Toni Morrison
Scríbhneoir, ollamh litríochta agus duine d’fhathaigh litríocht Mheiriceá ab ea Toni Morrison, nó Chloe Ardelia Wofford mar atá a hainm scríte ar a teastas breithe. Rugadh í ar an 18 Feabhra 1931 i mbaile beag darb ainm Lorain, Ohio. Fuair sí bás ar 5 Lúnasa 2019.
Bhain Morrison cáil amach mar gheall ar liriciúlacht a saothar agus í ag cur síos go macánta ar uafás na sclábhaíochta agus ar stair na nAfracach Meiriceánach.[1]
Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]An chéad leabhar ar fhoilsigh sí ná The Bluest Eye (1970).
Ba é Song of Solomon, úrscéal staire a foilsíodh i 1977, a tharraing aird an tsaoil mhóir ar Morrison.[1]
Is dóigh gurb é Beloved] (1987), úrscéal ar a bronnadh Duais Pulitzer agus an American Book Prize sa bhliain 1988, an saothar is iomráití dá cuid, ar an saothar léi is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an bpobal.
11 úrscéal ar fad a scríobh sí agus ba é God Help the Child an ceann deireanach acu.
Duaiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1993.[2] Ba í an t-ochtú bean a bronnadh an duais seo uirthi.[3] Nuair a bhuaigh sí an duais, dúirt na moltóirí gur mhian le Morrison “dul go domhain sa teanga agus í a shaoradh ó laincisí cine”. Ina hóráid Nobel, thagair Morrison féin do thábhacht na teanga sa saol chomh maith.[1]
Chomh maith leis an duais Nobel, b’iomaí duais agus gradam eile a tugadh do Morrison, ina measc an gradam National Book Circle, céimeanna oinigh ó olscoileanna Oxford, Harvard agus na Ginéive, Légion d’Honneur na Fraince agus Bonn Saoirse an Uachtaráin a bhronn Barack Obama uirthi.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 "Toni Morrison, an chéad bhean dhubh a bhuaigh duais Nobel na litríochta, ar shlí na fírinne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-25.
- ↑ "The Nobel Prize in Literature 1993" (en-US). NobelPrize.org. Dáta rochtana: 2022-05-25.
- ↑ "Female Nobel Prize Laureates". www.almaz.com. Dáta rochtana: 2022-05-25.