Claude Louis Berthollet
Ba cheimiceoir a rugadh i Saváí na Fraince ab ea Claude Louis Berthollet (9 Nollaig 1748 – 6 Samhain 1822) a bhí ina leas-uachtarán ar Sheanad na Fraince sa bhliain 1804.[1] Tá cáil air mar gheall ar a chuid oibre eolaíochta ar theoiric na cothromaíochta ceimiceacha trí mheicníocht na n-imoibrithe ceimiceacha aisiompaithe , agus mar gheall ar an méid a chuir sé le hainmníocht cheimiceach nua-aimseartha. Ar bhonn praiticiúil, ba é Berthollet an chéad duine a léirigh gníomhú tuarthach an gháis clóirín, agus ba é an chéad duine é a d'fhorbair tuaslagán de hipeaclóirít sóidiam mar tuarthóir.
Beathaisnéis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Claude Louis Berthollet i Talloires, in aice le Annecy, a bhí mar chuid de Dhiúcacht Shaváí, i 1749.
Thosaigh sé a chuid staidéir ag Chambéry agus ansin i dTorino áit ar bhain sé céim amach sa leigheas. Mar gheall ar fhorbairtí iontacha nua Bherthollet i saothair leis an gceimic, i dtréimhse ghearr ama, bhí sé ina rannpháirtí gníomhach d'Acadamh na hEolaíochta i 1780.
Cheap Berthollet, in éineacht le Antoine Lavoisier agus daoine eile, ainmníocht cheimiceach, nó córas ainmneacha, a fheidhmíonn mar bhunús don chóras nua-aimseartha chun comhdhúile ceimiceacha a ainmniú.
Rinne sé taighde freisin ar ruaimeanna agus thuarthóirí, agus é ar dtús chun úsáid an gháis clóirín a thabhairt isteach mar thuarthóirí tráchtála i 1785. Ba é an leacht a bhí mar thoradh air ná an tuaslagán lag de hipeaclóirít sóidiam, ar a dtugtar "Eau de Javel". Tháirg sé tuarthóir nua-aimseartha den chéad uair i 1789 ina shaotharlann ar an ché Javel i bPáras na Fraince, trí chlóirín a rith trí thuaslagán de charbónáit sóidiam. Rinne sé imscrúdú ar ocsaídeoir agus tuarthóir clóirín láidir eile, agus ba é an chéad duine é a tháirg an chlóráit photaisiam (KClO3), ar a dtugtar Salann Bherthollet.
Shocraigh Berthollet comhdhéanamh eiliminteach an gháis amóinia den chéad uair, i 1785.
Bhí Berthollet ar cheann de na chéad cheimiceoirí a d'aithin tréithe an imoibrithe inchúlaithe, agus dá bhrí sin, cothromaíocht cheimiceach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Po-chia Hsia, R. (2007). "The Making of the West, Peoples and Culture, A Concise History, Volume II: Since 1340". New York: Bedford/St. Martin's.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |