Logartam
Cuma
Cumhacht n ar gá uimhir a a ardú chun a bheith cothrom le huimhir eile, b. Is é sin, is é logartam b don bhun a ná an = b → loga b = n. Mar shampla, de bhrí gur 102 = 100, log10 100 = 2. Ón sainmhíniú seo, is léir gur inbhéarta ar an bhfeidhm easpónantúil an fheidhm logartamach. Is féidir airíonna na feidhme logartamaí a dhíorthú ó dhlí na séan. Ina measc tá log (a b) = log a + log b, agus log (a/b) = log a–log b. Bunaithe ar na hairíonna seo, baineadh úsáid fhorleathan as logartaim chun áireamh a dhéanamh roimh theacht chun cinn na ríomhairí. Tugtar logartaim nádúrtha nó logartaim Napier ar logartaim ar bhonn e, agus úsáidtear an tsiombail ln dóibh. Úsáidtear an tsiombail lg do logartaim ar bhonn 10.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Logartam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 415.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |