Uí Liatháin
Dream agus ríocht na Mumhan ba ea an chlann Uí Liatháin. Eochaidh Liatháin mac Dáire Cearba (beo c. 340) ba ea a sinsear eapainmneach.[1]
Sinsearacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba chomh-mhuintir iad na clanna Uí Liatháin agus Uí Fiodhghinte, agus cuireadh le chéile iad sna foinsí is luaite, mar shampla, Tairired na nDéssi (dála an scéil).[2] Tugtar dóibh dís sinsireachtaí ilchineálacha idir luath- nó prót-Eoghanachta agus Éarainn nó Dáirine ag scoláirí éagsúla ag obair i nósanna éagsúla, agus comhaontú dofheicthe. Is féidir tríd is tríd é gur thoradh an dá ghinealach ba ea iad, nó go hiomlán eile.
I dteannta leis na hUí Liatháin sa cheantar seo den Bhreatain, bhí buíon mhór na nDéise, agus bruíon níos lú na Laigean. Níl nasc ar leith idir na dreamanna úd i bhfoinse Ghaelach ar bith, ach is léir nach féidir comhoibriú a chur as an áireamh, go háirithe ó thaobh trádála de, san áireamh trádáil sclábhaithe. Bhí na Déise lonnaithe in aice leo i gContae Phort Láirge, agus na Laigin ní i gcéin soir i Ríocht na Laighin.
Is féidir na hUí Liatháin a nascadh le Criomhthann mac Fidhaigh, rí seanscéalach na Mumhan agus Ard-Rí ceannasach na hÉireann den 4ú haois. Ní amháin é go luaitear iad san alt céanna i Sanas Cormaic,[3][4] ach is dlúth ghaoil iad sna lámhscríbhinní ginealaigh is luaite uile.
Gaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Luath-rí na Mumhan ab ea Breasal mac Ailealla Thassaigh de réir foinse amháin.[5] Banríon an Ardri, Laoghaire mac Néill, ba ea a dheirfiúr Angias,[6] agus máthair Lughaidh mac Laoghaire, a d'éirigh féin ina Ardrí in ainneoin toil Naomh Pádraig, a bhuí gur impigh Angias an naomh.[7]
D'fhuadaigh fir Uí Liatháin Ruithchern iníon Aodha Bheannáin mhic Criomhthainn, rí na hIarmhumhan (agus b'fhéidir na Mumhan), agus deirfiúr Mhóir Mhumhan, agus cuireadh iachall uirthi bheith ina haoire.[8][9]
Ag Cath Cairn Chonaill, feictear Uí Liatháin ann mar chomhghuaillí Ghuaire Aidhne mhic Colmáin. Ní ghlacann le Byrne leis an lua seo,[10] agus déanann Seán Ó Coileáin mionphlé air,[11][12] á nascadh le scéalaíocht Mhóir Mhumhan agus Roithchirn.
De shliocht Uí Liatháin ba ea máthair Gormgheal, agus bean chéile cháiliúil Cailleach, Chathail mhic Fhinguine, rí míchlúiteach na Mumhan agus na Teamhrach.
Sa Bhreatain
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir fianaise as dá fhoinse, Sanas Cormaic na hÉireann[13][14] and Historia Brittonum na Breataine,[15] táthar ar an eolas go raibh coilíneachtaí ag an gclann Uí Liatháin sa Bhreatain Bheag agus i gCorn na Breataine. De réir Historia Brittonum, chuir Cunedda agus a mhic an ruaig orthu as Tuaisceart na Breataine Bige .[16]
Aoiseanna níos deireanaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 1206, bhronn rí Eoin Shasana cuid shuntasach den ríocht le gairid dulta in éag ar an gclann De Barry, cé gur mhair an chlann Uí Mhic Thíre ar an imeall sa deisceart le roinnt deich mbliana ina dhiaidh sin.
Caomhnaítear an t-ainm sa sráidbhaile Caisleán Ó Liatháin in oirthear Chontae Chorcaí, maraon le Cill Liatháin i gContae Luimnigh.
Craobh ghinealaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaithe ar Rawlinson B 502[17] agus Vita tripartita Sancti Patricii[18]
Dáire Cerbba Maine Munchaín | |||||
Daire | |_____ | | | | | | | | | | Fidach Fiachu Fidgenid Eochu Liathán Uí Duach Argetrois Uí Dedaid | | |__________________________ |___________________________ | | | | | | Crimthann mac Fidaig Mongfind = Eochaid Mugmedón = Cairenn Ailill Tassach | | | | | | Connachta Niall Noígíallach | | ___________| | | | Lóegaire mac Néill = Angias Bressal mac Ailello | | Lugaid mac Lóegairi
Clanna agus ainmneacha sloinne
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba iad a leanas an dá chlann is suntasaí Uí Liatháin:
Uí Mhic Coille
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an chlann is ainmnithe as Mac Coille mac Mhic Bróc mhic Eochada Liatháin. Thóg siad a n-ainm don bharúntacht Uí Mhic Coille.
- Uí Mhic Coille
- Uí Anmhchada
- Uí Glaisín
- Uí Chorráin
Uí Thassaigh
[cuir in eagar | athraigh foinse]De shliocht Ailealla Tassaigh réamhráite mhic Eochada Liatháin ab ea an chlann úd.
