Cráitéar na Dreigíte
Cuma
Cráitéar imbhuailte atá 1.5 km ar leithead, gar do Flagstaff, Arizona is ea Cráitéar na Dreigíte (Béarla: Meteor Crater). Meastar gur cruthaíodh é timpeall 20,000 bliain ó shin. An geolaí Eugene Shoemaker a rinne amach a bhunús sna 1950idí, ag léiriú den chéad uair riamh tábhacht imbhuailtí dreigítí i stair is éabhlóid an Domhain is na bpláinéad. Meastar go raibh an dreigít imbhuailte timpeall 10 m ar leithead. An dreigít is mó a fuarthas ar Domhan, is dreigít iarainn í, 60 tonna meáchain, atá fós ina cráitéar sa Namaib.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cráitéar na Dreigíte". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 178.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |