Iarmhairt Zeeman
Cuma
Scoilteadh speictreamlínte adaimh atá ag astú solais i réimse maighnéadach. D'fhionn an fisiceoir Ollannach Pieter Zeeman (1865-1943) an feiniméan i 1897 i Leyden na hOllainne. Braitheann sí ar imoibriú na leictreon i bhfithiseáin sheachtracha an adaimh leis an réimse. Thug sí léargas ar nádúr candamach an leictreoin, chabhraigh le tuiscint ar struchtúr an adaimh a chur chun cinn, agus thug tacaíocht do choincheap ghuairne an leictreoin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Iarmhairt Zeeman". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 710.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |