Jump to content

Scolóis: Difríocht idir leaganacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Content deleted Content added
Líne 198: Líne 198:
* '''Teanntáin Lúbthachta Charleston'''
* '''Teanntáin Lúbthachta Charleston'''


Is teanntáin lúbthachta Charleston an teanntáin is coitianta a chaitear san oíche. Tá an teanntán saindhéanta ag brath ar cásálach a thógtar ó chabhail an t-othar. Nuair atá an cásálach déanta, cuirtear fórsaí ceartúcháin leis an teanntán bunaithe ar an eolas atá ar fáil ar íomhá x-gha an dromlach. Caitear teanntáin lúbthachta Charleston agus an t-othar ina luí síos ar a dhroim, ní nuair atá siad ina shuí agus ag bogadh thart. <ref name=":13" /> Tá sé ríthábhachtach go gcaitheann an t-othar an teanntán ocht go deich n-uaire an chloig achan oíche, seacht n-oíche na seachtaine, go dtí go mbaineann siad aibíocht an chnámharlaigh amach. Tabharfaidh x-gha le hinse an phointe ina mbíonn aibíocht an chnámharlaigh bainte amach ag an othar agus mura bhfuil acu an teanntán a chaitheamh níos mó. <ref>{{Lua idirlín|url=https://cbb.org/you-your-bending-brace/|teideal=The Charleston Bending Brace {{!}} You & Your Bending Brace|language=en-US|dátarochtana=2020-04-24}}</ref>[[Íomhá:Scoliosis patient in cheneau brace correcting from 56 to 27 deg.png|mion|406x406px|Teanntán scolóise a oibríonn leis an chuar a cheartú agus a mhoillíonn dul chun cinn an cuar.]]
* Is teanntáin lúbthachta Charleston an teanntáin is coitianta a chaitear san oíche. Tá an teanntán saindhéanta ag brath ar cásálach a thógtar ó chabhail an t-othar. Nuair atá an cásálach déanta, cuirtear fórsaí ceartúcháin leis an teanntán bunaithe ar an eolas atá ar fáil ar íomhá x-gha an dromlach. Caitear teanntáin lúbthachta Charleston agus an t-othar ina luí síos ar a dhroim, ní nuair atá siad ina shuí agus ag bogadh thart. <ref name=":13" /> Tá sé ríthábhachtach go gcaitheann an t-othar an teanntán ocht go deich n-uaire an chloig achan oíche, seacht n-oíche na seachtaine, go dtí go mbaineann siad aibíocht an chnámharlaigh amach. Tabharfaidh x-gha le hinse an phointe ina mbíonn aibíocht an chnámharlaigh bainte amach ag an othar agus mura bhfuil acu an teanntán a chaitheamh níos mó. <ref>{{Lua idirlín|url=https://cbb.org/you-your-bending-brace/|teideal=The Charleston Bending Brace {{!}} You & Your Bending Brace|language=en-US|dátarochtana=2020-04-24}}</ref>[[Íomhá:Scoliosis patient in cheneau brace correcting from 56 to 27 deg.png|mion|406x406px|Teanntán scolóise a oibríonn leis an chuar a cheartú agus a mhoillíonn dul chun cinn an cuar.]]
<br />
<br />


=== Dul faoi scian ===
=== Dul faoi scian ===
[[Íomhá:Amanda-Scoliosis (Post-operative).png|mion|269x269px|X-gha don chuar ceartaithe le slat iarann ar dhá thaobh den dromlach i ndiaidh máinliacht droma.]]
[[Íomhá:Amanda-Scoliosis (Post-operative).png|mion|269x269px|X-gha don chuar ceartaithe le slat iarann ar dhá thaobh den dromlach i ndiaidh máinliacht droma.]]
Molann [[Ortaipéide|ortaipéidí]] go minic do dhaoine dul faoi scian shíleann siad go bhfuil dealramh ard i gceist maidir le dul chun cinn an cuar (msh., níos airde na 45<sup>o</sup> go 50<sup>o</sup> ar mhéid), i gcuair a bheadh doghlachta go cosmaideach mar dhuine fásta, cuair i ndaoine le [[spina bifida]] agus [[pairilis cheirbreach]] a chuireann isteach ar an duine agus iad ina [[Suíochán|suí]] agus ag cúram, agus i gcuair a chuireann isteach ar fheidhmeanna fiseolaíocht mar shampla ag [[análú]].<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.webmd.com/back-pain/treatment-for-scoliosis|teideal=Scoliosis Treatment|language=en|work=WebMD|dátarochtana=2020-03-21}}</ref>
Molann máinlianna scolóis d'othair ina bhfuil cuair throm de 45-50 céim níos airde acu dhul faoi scian leis an chuar a mhaolú agus leis an dhul chun cinn a chosc. Is comhtháthú dromlaigh a thugtar ar an mháinliacht le scolóis a cheartú. Is é an aidhm bhunúsach a bhíonn i gceist nó an veirteabra a chur ar ais ina háit agus a chomhtháthú le chéile sa dóigh agus go mbeidh sé ábalta cneasú isteach i gcnámh dhaingean amháin. Leis na huirlisí agus an teicneolaíocht atá ar fáil sa atá inniu ann, máinlianna scolóis ábalta an cuar a fheabhsú go suntasach.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.orthoinfo.org/en/treatment/surgical-treatment-for-scoliosis/|teideal=Surgical Treatment for Scoliosis - OrthoInfo - AAOS|work=www.orthoinfo.org|dátarochtana=2020-04-24}}</ref>


Déanann [[máinlia]] atá oiliúint speisialaithe acu ar obráid droma an dualgas a chomhlíonadh. Go hiondúil, tá sé dodhéanta an dromlach a dhíriú go hiomlán, ach den chuid is mó, bíonn ceartúcháin suntasach bainte amach.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Advances in therapeutic engineering|url=https://www.worldcat.org/oclc/826025614|publisher=CRC Press|date=2013|location=Boca Raton|oclc=826025614|coauthors=Yu, Wenwei, 1967-}}</ref>


Bíonn trí sprioc de ghnáth ag baint le máinliacht scolóis:
An dá príomh chineál mháinliacht atá ar fáil nó:


<br />
·      Comhtháthú tosaigh: Déantar an cur chuige máinliachta seo tríd gearradh ar thaobh balla an chliabhraigh


* '''Dul chun cinn an cuar a chosc'''
·      Comhtháthú cúil: Déantar an cur chuige máinliachta seo tríd gearradh ar an droim agus baintear úsáid as gléasanna [[Miotal|mhiotal]] leis an chuar a cheartú.


Go hiondúil, teastaíonn ar othar scolóis dul faoi scian de bharr dhul in olcais cuair an dromlaigh. Mar sin, ba chóir do mháinliacht scolóis ar a laghad dul chun cinn an cuar a chosc.
Uaireanta, bíonn ar an dá mhodh máinliachta a bheith ar iarraidh. Is féidir leis an mháinliacht a bheith déanta i gcéim amháin nó dhá chéim agus, de ghnáth glacann sé ceithre go hocht [[Uair|n-uaire]] an [[Clog|chloig]].

* '''An mhíchuma a laghdú'''

Ag brath ar an mhéid solúbthacht atá go fóill sa dromlach, is féidir le máinliacht scolóis an casadh mínormalach a athchasadh agus an cuar cliathánach a cheartú suas le 50% go 70%. Is féidir leis na hathruithe seo cuidiú leis an duine seasamh díreach agus cruit na heasnacha sa droim a laghdú.

* '''Cothromaíocht an stoc a choinneáil'''

Maidir le hathruithe ar bith a bheadh déanta ar shuíomh an dromlach, tógfaidh an máinlia cothromaíocht iomlán an stoc san áireamh tré an méid is mó den chuar nádúrtha i dtosach agus i gcúl an dromlach a choinneáil. Déanfaidh an máinlia na cromáin agus na cosa a choinneáil chomh cothrom agus atá siad ábalta.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.spine-health.com/conditions/scoliosis/scoliosis-surgery|teideal=Scoliosis Surgery|údar=Ali Baaj MD|language=en|work=Spine-health|dátarochtana=2020-04-24}}</ref>


I gcomhtháthú dromlaigh, ceanglaítear slat iarann ar dhá thaobh an dromlach agus scriú agus boltaí lena slat iarann a cheangail don dromlach leis an dromlach a dhíriú. Cuirtear píosaí beaga de chnámh, darbh ainm nódaigh ar bharr an dromlach. Go minic glactar na nódaigh ó pheilbheas an t-othar. Fásfaidh na nódaigh le chéile le cnámh an dromlaigh, a chuideoidh é a chomhtháthú isteach ina shuíomh ceart. Is máinliacht mhór atá i gceist le comhtháthú dromlaigh agus glacann sé suas le hocht n-uaire an chloig.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.uofmhealth.org/health-library/hw62352|teideal=Spinal Fusion for Scoliosis {{!}} Michigan Medicine|work=www.uofmhealth.org|dátarochtana=2020-04-24}}</ref> Go hiondúil, tá sé dodhéanta an dromlach a dhíriú go hiomlán, ach den chuid is mó, bíonn ceartúcháin suntasach bainte amach.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Advances in therapeutic engineering|url=https://www.worldcat.org/oclc/826025614|publisher=CRC Press|date=2013|location=Boca Raton|oclc=826025614|coauthors=Yu, Wenwei, 1967-}}</ref>

<br />


== An tSochaí agus An Cultúr ==
== An tSochaí agus An Cultúr ==

Leagan ó 15:08, 24 Aibreán 2020

Íomhá bheo do dhromlach le scolóis
Scolóis
Speisialtacht Ortaipéidic
Siomptóim Cuar cliathánach i láthair sa dromlach
Gnáth tréimhse tús 10 - 18 bliana d'aois
Fachtóir riosca Stair theaghlaigh, Pairilis Cheirbreach,

Siondróm Marfan, Siada cosúil le

néaraifiobrómatóis.

Mhodh diagnóiseach X-ghathach
Cóireáil Monatóireacht dhlúth, teanntáin, aclaíochta, máinliacht
Minicíocht 0.5% go 10%

Déanann an téarma Scolóis cur síos ar chuar cliathánach an dromlaigh a bhíonn níos mó ná 10 gcéim.[1][2] Tagann an téarma ón fhocal Ghréigis skoliosis, a chiallaíonn ‘lúbadh’.[1] Rinneadh cur síos ar an míchuma Scolóis sa taifead is luaithe atá ar fáil i stair an leigheas. Le linn na mblianta, bhí réimse de chúiseanna éagsúla luaite le Scolóis, idir an taobh meicniúil de, mar shampla barraíocht úsáid bainte as an lámh dheas, go dtí an coincheap is nua-aimseartha sé sin ó thogracht oidhreachta. Cé nach bhfuil saineolaithe leigheas go fóill ar an eolas faoin chúis chruinn a bhaineann le Scolóis, tá tuigmheál níos cruinne acu ar an stair nádúrtha, an chúis, agus ar éifeacht an chóireáil le blianta beaga anuas.[1]

Is féidir le Scolóis ideapatach a bheith rangaithe i dtrí chatagóir ag brath ar an aois a aimsíodh an mhíchuma.

  1. Naíonda: Roimh trí bliana d’aois
  2. Réamhógánach: Idir 3 bliana d’aois agus deich mbliana d’aois (nó ag teacht chun caithriú)
  3. Ógánach: Nuair a nochtann sé i ndiaidh deich mbliana d’aois nó i ndiaidh an teacht chun caithriú)

Tá Scolóis ideapatach ar cheann de na míchumaí is coitianta a bhaineann leis an dromlach, le ráta minicíochta idir 0.5% go 10% ar fud na cruinne.[2]

De ghnáth, i ndromlaigh a bhíonn buailte le Scolóis, bíonn cruth ar dhéanamh ‘C’ ag an chuar, ach i guid cásanna bíonn dhá chuar i láthair sa dromlach, agus de bharr sin bíonn cruth ar dhéanamh ‘S’ ag an chuar.[3]

X-gha den scolóis S-chruthachle

I gcuid cásanna, bíonn céim an cuar seasmhach, ach i gcásanna eile, méadaíonn an cuar thar tréimhse ama. Go hiondúil, ní bhíonn mórán fadhbanna i gceist leis an scolóis éadrom, ach thig le cásanna troma don scolóis cur isteach ar análú.[4] De ghnáth, ní bhíonn pian i gceist.[5] Sa bhliain 2003, foilsíodh tuairisc maidir le staidéar chohórt leantach a rinneadh ar 332 othar ideapatach nach raibh cóir leighis faighte acu i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ní raibh difríocht shuntasach ar bith ar an dóchúlacht measta maireachtála idir grúpa na hothair agus an daonra sláintiúil. Tuairiscíodh torthaí dul chun cinn cuair éagsúla chomh maith. Fuarthas amach go ndéanann cuair a bhíonn idir 30 agus 50 céim dul chun cinn ar mheáin 10 go 15 céim thar thréimhse an tsaolré. Déanann cuair atá níos mó ná 50 céim ag lán aibíocht dul chun cinn seasta ag ráta de chéim amháin achan bhliain. Déanann cuar a bhíonn ag othair a dhiagnóisíodh i dtréimhse a hógánach dul chun cinn trom i rith a saolré i gcomparáid le duine le cás Scolóis ideapatach nach bhfuil go trom

I thart fa 8 in achan 10 gcás, ní fios cén chúis a bhaineann le Scolóis. Is Scolóis ideapatach a ghlaoitear ar an chineál seo. Ní féidir Scolóis ideapatach a chosc agus níl baint ar bith aige le drochstaidiúir, aclaíocht nó réim bhia. Tá seans níos mó ann go bhfaighidh tú é mar gheall ar do chuid géinte áfach, mar go mbíonn sé oidhreachtúil go minic.[6]

I gcásanna nach bhfuil go coitianta, is féidir leis an Scolóis a bheith mar chúis de:

  • Mura d’fhoirmiú cnámha an dromlaigh mar is ceart sa bhroinn - glaoitear Scolóis ó bhroinn ar an chineál seo Scolóis agus bíonn sé i láthair ó bhreith.
  • Bunghalair néaróga nó matánach, cosúil le pairilis cheirbreach nó diostróife matánach - glaoitear Scolóis néaramhatánach ar seo.
  • Caitheamh agus cuimilt an dromlach le haois - glaoitear Scolóis mheathlúcháin ar seo agus cuireann sé isteach ar dhaoine níos sine.[6]
X-gha den scolóis S-chruthachle

Braitheann cóireáil ar chéim, suíomh agus cúis an cuar. I gcásanna le cuar mion, d’fhéadfadh súil shimplí a choinneáil go tráthrialta.[7] Tá trí chineál cóireáil ar fáil le cuidiú le scolóis sé sin - breathnóireacht, teanntáin, agus máinliacht. Molann an dochtúir an chóireáil a bheadh oiriúnach ag brath ar dhéine an cuar agus aibíocht fhisiceach an duine.[8]

Tá cásanna éadroime de Scolóis iontach coitianta in Éirinn - Tá cuaire an dromlaigh ar thart fa 2% de dhaonra na hÉireann ach bíonn cásanna troma de Scolóis ar dhuine amháin in achan míle duine.[9] De ghnáth, tagann Scolóis ideapatach ar dhaoine idir na haoiseanna 10 agus 18 bliana d’aois.[10] Cé go bhfuil an cóimheas de 1:1 idir fir agus mná agus iad a dhiagnóisiú le cuair éadrom, tagann méadú suntasach ar an chomhréir de mhná de réir mar a mhéadaíonn méid agus céim an cuar.[11]

Cuar ar dhéanamh 'C'

Is é an rud atá i gceist le cuar Scolóis a bhíonn ar dhéanamh ‘C’, nó go lúbann an cuar i dtreo amháin, agus de bharr an lúbadh foirmítear cuar atá ar dhéanamh ‘C’ sa dromlach. Is iomaí comhartha sóirt atá ag an chineál seo Scolóis:

  • Cuar Lumbach

Tagann an cineál seo cuaire chun cinn in íochtar an droma.

  • Cuar Thóracsach-Lumbach

Tosaíonn an cineál seo de chuar ag barr an droma agus críochnaíonn sé in íochtar an droma.

  • Cuar Tóracsach

Tagann an cineál seo cuaire chun cinn i mbarr an droma. [3]

Cuar ar dhéanamh 'S'

Is é an rud atá i gceist le cuar Scolóis a bhíonn ar dhéanamh ‘S’, nó nuair atá dhá chuar i láthair sa dromlach, ceann in uachtar an droma agus ceann eile in íochtar an droma. Nuair a théann na cuair i dtreonna éagsúla, bíonn cuma cosúil leis an litir ‘S’ ar an dromlach. Níl an cineál seo Scolóis go coitianta le Scolóis ina bhfuil an cuar ar dhéanamh ‘C’.

Tá aithne ar chuar atá ar dhéanamh ‘S’ mar mór-chuar dúbailte mar go bhfuil cuar lumbach agus cuar tóracsach i gceist leis. [3]

Na Comharthaí agus Na Siomptóim

Na comharthaí a bhaineann leis an scolóis:

  • Airde difriúla ag an dá ghualainn - slinneán amháin ag gobadh amach níos mó ná an ceann eile.
  • Mura bhfuil an cloigeann láraithe díreach os cionn an pheilbheas.
  • Cuma ardaithe agus míchothrom ar na cromáin, le cromán amháin ag gobadh amach.
  • Airde difriúla ag creat na n-easnacha
  • Coim mhíchothrom (ag gobadh amach ar thaobh amháin)
  • Athruithe ar chuma nó uigeacht an craiceann atá a chlúdach an dromlach (loigíní, paistí gruaige, athruithe sa dath)
  • An corp iomlán ar sceabha agus deacair fanacht ar do chothrom agus tú i do shuí.[12]


Comharthaí éagsúla a bhaineann leis an scolóis - slinneáin ag gobadh amach, fad lámha, gualainne agus cromáin míchothrom.

Na siomptóim a bhaineann leis an scolóis:

  • Athruithe maidir le bheith ag siúl

Nuair a dhéanann an dromlach rolladh cliathánach, is féidir leis bheith mar chúis de na cromáin a bheith as ailíniú. Athraíonn seo an dóigh a siúlann daoine.

  • Laghdú ar réimse gluaisne

Is féidir leis an chuar righneas gluaiseachta a mhéadú, rud a laghdaíonn solúbthacht an dromlach maidir le lúbadh.

