Jump to content

Edward Carson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEdward Carson
Ríchomhairle na Ríochta Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Edward Henry Carson Cuir in eagar ar Wikidata
9 Feabhra 1854
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Deireadh Fómhair 1935
81 bliana d'aois
Oileán Thanet, England Cuir in eagar ar Wikidata
Ball den 31ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
14 Nollaig 1918 – 1 Meitheamh 1921 (appointed as a judge (en) Aistrigh)

Toghcheantar: Belfast Duncairn (en) Aistrigh

Aire gan cúram
17 Iúil 1917 – 21 Eanáir 1918
Céad Tiarna an Aimiréalachta
10 Nollaig 1916 – 17 Iúil 1917
Ceannaire an Fhreasúra
19 Deireadh Fómhair 1915 – 6 Nollaig 1916
← Andrew Bonar Law
Ard-Aighne Shasana agus na Breataine Bige
25 Bealtaine 1915 – 19 Deireadh Fómhair 1915
← John Simon, 1st Viscount Simon (en) AistrighF. E. Smith, 1st Earl of Birkenhead (en) Aistrigh →
Ball den 30ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
3 Nollaig 1910 – 25 Samhain 1918 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dublin University (en) Aistrigh

Ball den 29ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
15 Eanáir 1910 – 28 Samhain 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dublin University (en) Aistrigh

Ball den 28ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
12 Eanáir 1906 – 10 Eanáir 1910 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dublin University (en) Aistrigh

Ball de Chomhairle Dhlíthiúil na Ríochta Aontaithe
1905 –
Ball den 27ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
1 Deireadh Fómhair 1900 – 8 Eanáir 1906 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dublin University (en) Aistrigh

Ard-Aturnae Shasana agus na Breataine Bige
11 Bealtaine 1900 – 4 Nollaig 1905
← Robert Finlay, 1st Viscount Finlay (en) AistrighWilliam Robson →
Ball de Ríchomhairle na hÉireann
1896 –
Ball den 26ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
13 Iúil 1895 – 17 Meán Fómhair 1900 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dublin University (en) Aistrigh

Ball den 25ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe
4 Iúil 1892 – 8 Iúil 1895 (díscaoileadh na parlaiminte)

Toghcheantar: Dublin University (en) Aistrigh

Ard-Aturnae na hÉireann
20 Meitheamh 1892 – 11 Lúnasa 1892
← John Atkinson, Baron Atkinson (en) AistrighCharles Hemphill, 1st Baron Hemphill (en) Aistrigh →
Ball de Theach na dTiarnaí
luach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, breitheamh, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaAn Páirtí Coimeádach
Páirtí Aontachtach Uladh Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileAnnette Kirwan (1879–luach anaithnid)
Ruby Frewen (1914–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteWilliam Henry Lambert Carson
 ( Annette Kirwan)
Walter Seymour Carson
 ( Annette Kirwan)
Edward Carson
 ( Ruby Frewen) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEdward Henry Carson  agus Isabella Lambert
Croineolaíocht
1877glaodh chun an bharra air/uirthi Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Dlíodóir agus polaiteoir Aontachtach Éireannach ab ea Edward Henry Carson, an Barún Carsonan Tiarna Carson (9 Feabhra 1854 -22 Deireadh Fómhair 1935), ar dhuine de na dlíodóirí agus polaiteoirí is mó le rá a tháinig chun tosaigh in Éirinn san aois sin.[1]

Rugadh an Tiarna Edward Carson sa teach seo,4 Sráid Fhearchair,Baile Átha Cliath
Carson le John Lavery 1916

As Baile Átha Cliath ó dhúchas é. Tháinig Edward Carson chun saoil ag 4 Sráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath - díreach in aice leis an áit a bhfuil ceanncheathrú Chonradh na Gaeilge inniu. Protastúnaigh rachmasacha ab ea a mhuintir, agus a athair ina ailtire. B'as Albain do mhuintir Carson ó thús, nó tháinig seanathair Edward go hÉirinn ó Dhùn Phris sa bhliain 1815.

Fuair Edward óg a chuid oideachais i Scoil Chúil an tSúdaire, i gColáiste Wesley i mBaile Átha Cliath, agus i gColáiste na Tríonóide. Rinne sé staidéar ar an dlí, tráth ar ghlac sé páirt ghníomhach i gCumann Staire an Choláiste, agus in Óstaí an Rí ina dhiaidh sin.

Glaodh chun Bharra na hÉireann air sa bhliain 1877 agus chun an Bharra Laistigh air sa bhliain 1889. Níorbh fhada go dtí go raibh clú agus cáil mar shár-abhcóide bainte amach aige.

Chuaigh sé le polaitíocht sa bhliain 1892, nuair a ceapadh ina Ard-Aturnae d'Éirinn é, cé nach raibh sé ina Fheisire.

1919

Fuair sé cead abhcóideachta i Sasana sa bhliain 1893, agus as sin amach, b'i Londain ba mhó a bhí sé ag cleachtadh a cheirde.

Bhí Carson ina Aturnae Ginearálta ar Shasana agus an Bhreatain Bheag ó 7 Bealtaine 1900 go 1905 agus ina Ard-Aighne ar Shasana agus an Bhreatain Bheag sa bhliain 1915. D'fhan sé san oifig seo go dtí gur scoireadh an rialtas Coimeádach. Ansin, rinneadh rí chomhairleoir de.

Bhí sé ina Cheannaire ar an bhFreasúra idir 1915 agus 1916 agus ina bhall den Chomh-Aireacht Cogaidh idir 1916 agus 1918 (mar Chéad-Tiarna na hAimiréalachta ar feadh na gcéad ocht mí den tréimhse sin.)

In olltoghchán na bliana céanna, áfach, vótáladh isteach é mar Aontachtóir i ndáilcheantar na hOllscoile in Éirinn, cé gurbh iad na Liobrálaigh a ghnóthaigh an toghchán.

Cuimhnítear ar Carson mar dhlíodóir go háirithe mar gheall ar an gcroscheistiú a rinne sé ar Oscar Wilde sa chás a thug an scríbhneoir in aghaidh Mharcas Queensberry, i dtaobh leabhail choiriúil agus mar gheall ar an toradh rathúil a bhain sé thar ceann an dalta óg cabhlaigh Archer-Shee (cás a spreag Terence Rattigan chun an dráma 𝙏𝙝𝙚 𝙒𝙞𝙣𝙨𝙡𝙤𝙬 𝘽𝙤𝙮 a scríobh.)

Sa bhliain 1895, bhí Carson ina dhlíodóir ag an Marcas Queensberry. Bhí Carson agus Wilde i gColáiste na Tríonóide san am céanna, agus iompairc phearsanta de chineál éigin eatarthu. Nuair a chuala Wilde cé a bheadh mar chéile comhraic aige, dúirt sé: Beidh sé ag coinneáil leis an gcúram chomh binbeach le haon seanchara. Ba mhór an seó a rinne Carson agus Wilde den phróis, ó bhí deis a labhartha ag an mbeirt acu.

Cuimhneachán, Stormont, Béal Feirste

Sa pholaitíocht bhí sé chun tosaigh i measc aontachtaithe na hÉireann, go háirithe nuair a bhí dream Uladh ag cur in aghaidh Rialtas Dúchais na hÉireann. Bhí sé ina Fheisire ar son Ollscoil Bhaile Átha Cliath ó 1892 go 1921

Bhí Carson ina Cheannaire ar na hAontachtaithe sa dá chuid den tír ó 1910 go 1921.

Ar an 21 Feabhra 1910 d’éirigh Edward Carson ina cheannaire ar na hAontachtóirí. Ní hamháin go raibh sé ag cur in aghaidh an Rialtas Dúchais, thairis sin theastaigh uaidh gach iarraidh chun críochdheighilt a chur i bhfeidhm ar Éirinn a stopadh.

D'áitigh Edward Carson ar James Craig, an chéad Phríomh-Aire ar Thuaisceart Éireann. Ar an 4 Feabhra 1921 d'éirigh sé as an bpost mar cheannaire ar na hAontachtóirí. Bhí Carson ag an am sin féachaint chuige go bhfaigheadh na Caitlicigh thuaidh cothrom na Féinne ó rialtas an stáit nua, ionas nach gcuirfidís síocháin na sochaí ó mhaith.

Deireadh a shaol

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh Carson as an pholaitíocht i mí Deireadh Fómhair 1929. Rinneadh Tiarna na nAchomhrac (Barún Carson Dhún Cairn) de sa bhliain 1921 agus d'éirigh sé as ocht mbliana ina dhiaidh sin.

Bronnadh sochraid stáit air i ndiaidh a bháis i mBéal Feirste i nDeireadh Fómhair 1935.

  1. Scoil Dlí, COBÁC. "Edward Carson" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-10-22.