Vallabhbhai Patel
Dlíodóir agus polaiteoir de chuid na hIndia ab ea Vallabhbhai Jhaverbhai Patel (Gúisearáitis: [ʋəlːəbːʰɑi dʒʰəʋeɾbʰɑi pəʈel]; pə-TEL; 31 Deireadh Fómhair 1875 – 15 Nollaig 1950). Tugadh Sardar (nó Taoiseach) air mar leasainm.
Duine de na náisiúnaithe agus polaiteoirí is mó le rá lena linn ba ea é. Rinne Narendra Modi dia beag de sna 2010idí, agus tógadh an dealbh is mó ar domhan de, 'Dealbh an Aontais', in Gujarat,[1] a osclaíodh ar 31 D.F. 2018
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'éirigh go maith le Sardar mar dhlíodóir ar feadh roinnt mhaith blianta.
Rinneadh ceannaire de chuid Chomhdháil Náisiúnta na hIndia de sa bhliain 1931. Bhí Sardar ar na cosantóirí ba dhílse a bhí ag Gandhi le linn feachtas, cosúil leis na gluaiseachtaí um an Neamh-chomhoibriú agus "Scoir an India".[2]
I ndiaidh an neamhspleáchais, bhí páirt lárnach ag Sandar i ndréachtú Bhunreacht na hIndia.
Mar Aire Gnóthaí Baile agus an Leas-Phríomh-Aire ón mbliain 1947 go dtí gur éag sé, bhí páirt lárnach aige i lánpháirtiú na stát "prionsúil" (Gujarat, Bhopal, Cochin srl) isteach in Aontas na hIndia agus i bhforbairt sheirbhísí náisiúnta le haghaidh an riaracháin agus na póilíneachta agus páirteanna eile den stát.[2]
Bhuail taom croí é ar 15 Nollaig 1950, in aois 75 dó.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Statue of Unity" (as en) (2022-12-07). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 UCD Sutherland School of Law (2019). "Vallabhbhai Jhaverbhai (1875-1950)" (ga-IE). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2022-12-11.