  • Fadhbanna Análú

Má rothlaíonn an dromlach barraíocht, is féidir le creat na n-easnacha casadh agus an spás atá ar fáil do na scamhóga a theannadh. D’fhéadfadh cnámh brú in éadan na scamhóga agus análú a dhéanamh níos deacra.

  • Fadhbanna Cardashoithíoch

Má rothlaíonn creat na n-easnacha barraíocht, is féidir laghdú theacht ar an spás atá ag an chroí agus bac a chur lena chumas fuil a chaidéalú.

  • Pian

Má éiríonn an cuar trom go leor, d’fhéadfadh na matáin a bheith níos tugtha do fhreangaí pianmhara. D’fhéadfadh athlasadh forbairt thart ar na matáin teannta, a chúisíonn pian fosta.[13]

An Tionchar a bhíonn ag Scolóis ar an chorp

Cé gur cuaire an dromlaigh atá i gceist le Scolóis, bíonn tionchar aige ar an chorp iomlán. Go mion minic, cuireann an cuar isteach ar struchtúr an muineál, na gualainne, na cromáin, agus fad lámha agus cosa le cúiteamh do neamhchothroime. I gcásanna éadroma, níl míchuma go suntasach, agus níl idir contúirt i gceist maidir leis na horgáin inmheánach. I gcásanna troma de Scolóis, ní amháin gur féidir leis tionchar a bheith aige ar an dromlach agus creat na n-easnacha, ach d’fhéadfadh sé tionchar a bheith aige ar an chroí, na scamhóga, agus orgáin inmheánach eile, faoi dheoidh. [14]

Tionchar ar na Scamhóga

Is iad na scamhóga an t-orgán inmheánach is minice a bhíonn buailte de bharr Scolóis throm.[14] Is féidir le Scolóis gearranáil a chuisiú, go háirithe má tá an cuar tharr 50 céim agus is féidir leis an riocht sláinte fadhbanna suntasach a chruthú sna scamhóga in othair le cuar níos airde na 90 céim.[15] Is féidir le cásanna ina mbíonn cuar tóracsach trom i gceist, suíomh an píobán broinceach a athrú a chruthaíonn deacrachtaí análú.[14] Déanann Scolóis ghéilliúlachta balla an cliabhrach a laghdú go díreach agus géilliúlachta na scamhóga a laghdú go hindíreach (mar gheall ar ataileachtáis atá ag dul in olcas agus gaisteoireachta aer). De bharr seo, tagann méadú suntasach ar an obair a bhíonn i gceist le hanálú, agus mar gheall ar laige an mhatáin riospráide, is féidir leis cur le cliseadh ainsealach riospráide.[16]

Tionchar ar an chroí

Is féidir le Scolóis tionchar mór a bheith aige ar an chroí, go háirithe i gcásanna troma ina mbíonn an cuar níos mó ná 70 céim. Is féidir le creat na n-easnacha brú in éadan an chroí, cruthaíonn an brú seo pianta cliabhraigh go mion minic. Chomh maith le sin, cruthaíonn sé deacrachtaí don chroí agus fola a phumpáil aige timpeall an choirp.[17] Mar sin, tá Scolóis thóracsach throm contúirteach do dhaoine ina bhfuil fadhbanna croí acu cheana féin.[14]

Tionchar ar iompair an choirp

Cuireann cásanna de Scolóis throm isteach go mór ar iompar an choirp agus is féidir leis athruithe a chruthú maidir le hailíniú an corp.[14] Bíonn tionchar ag cuaire an dromlaigh ar alta cóngaracha, agus d’fhéadfadh go mbeadh na gualainne agus na cromáin ar airde difriúla. Is féidir le Scolóis tionchar a bheith aige ar shuíomh agus airde na slinneáin agus fad na lámha chomh maith. Bíonn éifeacht ag an chuar mínormalach ar na heasnacha agus go mion minic bogtar taobh amháin de chreat na heasnacha chun tosaigh níos mó ná an taobh eile. Is féidir le leibhéal na cromáin agus an pheilbheas a bheith buailte mar gheal ar chuar cliathánach an dromlaigh chomh maith.[18] Ag brath ar an suíomh agus an chéim atá ag an chuar sa dromlach, is minic a uchtaíonn an duine staidiúir úra le hiarracht a dhéanamh an neamhchothroime a cheartú. Bíonn daoine ag claonadh a gcuid chloigeann, ag claonadh a gcuid coirp ar thaobh amháin agus ag cromadh a gcuid gualainne mar pháirt den iarracht seo.[14]

Cúiseanna

Níl dochtúirí ar an eolas faoin chúis chruinn a bhaineann le Scolóis ideapatach, sé sin an cineál is coitianta de Scolóis – cé go bhfeictear go bhfuil tosca oidhreachtúil i gceist, mar go bhfuil an nós ann go ritheann an neamhord i dteaghlaigh.[19] Áfach, tá trí phríomhchineál eile Scolóis ann:

  • Feidhmiúil

I Scolóis fheidhmiúil, bíonn an dromlach mar is gnáth, ach forbraíonn cuar mínormalach de bharr fadhb áit éigin sa chorp. D’fhéadfadh an cineál seo Scolóis teacht chun cinn de bharr cos amháin a bheith níos giorra ná an chos eile, ag iompar ualaí troma nó ó fhreangaí matánach sa droim.

  • Néaramhátanach

I Scolóis néaramhátanach, bíonn fadhb i gceist nuair a bhíonn cnámha an dromlaigh a fhoirmiú. Teipeann ar chnámha an dromlaigh foirmiú go hiomlán nó teipeann orthu scaradh óna chéile le linn forbairt féatais. Forbraíonn an cineál seo de Scolóis ón bhroinn i ndaoine le neamhord éagsúla eile, le héalang ó bhroinn, diostróife mhátanach, pairilis cheirbreach nó siondróm marfan san áireamh. Go minic, forbraíonn cuar ar dhéanamh ‘C’ ar dhaoine leis na riochtaí seo mar go mbíonn matáin laga acu nach bhfuil ábalta iad a choinneáil suas díreach. Má bhíonn an cuar i láthair ó bhreith, cuirtear Scolóis ó bhroinn ar. Go mion minic, bíonn an cineál seo Scolóis i bhfad níos troma agus bíonn cóireáil níos ionsaitheach de dhíth ar i gcomparáid le cineálacha eile Scolóis.

  • Meathlúcháin

Tá an cineál seo scolóis éagsúil ó chineálacha eile scolóis a bhíonn i láthair i bpáistí agus déagóirí, tagann scolóis mheathlúcháin ar dhaoine fásta atá siar i mblianta. Tagann an cineál seo scolóis ar dhaoine mar gheall ar athruithe a thagann ar an dromlach de bharr airtríteas darbh ainm spondalóis. Tagann an cineál seo cuar chun cinn sa dromlach mar gheall ar bhallnaisc laga agus fíocháin bhoga eile an dromlaigh chomh maith le spor cnáimhe mínormalach. Bíonn tionchar ag oistéapóróis ar an dromlach chomh maith.[20]

Diagnóis

Déantar scolóis a dheimhniú tríd scrúdú fisiceach, x-gha, radagraf dromlaigh, scanadh CT nó íomháú athshondais mhaighnéadaigh. Déantar an cuar a thomhais tríd Mhodh Cobb agus déantar é a dhiagnóisiú de réir dhéine an cuar maidir le céim an cuar.[21]

Scrúdú lúbthachta Adam

De ghnáth an chéad chéim a bhíonn i gceist le diagnóis scolóis nó scrúdú lúbthachta Adam, a ndéanann scrúdú go príomhúil ar casadh an dromlach ag lorg mínormalachtaí. [13] Déantar an scrúdú seo go minic ar dhaltaí scoile.[22] Is é an aidhm a bhíonn i gceist leis an scrúdú ná scolóis struchtúrach nó feidhmiúil a aimsiú.[23] Le linn an scrúdú, cuirtear ceist ar an othar cromadh chun tosaigh fhad agus atá siad ábalta.[24] Nuair a éiríonn tréithe de scolóis níos feiceálaí nuair a chromann an t-othar síos, is scolóis fheidhmiúil atá i gceist. Is scolóis struchtúrach a bhíonn i gceist nuair a fhanann tréithe an mhíchuma mar a gceana agus an t-othar ina sheasamh díreach.[23] Má bhíonn neamhchothroime fheiceálach maidir le creat na heasnacha nó míchumaí ar bith le feiceáil ar an droim thiocfadh leis bheith ina chomhartha de scolóis.[25] Má bhíonn cuar ar a laghad 5 céim taifeadta, socraítear scrúdú iarchúraim a dhéanmh nó cuirtear an t-othar ar aghaidh chuig dochtúir le scrúduithe níos leithne a dhéanamh. Bíonn x-gha de dhíth le céim an cuar a thomhais mar is ceart agus leis an scolóis a dheimhniú.[13]

X-gha

Tá x-gha scolóis go hiomlán sábháilte agus ní bhíonn pian ar bith i gceist leis. Baintear úsáid as méid beag radaíocht le mion íomhánna a chruthú den dromlach. Le linn an scrúdú, cuireann meaisín x-ghathaithe léas radaíocht tríd an droim, agus déantar an íomhá a thaifeadadh ar ríomhaire nó scannán speisialta. Glactar íomhá den dromlach tóracsach agus an dromlach lumbach i bpróiseas x-gha scolóis. Go hiondúil, glactar dhá íomhá den dromlach, ceann amháin ón radharc cliathánach agus an ceann eile ón radharc shaighdeach. Uaireanta glactar íomhánna ó radharcanna eile ina bhfuil an t-othar ag cromadh go dtí an taobh.[26]

Tomhaistear uillinn an cuar ar an x-gha agus tugann seo le hinse don dochtúir an chóireáil a bheidh ag taisteal. Cuidíonn an x-gha an cineál scolóis a aimsiú agus cé chomh haibí agus atá cnámharlach an t-othar, cuidíonn seo leis an dochtúir dul chun cinn an cuar a thuar.[26]

I gcuid cásanna, bíonn monatóireacht dhlúth de dhíth ar an scolóis agus ar dhul chun cinn an cuar. Déantar an x-gha a athdhéanamh go tráthrialta in eatraimh do 3-12 mhí le dul chun cinn an cuar a leanúint agus le monatóireacht a dhéanamh ar thionchar an chóireáil. Má tá amhras ar an dochtúir go bhfuil mínormaltacht néareolaíoch i gceist, cuirtear an t-othar ar aghaidh le híomháú athshondais mhaighnéadaigh a fháil le staidéar a dhéanamh ar chorda an dromlaigh.[26]

Modh tomhais ag úsáid uillinn Cobb

Déantar cuar cliathánach scolóis a mhíniú de réir an uillinn cobb. Ag baint úsáid as x-gha den dromlach iomlán, faightear an uillinn cobb tríd líne ingearach a tharraingt ón veirteabra is claonta sa dromlach os cionn rinn an cuar cliathánach agus an dara líne ingearach ón veirteabra is claonta faoin rinn. Cuirtear uillinn cobb ar an uillinn a fhoirmítear san áit a mbuaileann an dá líne le chéile.[13]

Próiseas dhiagnóisiú na scolóise - Scrúdú cromadh chun tosaigh Adams, X-gha lánfhada don dromlach iomlán agus x-gha ar radharc cliathánach an dromlach


Bainistíocht

Ag brath ar dhéine an cuar agus ar an riosca a bhíonn i gceist maidir le dul chun cinn an cuar, tá trí chineál mhodh bainistíochta nó cóireáil i gceist le scolóis:

  1. Breathnóireacht
  2. Teanntáin droma
  3. Dul faoi scian [20]

Nuair atá cóireáil a phleanáil ag dochtúir d’othar a bhíonn ag fulaingt le scolóis, cuirfidh sé dhéine an cuar agus suíomh an cuar sa dromlach san áireamh. Tá aois an t-othar ina ghné iontach tábhachtach - má tá dromlach an t-othar go fóill ag fás agus ag forbairt, beidh éifeacht aige ar roghanna chóireáil. Déanann an dochtúir socrú maidir le cé chomh dóchúil agus atá dul chun cinn an cuar, agus moltar roghanna chóireáil don othar ag brath ar dhéine an cuar agus ar aibíocht an chnámharlaigh. Aontaíonn an chuid is mó de mháinlianna scolóis go mbíonn ar othar ina mbíonn ag fulaingt le cuar trom, atá níos airde ná 50 céim dul faoi scian leis an chuar a laghdú agus le dul chun cinn an cuar a chosc.[27]

De ghnáth, i gcásanna éadroma scolóis, ní bhíonn cóir leighis ag taisteal agus ní bhíonn an cuar feiceálach mar a bheadh neamhord staidiúir eile. I gcásanna éadroma scolóis, bíonn an uillinn cobb nó cuaire an dromlaigh níos lú ná 20 céim. Is féidir aclaíochta éagsúla a dhéanamh le cuidiú le cásanna éadroma de scolóis.[28]

I gcásanna meánach de scolóis, is féidir aclaíochta faoi leith a dhéanamh le cuidiú leis an dromlach chomh maith. Áfach, moltar teanntáin droma a chaitheamh mar chóir leighis ina theannta sin. D’fhéadfadh scolóis mheánach forbairt ar aghaidh go scolóis throm, sé sin cuar a bhíonn idir 40 agus 45 céim. Go hiondúil, bíonn obráid droma de dhíth le scolóis throm a cheartú.[28]

Breathnóireacht

Is breathnóireacht an chéad chéim a bhíonn i gceist maidir le cur chuige gníomhach do scolóis ideapatach. Bíonn meastóireacht chliniciúil i gceist go tráthrialta le tréimhse iarchúram faoi leith. Ag brath ar chúrsaí cliniciúil faoi leith, bíonn réimse ó 2 go 3 mhí go dtí 36 go 60 mhí i gceist le huainiú an choinne iarchúram.[29]

Is é an aidhm a bhíonn leis an bhreathnóireacht nó le monatóireacht a dhéanamh ar chásanna éadroma de scolóis agus le súil a chaitheamh ar dhéine agus dul chun cinn an cuar. Baintear úsáid as an mhodh breathnóireachta seo i gcásanna ina mbíonn déagóirí óga le cuar beag ach go bhfuil tuilleadh fás le déanamh acu. Go hiondúil, glactar x-gha achan sé mhí. Má dhéanann an cuar dul chun cinn, moltar cóireáil éagsúla ag brath ar chéim agus dhéine an cuar.[30]

Teanntáin Droma

Nuair a bhíonn ag an t-othar teanntáin scolóise a chaitheamh, bíonn orthu an ghléas a fháil feistithe go dtí go gcludaíonn sé an chabhail le cuidiú dul chun cinn an cuar a chosc. Nuair a chaitheann an t-othar teanntáin droma, bíonn níos lú seans ann go mbeidh máinliacht de dhíth ar an othar sa todhchaí nuair atá na cnámha críochnaithe ag fás.[31]

Tá roinnt áirithe teanntáin droma ar fáil mar chóireáil ar scolóis. Braitheann na teanntáin ag brath ar an méid brú atá curtha ar an dromlach agus na heasnacha le dul chun cinn an cuar a chosc.

Bíonn ar an othar cuid de na teanntáin a chaitheamh go lánaimseartha, de ghnáth idir 16 agus 23 uair an chloig sa lá, agus caitear cineálacha eile teanntáin suas le 8 go 10 n-uair an chloig achan oíche agus an t-othar ina chodladh.[32]

Teanntáin Droma lán aimseartha

  • Teanntáin Bhostúin

Is teanntáin tríthoiseach atá i dteanntáin Bhostúin atá saincheaptha ó shnaithínghloine nó plaisteach. Is é an aidhm atá ag an teanntán nó oibriú le cuar an dromlaigh a cheartú i dtrí phlána dhifriúil - córonach, saighdeach agus trasnach. Tá teanntáin Bhostúin ar an chineál teanntáin is coitianta.[33] Bogann an teanntán de réir meascán d'fhórsaí a chuidíonn an dromlach a bhogadh leis an chuar a cheartú. Tá spás breise curtha ar fáil do cheartúchán rothlaithe agus meicnic análú.[34] Nuair a bhíonn an t-othar ag caitheamh an teanntán, ba cheart den uillinn cobb a bheith 50% níos lú ná mar a bhí gan an teanntán. Uair amháin agus atá an teanntán ordaithe, ba cheart don othar an teanntán a chaitheamh idir 18 agus 23 uair an chloig sa lá ar feadh trí go cúig bliana. Is féidir leis an othar an teanntán a bhaint dóibh ar feadh cúpla uair achan lá le hiad féin a fholcadh, le snámh nó le spórt a dhéanamh. [35]

  • Teanntáin Wilmington

Tá teanntáin Wilmington iontach coitianta i measc othair Scolóis chomh maith. Áfach, tá sé éagsúil ó theanntáin Bhostúin, tá teanntáin Wilmington saindhéanta bunaithe ar cásálach a thógtar don othar fhad agus iad ina luí síos, agus iompaithe suas. Nuair atá an cásálach déanta, cuirtear fórsaí ceartúcháin atá éagsúla do chuar an dromlaigh an t-othar leis sula mbíonn an teanntán críochnaithe. Téann an teanntán ar chorp an t-othar mar a bheadh seaicéad teannta.[32] Moltar d'othair scolóis, teanntáin Wilmington a chaitheamh go lánaimseartha, ar feadh 23 uair an chloig sa lá, cé go léiríonn staidéir éagsúla má chaitear an teanntán ar feadh 12 go 16 uair an chloig achan lá go bhfuil sé sásúil do chuar atá 40 céim nó níos lú.[36]

Teanntáin Droma a chaitear san oíche

  • Teanntáin Lúbthachta Charleston
  • Is teanntáin lúbthachta Charleston an teanntáin is coitianta a chaitear san oíche. Tá an teanntán saindhéanta ag brath ar cásálach a thógtar ó chabhail an t-othar. Nuair atá an cásálach déanta, cuirtear fórsaí ceartúcháin leis an teanntán bunaithe ar an eolas atá ar fáil ar íomhá x-gha an dromlach. Caitear teanntáin lúbthachta Charleston agus an t-othar ina luí síos ar a dhroim, ní nuair atá siad ina shuí agus ag bogadh thart. [32] Tá sé ríthábhachtach go gcaitheann an t-othar an teanntán ocht go deich n-uaire an chloig achan oíche, seacht n-oíche na seachtaine, go dtí go mbaineann siad aibíocht an chnámharlaigh amach. Tabharfaidh x-gha le hinse an phointe ina mbíonn aibíocht an chnámharlaigh bainte amach ag an othar agus mura bhfuil acu an teanntán a chaitheamh níos mó. [37]
    Teanntán scolóise a oibríonn leis an chuar a cheartú agus a mhoillíonn dul chun cinn an cuar.


Dul faoi scian

X-gha don chuar ceartaithe le slat iarann ar dhá thaobh den dromlach i ndiaidh máinliacht droma.

Molann máinlianna scolóis d'othair ina bhfuil cuair throm de 45-50 céim nó níos airde acu dhul faoi scian leis an chuar a mhaolú agus leis an dhul chun cinn a chosc. Is comhtháthú dromlaigh a thugtar ar an mháinliacht le scolóis a cheartú. Is é an aidhm bhunúsach a bhíonn i gceist nó an veirteabra a chur ar ais ina háit agus a chomhtháthú le chéile sa dóigh agus go mbeidh sé ábalta cneasú isteach i gcnámh dhaingean amháin. Leis na huirlisí agus an teicneolaíocht atá ar fáil sa lá atá inniu ann, tá máinlianna scolóis ábalta an cuar a fheabhsú go suntasach.[38]


Bíonn trí sprioc de ghnáth ag baint le máinliacht scolóis:


  • Dul chun cinn an cuar a chosc

Go hiondúil, teastaíonn ar othar scolóis dul faoi scian de bharr dhul in olcais cuair an dromlaigh. Mar sin, ba chóir do mháinliacht scolóis ar a laghad dul chun cinn an cuar a chosc.

  • An mhíchuma a laghdú

Ag brath ar an mhéid solúbthacht atá go fóill sa dromlach, is féidir le máinliacht scolóis an casadh mínormalach a athchasadh agus an cuar cliathánach a cheartú suas le 50% go 70%. Is féidir leis na hathruithe seo cuidiú leis an duine seasamh díreach agus cruit na heasnacha sa droim a laghdú.

  • Cothromaíocht an stoc a choinneáil

Maidir le hathruithe ar bith a bheadh déanta ar shuíomh an dromlach, tógfaidh an máinlia cothromaíocht iomlán an stoc san áireamh tré an méid is mó den chuar nádúrtha i dtosach agus i gcúl an dromlach a choinneáil. Déanfaidh an máinlia na cromáin agus na cosa a choinneáil chomh cothrom agus atá siad ábalta.[39]


I gcomhtháthú dromlaigh, ceanglaítear slat iarann ar dhá thaobh an dromlach agus scriú agus boltaí lena slat iarann a cheangail don dromlach leis an dromlach a dhíriú. Cuirtear píosaí beaga de chnámh, darbh ainm nódaigh ar bharr an dromlach. Go minic glactar na nódaigh ó pheilbheas an t-othar. Fásfaidh na nódaigh le chéile le cnámh an dromlaigh, a chuideoidh é a chomhtháthú isteach ina shuíomh ceart. Is máinliacht mhór atá i gceist le comhtháthú dromlaigh agus glacann sé suas le hocht n-uaire an chloig.[40] Go hiondúil, tá sé dodhéanta an dromlach a dhíriú go hiomlán, ach den chuid is mó, bíonn ceartúcháin suntasach bainte amach.[41]


An tSochaí agus An Cultúr

Baineann costas áirithe leis an scolóis ar nós cailliúintí airgid agus teorainn ar stíl maireachtála an duine a mhéadaíonn le déine. Is féidir le huireasa riospráide theacht chun cinn chomh maith agus baint a bheith aige le hanálú neamhghnách. Cuireann seo isteach go díreach ar chúrsaí aclaíochta agus ar chumas oibre an duine, atá ag cur laghdú iomlán ar a gcuid caighdeán beatha.

Sa chóras sláinte anseo in Éirinn, cosnaíonn Feidhmeannach na Seirbhíse Sláinte €30,000-€50,000 an duine do mháinliacht scolóise.[42] Cosnaíonn teanntáin dom scolóis thart fá €2,500-€3,500, agus baintear úsáid as an teanntán fhad agus atá an pháiste ag fanacht le máinliacht a fháil. [43]

Tagairtí

  1. 1.0 1.1 1.2 James W. Roach (1999-07-01). "ADOLESCENT IDIOPATHIC SCOLIOSIS" (as en). Orthopedic Clinics of North America 30 (3): 353–365. doi:10.1016/S0030-5898(05)70092-4. ISSN 0030-5898. 
  2. 2.0 2.1 Seokwon Huh, Lucy Yougmin Eun, Nam Kyun Kim, Jo Won Jung, Jae Young Choi, Hak Sun Kim (2015-6). "Cardiopulmonary function and scoliosis severity in idiopathic scoliosis children". Korean Journal of Pediatrics 58 (6): 218–223. doi:10.3345/kjp.2015.58.6.218. ISSN 1738-1061. PMID 26213550. PMC:4510355. 
  3. 3.0 3.1 3.2 erika. "S-Curve vs C-Curve Scoliosis Treatment" (en). Scoliosis SOS. Dáta rochtana: 2020-04-21.
  4. Genetics Home Reference. "Adolescent idiopathic scoliosis" (en). Genetics Home Reference. Dáta rochtana: 2020-03-21.
  5. Steven S. Agabegi, Namdar Kazemi, Peter F. Sturm, Charles T. Mehlman (2015-12). "Natural History of Adolescent Idiopathic Scoliosis in Skeletally Mature Patients: A Critical Review" (as en). Journal of the American Academy of Orthopaedic Surgeons 23 (12): 714–723. doi:10.5435/JAAOS-D-14-00037. ISSN 1067-151X. 
  6. 6.0 6.1 "Scoliosis" (en). nhs.uk (2017-10-20). Dáta rochtana: 2020-04-22.
  7. Deputy Director Nancy Garrick (2017-04-07). "Scoliosis in Children and Adolescents" (en). National Institute of Arthritis and Musculoskeletal and Skin Diseases. Dáta rochtana: 2020-03-21.
  8. "Nonsurgical Treatment Options for Scoliosis - OrthoInfo - AAOS". www.orthoinfo.org. Dáta rochtana: 2020-04-22.
  9. "An update from Pat! | Straight Ahead Ireland" (en-GB). Dáta rochtana: 2020-04-23.
  10. Baron S. Lonner, MD. "Early onset Scoliosis in children" (en). SpineUniverse. Dáta rochtana: 2020-04-23.
  11. Mark Clough, Cristina M. Justice, Beth Marosy, Nancy H. Miller (2010-01). "Males With Familial Idiopathic Scoliosis: A Distinct Phenotypic Subgroup" (as en). Spine 35 (2): 162–168. doi:10.1097/BRS.0b013e3181b7f1a7. ISSN 0362-2436. PMID 20081511. PMC:PMC2808704. 
  12. Myotubular Trust (2012). "[https://www.joshuafrase.org/uploads/2012,%20Resp%20care%20for%20scoliosis.pdf RESPIRATORY CARE ADVICE : SCOLIOSIS For patients with myotubular and centronuclear myopathy and other congenital myopathies.]". Dáta rochtana: 22-04-2020.
  13. 13.0 13.1 13.2 13.3 Ali Baaj MD. "Scoliosis Symptoms" (en). Spine-health. Dáta rochtana: 2020-04-22.
  14. 14.0 14.1 14.2 14.3 14.4 14.5 "How scoliosis impacts the body" (en-US). Ability Connection Colorado (2014-10-06). Dáta rochtana: 2020-04-22.
  15. Dr Clayton J. Stitzel (2020-02-08). "How Scoliosis Affects Rib Pain, Lung Function & Shortness of Breath" (en). ScoliSMART Clinics. Dáta rochtana: 2020-04-22.
  16. Anastassios C. Koumbourlis (2006-06-01). "Scoliosis and the respiratory system" (as en). Paediatric Respiratory Reviews 7 (2): 152–160. doi:10.1016/j.prrv.2006.04.009. ISSN 1526-0542. 
  17. "7 things you should know about scoliosis" (en). CHOC Children's (2015-07-28). Dáta rochtana: 2020-04-23.
  18. "Scoliosis: Postural Deformity" (en-US). Sports Injuries, treatment and performance information (2015-01-03). Dáta rochtana: 2020-04-23.
  19. "Scoliosis - Symptoms and causes" (en). Mayo Clinic. Dáta rochtana: 2020-03-21.
  20. 20.0 20.1 "Scoliosis Treatment, Causes, Symptoms & Surgery" (en). MedicineNet. Dáta rochtana: 2020-04-23.
  21. "Scoliosis – Symptoms, Diagnosis and Treatment" (en). www.aans.org. Dáta rochtana: 2020-04-23.
  22. Medtronic. "Living with Scoliosis" (en-US). www.medtronic.com. Dáta rochtana: 2020-04-23.
  23. 23.0 23.1 "Adam's forward bend test" (en). Physiopedia. Dáta rochtana: 2020-04-23.
  24. "Adam's Forward Bend Test" (en). The Student​ Physical Therapist. Dáta rochtana: 2020-04-23.
  25. "Forward bend test: MedlinePlus Medical Encyclopedia Image" (en). medlineplus.gov. Dáta rochtana: 2020-04-23.
  26. 26.0 26.1 26.2 "X-Ray Exam: Scoliosis (for Parents) - Nemours KidsHealth". kidshealth.org. Dáta rochtana: 2020-04-23.
  27. "Treatment Options | Scoliosis Research Society". www.srs.org. Dáta rochtana: 2020-04-24.
  28. 28.0 28.1 "5 Top Scoliosis Exercises" (en). Healthline. Dáta rochtana: 2020-04-24.
  29. Stefano Negrini, Sabrina Donzelli, Angelo Gabriele Aulisa, Dariusz Czaprowski, Sanja Schreiber, Jean Claude de Mauroy (2018-01-10). "2016 SOSORT guidelines: orthopaedic and rehabilitation treatment of idiopathic scoliosis during growth". Scoliosis and Spinal Disorders 13 (1): 3. doi:10.1186/s13013-017-0145-8. ISSN 2397-1789. PMID 29435499. PMC:PMC5795289. 
  30. "Observation" (en-US). CLEAR Scoliosis Institute. Dáta rochtana: 2020-04-24.
  31. "Understanding Scoliosis Braces: Types, Uses, Effectiveness & More" (en). Healthline. Dáta rochtana: 2020-04-24.
  32. 32.0 32.1 32.2 Paul McAfee MD. "Types of Scoliosis Braces" (en). Spine-health. Dáta rochtana: 2020-04-24.
  33. "Scoliosis Bracing | Boston Children's Hospital". www.childrenshospital.org. Dáta rochtana: 2020-04-24.
  34. "Boston Brace 3D for Scoliosis | Boston O&P". www.bostonoandp.com. Dáta rochtana: 2020-04-24.
  35. "Understanding the Boston Brace: Benefits and Alternatives" (en-US). CLEAR Scoliosis Institute (2016-07-28). Dáta rochtana: 2020-04-24.
  36. Jonathan R. Schiller, Nikhil A. Thakur, Craig P. Eberson (2010-03). "Brace Management in Adolescent Idiopathic Scoliosis" (as en). Clinical Orthopaedics and Related Research® 468 (3): 670–678. doi:10.1007/s11999-009-0884-9. ISSN 0009-921X. PMID 19484317. PMC:PMC2816747. 
  37. "The Charleston Bending Brace | You & Your Bending Brace" (en-US). Dáta rochtana: 2020-04-24.
  38. "Surgical Treatment for Scoliosis - OrthoInfo - AAOS". www.orthoinfo.org. Dáta rochtana: 2020-04-24.
  39. Ali Baaj MD. "Scoliosis Surgery" (en). Spine-health. Dáta rochtana: 2020-04-24.
  40. "Spinal Fusion for Scoliosis | Michigan Medicine". www.uofmhealth.org. Dáta rochtana: 2020-04-24.
  41. "Advances in therapeutic engineering" (2013). Boca Raton: CRC Press. OCLC 826025614. 
  42. Thursday, September 04, 2014 (2014-09-04). "Over 530 children on waiting list for crucial surgery" (en). www.irishexaminer.com. Dáta rochtana: 2020-03-21.
  43. Liz Farsaci (2019-03-02). "Irish children with scoliosis could avoid surgery with life-changing new brace". irishmirror. Dáta rochtana: 2020-03-21.