Jump to content

Teileachumarsáid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is teileachumarsáid[1] ann ná cumarsáid trí chábla nó trí raidió. Tá an tIdirlíon ar na samplaí is suntasaí den teileachumarsáid phoiblí, agus é ag iompar glaonna gutháin chomh maith le sonraí ríomhaireachta.

Tá idir theileachumarsáid analógach agus theileachumarsáid digiteach ann.

Úsáidtear an téarma "an míle deiridh" i ngeall ar an gcóras analógach, téarma a bhaineann leis an gcuid den chóras atá ina nasc idir an malartán agus an custaiméir. Iompraíonn an chuid dhigiteach na milliúin glaoch agus sonraí.

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): teileachumarsáid” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-10-20.