Ar an aonú lá déag den Bhealtaine, 1860, chuaigh Garibaldi agus a chuid óglach i dtír sa tSicil. Míle seachtar fear agus trí scór a bhí aige leis, agus is gnách "feachtas na míle" a thabhairt ar an ngabháltas a rinne sé ar an oileán.
Ghair Garibaldi deachtóir de féin agus shealbhaigh sé an tSicil ar fad, agus ansin, chuaigh sé chun cogaidh in aghaidh rítheaghlach Bourbon a bhí ag rialú Ríocht an Dá Shicil. Ar an seachtú lá de Mhí Mheán Fómhair sa bhliain 1860, d'fhorghabh díormaí Garibaldi cathairNapoli, príomhchathair Ríocht an Dá Shicil, agus ruaigeadh curtha acu ar Phroinsias a Dó, rí deireanach na ríochta sin.
I Mí na Samhna 1860, tháinig arm na Sairdíne, agus é faoi cheannas pearsanta an Rí Vittorio Emanuele féin, in araicis Garibaldi. D'éirigh Garibaldi as an deachtóireacht, nó níor theastaigh uaidh cath a chur ar an Rí, go háirithe nuair a thaispeáin reifreann sa tSicil go raibh na Siciligh sásta glacadh le forlámhas na Sairdíne/Piemonte ar an oileán.
Sa bhliain 1867, d'fhill Giuseppe Garibaldi ar shaol polaitiúil na hIodáile, agus mar ba dual don tseansaighdiúir, d'fhruiligh sé slua mór d'óglaigh leis na Stáit Phápacha a ionsaí.
D’éag Garibaldi ar an 2 Meitheamh 1882, ina bhaile féin ar oileán Caprera, in aois 75 dó.
Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Is síol faoin Iodáil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.