Spike Milligan
(2019) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Terence Alan Milligan 16 Aibreán 1918 Ahmednagar, An India |
Bás | 27 Feabhra 2002 83 bliana d'aois Rye, England |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Cliseadh duán) |
Áit adhlactha | Eaglais Naomh Tomás, Mairtíreach |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Aisteoireacht agus litríocht |
Gairm | scríbhneoir scripte, file, aisteoir, ceoltóir, aisteoir teilifíse, aisteoir scannáin, iriseoir, aisteoir stáitse, scríbhneoir, fuirseoir, drámadóir |
Tréimhse oibre | 1951 – 2002 |
Fostóir | BBC |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Céim mhíleata | buamardaí |
Coinbhleacht | An Dara Cogadh Domhanda |
Gradam a fuarthas | |
Ainmnithe do
| |
|
Fuirseoir, scríbhneoir agus ceoltóir ab ea Terence Alan “Spike” Milligan (16 Aibreán 1918 – 27 Feabhra 2002). Rugadh Milligan san India, mac le hathair as Sligeach, Poblacht na hÉireann, agus mar thoradh ba shaoránach Éireannach é. Throid sé i gcoinne Arm na Gearmáine sa Dara Cogadh Domhanda agus scríobh sé a chuimhní cinn sa tsraith leabhar, The War (and Peace) Memoirs.
B'é Milligan an príomhscríbhneoir agus aisteoir ar an gclár raidió BBC, The Goon Show, a bhí an-chlúiteach ó na 1950idí go dtí an lá atá inniu ann agus sa chlár teilifís BBC, Q....
B'é Spike an tráchtaire sa chlár beochana, Wolves Witches and Giants ar ITV sa 1990idí. Scríobhadh “Dúirt mé leat go raibh mé breoite” as Gaeilge ar a leac uaighe i Sasana,[1] mar ní raibh cead ag a chlann ón easpag an fheartlaoi sin a scríobh as Béarla. Nuair a fuair a bhean chéile bás in 2011, cuireadh inscríbhinn nua ar an leac uaighe, ach fágadh an focal “raibh” ar lár, agus is í “Dúirt mé leat go mé breoite” (sic) anois.[2]
-
Fíor 1: Leac uaighe Spike Milligan, 2008
-
Fíor 2: Leac uaighe Spike Milligan, 2019, le botún sa Ghaeilge
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |