Maolú an Athraithe Aeráide
Déantar maolú an athraithe aeráide trí shrian a chur leis an téamh domhanda agus lena thoradh. Ni mór astaíochtaí daonna gás ceaptha teasa a laghdú agus a gcarnadh san atmaisféar a laghdú chomh maith.[1]
Déantar 89% d’astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin agus 68% d’astaíochtaí gás ceaptha teasa de thoradh dóchán breosla iontaise.[2] Is é an cuspóir is tábhachtaí fáil réidh le gual, le hola agus le gás agus foinsí fuinnimh ghlan a chur ina n-áit. Tá cumhacht ghaoithe agus fótavoltachas gréine ag éirí i bhfad níos saoire anois ná gual, ola agus gás,[3] cé go bhfuil gá le stóráil fuinnimh agus eangach fheabhsaithe leictreachais. Nuair a úsáidfear fuinneamh ar bheagán astaíochtaí ar mhórscála, is féidir leas a bhaint as i gcomhair iompair agus téimh, ó fhoinsí leictreachais den chuid is mó.[4]
Ina theannta sin, is féidir an t-athrú aeráide a mhaolú trí athrú a dhéanamh ar thalmhaíocht, athfhoraoisiú, caomhnú foraoise agus cartadh bruscair.[5] Is féidir astaíochtaí meiteáin a mhaolú tríd an méid eallaigh agus itheachán feola a laghdú, ó tá tionchar géar gearrthéarmach ag na hastaíochtaí sin.
Is féidir feidhm a bhaint as bearta polaitiúla agus eacnamaíocha, leithéidí cánacha carbóin agus praghsáil astaíochtaí eile, fóirdheontais bhreosla iontaise a chealú, rialacha simplithe i gcomhair úsáid fuinnimh ar bheagán carbóin, agus dífheistiú i maoiniú breosla iontaise.
Glacann beagnach gach tír páirt i gCoinbhinsiún Creatlaí na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide (CCNAAA/UNFCCC)[6][7] Is é aidhm an CCNAAA gáis ceaptha teasa san atmaisféar a choinneáil ag leibhéal a choiscfeadh ar dhaoine córas na haeráide a chur i mbaol.[8]
In 2010, d’aontaigh páirtithe sa CCNAAA gur chóir an téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 2˚ C le hais an leibhéil réamhthionsclaígh.[9] Dheimhnigh Comhaontú Phárás é sin in 2015.[10]
Sa Tuarascáil Speisialta ar Théamh Domhanda 1.5° C, chuir an Painéal Idir-Rialtais ar Athrú Aeráide béim ar na buntáistí a bhaineann leis an téamh domhanda a choinneáil faoi bhun an leibhéil sin.[11] Chun astaíochtaí a laghdú gan an cuspóir a shárú mórán, b’éigean athrú mór scioptha a dhéanamh ar fhuinneamh, talamh, bonneagar cathrach amhail iompar agus foirgnimh, agus córais thionsclaíocha.[12] Má tá an méadú teochta le coinneáil mar 1.5° C faoi 2100 i ndiaidh sárú gearr, caithfear feidhm mhór a bhaint as glanadh dé-ocsaíde carbóin, rud nach léir cén toradh a bheadh air agus a bhfuil contúirt ag gabháil leis.[13]
Níl an méid astaíochtaí atá ann anois ag teacht leis an téamh domhanda a choinneáil faoi 1.5 or 2° C, cé go rachadh an teorainn sin chun sochair do gheilleagair an domhain agus go háirithe do na tíortha is mó a chuireann astaíochtaí amach amhail an India agus an Sín.[14][15]
Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ IPCC AR5 WG3 2014, p. vii
- ↑ Olivier & Peters 2020, p. 12
- ↑ "Falling Renewable Power Costs Open Door to Greater Climate Ambition".
- ↑ Ram et al. 2019, p. 1
- ↑ IPCC AR4 WG3 SPM 2007, p. 10
- ↑ United Nations Framework Convention on Climate Change
- ↑ "Introduction to the Convention".
- ↑ "Full Text of the Convention, Article 2: Objectives".
- ↑ "Report of the Conference of the Parties on its sixteenth session, held in Cancun from 29 November to 10 December 2010. Addendum. Part two: Action taken by the Conference of the Parties at its sixteenth session"., p. 3, paragraph 4. Document available in UN languages and text format.
- ↑ "Paris Agreement".
- ↑ IPCC SR15 Technical Summary 2018, p. 31
- ↑ IPCC SR15 SPM 2018, p. 15
- ↑ IPCC SR15 Technical Summary 2018, p. 33
- ↑ "UN calls for push to cut greenhouse gas levels to avoid climate chaos".
- ↑ "Cut Global Emissions by 7.6 Percent Every Year for Next Decade to Meet 1.5°C Paris Target – UN Report".