
Dátaí pearaipsise | 24 Márta 1994 |
Saintréithe fisiceacha agus réaltmhéadracha | |
Trastomhas | 1.8 km |
Cóiméad a d'imbhuail Iúpatar i 1994. D'fhionn an réalteolaí Carolyn Shoemaker (1929-), a fear céile an réaltgheolaí Eugene Shoemaker (1928-1997), agus an réalteolaí amaitéarach David Levy (1948-) an cóiméad ag réadlann Palomar i gCalifornia i 1993. De réir dealraimh, tharla dó dul róghar d'Iúpatar ionas gur aomadh isteach go hiomlán é ag imtharraingt láidir an phláinéid, an ceann is mó i gcóras na Gréine, 12 oiread thrastomhas an Domhain is níos mó maise ann ná na pláinéid uile eile le chéile. D'imbhuail sé an pláinéad i níos mó ná 20 píosa, agus steall siad atmaisféar daite Iúpatair. Tharla sin ar an taobh thall den phláinéad uainn, ach d'éirigh le spásteileascóp Hubble íomhánna iontacha de na hionaid imbhuailte ar dhromchla Iúpatair a fháil is a chraoladh ar ais ar Domhan. Ba é an chéad uair a bhfacthas a leithéid de dhíothú cóiméid.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ URL tagartha: http://www.slate.fr/story/153233/seul-homme-enterre-lune.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cóiméad Shoemaker-Levy 9". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 595.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol réalteolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |