Dúil Ghrúpa 4
Cuma
Is é Dúil Ghrúpa 4 an dara grúpa de mhiotail trasdula sa tábla peiriadach. Tá ceithre dúil ann, mar a leanas; tíotáiniam (Ti), siorcóiniam (Zr), haifniam (Hf), agus rutarfoirdiam (Rf). Tugtar an grúpa tíotáiniam nó an teaghlach tíotáiniam ar an ngrúpa freisin. As tíotáiniam an dúil is éadroime a baisteadh é.
Cumraíochtí na leictreon i nGrúpa 4 | |||
---|---|---|---|
Uimhir adamhach Z | Dúil | Cumraíocht Leictreon | |
22 | Ti, tíotáiniam | 2, 8, 10, 2 | [Ar] 3d2 4s2 |
40 | Zr, siorcóiniam | 2, 8, 18, 10, 2 | [Kr]; 4d2 5s2 |
72 | Hf, haifniam | 2, 8, 18, 32, 10, 2 | [Xe] 4f14 5d2 6s2 |
104 | Rf,rutarfoirdiam | 2, 8, 18, 32, 32, 10, 2 | [Rn] 5f14 6d2 7s2 |