- Uí Mhic Thíre
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a heagrán athbhreithnithe, 2001.
- Chadwick, Nora K. (et al.), Studies in the Early British Church. Cambridge University Press. 1958, ll. 122-3.
- Charles-Edwards, T. M., Early Christian Ireland. Cambridge. 2000.
- Cormac mac Cuilennáin, agus John O'Donovan (aistr.) Le Whitley Stokes (eag.), Sanas Cormaic
- Seathrún Céitinn, le David Comyn agus Patrick S. Dinneen (aistr.), Foras Feasa ar Éirinn. 4 iml. Londain: David Nutt for the Irish Texts Society. 1902–14.
- Kelleher, John V., "The Rise of the Dál Cais", in Étienne Rynne (eag.), North Munster Studies: Essays in Commemoration of Monsignor Michael Moloney. Luimneach: Thomond Archaeological Society. 1967, ll. 230–41.
- MacCotter, Paul, Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions. Four Courts Press. 2008.
- Mac Néill, Eoin, "Early Irish Population Groups: their nomenclature, classification and chronology", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann (C) 29. 1911, ll. 59–114
- — "The Native Place of St. Patrick", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann. 1926, ll. 118–40
- Meyer, Kuno (eag. & aistr.), "The Expulsion of the Dessi", in Y Cymmrodor 14. 1901, ll. 101-35 (le fáil fosta anseo)
- —, "The Laud Genealogies and Tribal Histories", in Zeitschrift für celtische Philologie 8. Halle/Saale, Max Niemeyer. 1912, ll. 291–338.
- Morris, John (eag. agus aistr.), Nennius: British History and The Welsh Annals. Arthurian Period Sources, Iml. 8. Londain: Phillimore. 1980.
- Ó Buachalla, Liam. "Contributions towards the political history of Munster" ii, in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society 57 (1952), ll. 67–86
- —, "The Uí Liatháin and their septlands", in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society 44 (1939), ll. 28–36
- —, "The Uí Meic Caille in pre-Norman times", in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society 50 (1945): 24–7
- Ó Coileáin, Seán, "Some Problems of Story and History", in Ériu 32 (1981), ll. 115–36.
- —, "The Structure of a Literary Cycle", in Ériu 25 (1974), ll. 88–125.
- Ó Corráin, Donnchadh (eag.), Genealogies ó Rawlinson B 502. Coláiste na hOllscoile, Corcaigh: Corpus of Electronic Texts. 1997.
- —, "Onomata", in Ériu 30 (1979): 165–85.
- —, "Prehistoric and Early Christian Ireland", in Foster, Roy (ed.), The Oxford Illustrated History of Ireland. Oxford University Press. 2001, ll. 1–52.
- Ó Cróinín, Dáibhí (eag.), A New History of Ireland: Prehistoric and Early Ireland, Iml. 1. Oxford University Press. 2005.
- O'Donovan, John (eag. agus aistr.), Annála na gCeithre Máistrí. 7 iml. Acadamh Ríoga na hÉireann. Baile Átha Cliath. 1848–51. 2a heagrán, 1856.
- O'Nolan, Thomas Patrick (eag. & aistr.), "Mór of Munster and the Tragic Fate of Cuanu son of Cailchin", Imeachtaí Acadamh Ríoga na hÉireann, iml. XXX, cuid. C, Uí. 9. Baile Átha Cliath: Hodges, Figgis, & Co. 1912.
- O'Rahilly, Thomas F., Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1946.
- Pender, Seamus, "The Uí Liatháin Genealogies from the Book of Ballymote", in Journal of the Cork Historical and Archaeological Society 43 (1938), ll. 32–8.
- Sproule, David, "Origins of the Éoganachta", in Ériu 35 (1984), ll. 31–37.
- —, "Politics and pure narrative in the stories about Corc of Cashel", in Ériu 36 (1985), ll. 11–28.
- Stokes, Whitley (eag. & aistr.), The Tripartite Life of Patrick. Londain: Eyre and Spottiswoode for Her Majesty's Stationery Office. 1887.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Mumu ar Roots Web
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Rawlinson genealogies, eag. Ó Corráin 1997, lch. 195 (176)
- ↑ eag. Meyer 1901
- ↑ eag. 1868, lch. 111
- ↑ Byrne 2001, ll. 183–4
- ↑ Byrne 2001, ll. 177–8
- ↑ Vita tripartita Sancti Patricii, eag. Stokes 1887, ll. 47, 557
- ↑ Stokes 1887, ll. 465
- ↑ O'Nolan 1912
- ↑ The Cycles of the Kings Curtha i gcartlann 2008-11-20 ar an Wayback Machine, le Dan M. Wiley
- ↑ Byrne 2001, lch. 241
- ↑ Ó Coileáin 1974
- ↑ Ó Coileáin 1981
- ↑ eag. 1868, lch. 111
- ↑ Byrne 2001, ll. 183–4
- ↑ eag. Morris 1980
- ↑ Morris 1980, ll. 20–21
- ↑ eag. Ó Corráin 1997, lch. 195 (176)
- ↑ eag. Stokes 1887, ll. 47, 557