Poirceallán
Is é is poirceallán ann ábhar ceirmeach crua gloiniúil tréshoilseach, i gcodarsnacht le potaireacht atá teimhneach póiriúil. Bíonn cré Shíneach is cloch Shíneach ann, agus tugtar tine dó ag teocht 1,200-1,350 °C (ní bhíonn cloch Shíneach i bpotaireacht, agus tugtar tine di sin ag teocht níos lú ná 1,200 °C). Rinneadh den chéad uair é sa tSín idir an 7ú is an 10ú céad nuair a thosaigh táirgeadh na n-earraí cáiliúla, séadghlasa ceileadain. Sa 10ú-13ú céad táirgeadh ar a laghad 9 n-athraitheach suntasach. Ón 14ú céad tháinig sé go hiarthar na hEorpa, agus measadh go raibh sé an-luachmhar. Rinne monarcha na Medici i bhFlórans na hIodáile an chéad iarracht poirceallán a dhéanamh san Eoraip sna 1570idí, ach níor éirigh rómhaith léi. Go luath san 18ú céad bhí rath ar iarracht Meißen sa Ghearmáin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Poirceallán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 529.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |