Nicolas Bourbaki
Cuma
Ainm cleite ar ghrúpa matamaiticeoirí Francacha den chuid is mó: Henri Cartan (1904-2008), Claude Chevalley (1909-1984), Jean Dieudonné (1906-1992), André Weil (1906-1998) is eile. Chinneadar sna 1930idí tráchtas ar ghlanmhatamaitic a scríobh a leagfadh an t-ábhar amach go cruinn loighciúil ó na bunphrionsabail. Thosaigh foilsiú Eléments de Mathématique (Uraiceacht na Matamaitice) i 1939 agus lean ar aghaidh go dtí na 1980idí.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Nicolas Bourbaki". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 86.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |