Jump to content

William Rowan Hamilton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaSir Cuir in eagar ar Wikidata
William Rowan Hamilton

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Lúnasa 1805
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Bás2 Meán Fómhair 1865
60 bliana d'aois
Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Chnocán Iaróm Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scoil Westminster
Ollscoil Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúilBaitsiléir Ealaíon
Máistreacht sna hEalaíona
Gníomhaíocht
Réimse oibreMatamaitic, meicnic, réalteolaíocht, fisic, fisic mhatamaiticiúil, optaic agus ceathairnín
Gairmmatamaiticeoir, acadóir, múinteoir ollscoile, réalteolaí, fisiceoir, fisiceoir teoiriciúil Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidJohn Brinkley
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileHelen Maria Bayly Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteWilliam Edwin Hamilton Cuir in eagar ar Wikidata
AthairArchibald Rowan-Hamilton
Gradam a fuarthas

Ba mhatamaiticeoir, fisiceor agus réalteolaí Éireannach é Sir William Rowan Hamilton (4 Lúnasa, 18052 Meán Fómhair, 1865). Rinne sé saothar i bhfisic theoiriciúil maidir le hoptaic is meicnic, agus sa mhatamaitic. Chuir Hamilton go mór le forbairt na hoptaice, na dinimice agus an ailgéabair. Réamhinis sé athraonadh solais i gcriostail, rud a dhearbhaigh turgnaimh níos déanaí. Baintear feidhm as graif Hamilton sa mhatamaitic scoite nua-aoiseach, go hiondúil. Ceapadh ar an gcéad fho-bhall d'Acadamh Náisiúnta Eolaíochtaí Mheiriceá i 1863, mar an eolaí beo ba mhó. Bhí sé ina cheannasaí i Réadlann Dhún Since ar feadh tamaill[1].

Is é fionnachtain an cheathairnín a thug clú agus cáil dó. San ailgéabar teibí a saothraíodh sa 19ú-20ú céad, sainmhínítear oibrithe eile, mar shampla ailgéabar nach bhfeidhmeodh an dlí cómhalartach ann, is é sin nach ionann AoB is BoA, ina seasann "o" don oibriú.

Ceannródaí i saothrú ailgéabar mar seo ab ea William Rowan Hamilton a d'fhorbair teoiric na gceathaimíon[2]. Baintear feidhm as matamaitic thacar veicteoirí a bhfuil uimhreacha samhailteacha iontu inniu i ngrafaicí tríthoiseacha i ríomhairí is córais stiúrtha spásárthach.

Níos déanaí chuir an obair a rinne Hamilton le dinimic go mór le forbairt na Meicnice Candamaí, réimse ina a bhfuil an coincheap bunúsach Hamiltonian ainmnithe in ómós dó.

Dúradh gur thaispeáin Hamilton a thallann agus a chlisteacht nuair a bhí sé an-óg. Dúirt an réalteolaí Ardeaspaig Dr. John Brinkley sa bhliain 1823 faoi Hamilton a bhí 18 bliain d'aois:

"Ní deirim go mbeidh an fear óg seo, ach go bhfuil sé, an céad matamaiticeoir den aois seo"
  1. Matt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011), p334
  2. Matt Hussey, Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011), p18