Oileán Cheap Bhreatainn
Cuma
Oileán Cheap Bhreatainn | ||||
---|---|---|---|---|
Unama'ki (mic) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Ceanada | |||
Cúige Cheanada | Albain Nua | |||
Príomhchathair | Baile Shidni | |||
Daonra | ||||
Iomlán | 132,010 (2016) | |||
• Dlús | 12.8 hab./km² | |||
Tíreolaíocht | ||||
Achar dromchla | 10,311 km² | |||
Tomhas | 114 km () × 180 km () default | |||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | |||
Airde | 532 m | |||
Pointe is airde | White Hill (en) (532 m) | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama |
Is oileán é Ceap Breatainn atá suite amach ó chósta thoir Cheanada (Albain Nua). Tá cultúr suntasach Gaelach ar an oileán, go mór mór cultúr Ghàidhlig na hAlban. Ba í an Ghàidhlig phríomhtheanga na háite anuas go dtí caoga bliain ó shin, b'fhéidir, ach nuair a mheath na seanslite maireachtála, dála na hiascaireachta agus na foraoiseachta, thosaigh muintir na háite ag tabhairt a n-aghaidhe ar na bailte móra. De réir a chéile, mar sin, tháinig laghdú ar an líon daoine i gCeap Breatainn a raibh Gàidhlig ó dhúchas acu.
Mar sin féin, níl an cultúr ar an dé deiridh fós. Tá an teanga á labhairt ag cuid de mhuintir na háite agus tá ceol na nGàidheal go háirithe le blaiseadh ann.
Luann Vicipéid Ghaeilge na hAlban na háiteanna seo ar an oileán:
- Aiseag Mhira (Droichead Albert)
- Bàgh a' Chaisteil
- Am Bàgh an Ear
- Baghasdail
- Baile Shidni
- Am Bàr (Sidni-a-Tuath)
- Beinn Eòin
- Camas an Dobhrain (Cuas Béabhar)
- An Caolas Mór (An Caol Mór)
- Drochaid Mhira
- Eilein na Nollaig
- Glasbaidh
- Mèinnean Shidhi
- A' Mhira Mhòr
- Pòn na Maiseadh (Lochán Beanacadie)
- Am Pòn Mór (An Lochán Mór)
- Cùil an t-Sìmileir
- Hogamah (Whycocomagh)
- Màbu (Mabou)
- Siudag (Judique)
- Creignis (Creignish)
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoi thíreolaíocht Cheanada é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |