Mongfind
Teaghlach | |
---|---|
Céile | Eochaid Mugmedon |
Páiste | Ailill mac Echach Mugmedóin, Fiachra |
Pearsa i seanchas na nGael ab ea Moingfhionn (Sean-Ghaeilge Mongfind[1]) de réir dealraimh as an Mumhain ó dhúchas.
Deirtear gurbh í an chéad bhean chéile d'Ard Rí seanscéalach na hÉireann, Eochaid Mugmedon, agus máthair a thriúr mhac is sine, Brión, Ailill agus Fiachra, sinsir na gConnacht stairiúil. Máthair Néill Naoighiallaigh ba ea Caireann, dara bean chéile Eochach. Tá roinnt scéalta ann ina bhfuil Moingfhionn agus Niall in adharca a chéile.
Deirtear chomh maith gur dheirfiúr í de Chriofan mac Fiadaigh, Rí na Mumhan agus an chéad Ard-Rí eile. Rinne sí iarracht é a mharú le nimh, ionas go dtagfadh a mac féin i gcoróin.[2][3] D'ól sí féin an nimh chun Criofan a áitiú, agus d'éag sí go gairid tar éis na Samhna.[3][4]
Bandia
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir Sanas Cormaic, bandia ab ea í, a d'adhrtaí na Gaeil págánacha ag Féile Moingfhinne, a cheiliúrtaí ar an Samhain.[3][4] I seanscéalta níos deireanaí, scríofa i Social History of Ancient Ireland le Patrick Weston Joyce, is bansidhe í. Tá cnoc feiceálach darb ainm Cnoc Samhna,[5] nó Ard na Ríoghraidhe, i gContae Luimnigh atá i scéal nasctha le Moingfhionn. Is rann na bpáistí as Contae Phort Láirge é "Anocht Oíche Shamhna Moingfhinne bandia".
Clann agus sliocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear scaití gur sliocht luath na nEóganacht ab ea Moingfhionn agus a dheartháir, clann Fhiadaigh agus garchlsinne Dháire Chearbba de réir roinnt foinsí. Tá seo amhrasach ámh, toisc go dtugann an fhianaise le fios, dá mba stairiúil iad, gur mhuintir ríocht eile iad, b'fhéidir na Dáirine (a d'fhéadfadh a luadh iad mar a muintir i ndán aduain Sean-Ghaeilge le Flann mac Lonáin (bás 896).[6]) Sa bhanseanchas, is "Mongfind na n-Érnai" (Éarainn) an t-ainm a dtugtar uirthi, agus bhí mac eile aici darbh ainm Sidach, tar éis na gConnacht.[7] Deirtear i Rawlinson B 502 gur rugadh Dáire Cearbba i Magh Breag, Contae na Mí,[8] a raibh cuid mhaith do na chríocha sin i seilbh na nÉrainn i rith an ama sin. Is deacair na Dáirine agus na hÉrainn aithint óna chéile sna foinsí a mhaireann.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Best, R.I., Osborn Bergin, M.A. O'Brien agusAnne O'Sullivan (eag). An Leabhar Laighneach, 6 imleabhar, Baile Átha Cliath, IALBÁC, 1954–83. {MS folio 150b} ar CELT.
- Bhreathnach, Edel (eag.), The Kingship and Landscape of Tara. Four Courts Press for The Discovery Programme. 2005, ll. 249, 250 & Historical Early Éoganachta, Tábla 9, ll. 356, 357.
- Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a heagrán athbhreithnithe, 2001.
- Cormac, and John O'Donovan (aistr.) with Whitley Stokes (eag.), Sanas Cormaic. Cormac's Glossary. Irish Archaeological and Celtic Society. Calcutta: O.T. Cutter. 1868.
- Cross, Tom Peete and Clark Harris Slover (eag.), "The Adventures of the Sons of Eochaid Mugmedon", in Ancient Irish Tales. Henry Holt and Company. 1936, ll. 508–13.
- Dillon, Myles, The Cycles of the Kings. Oxford. 1946. (Four Courts Press. Eagrán athbhreithnithe, 1995.)
- FitzPatrick, Elizabeth, Royal Inauguration in Gaelic Ireland, c. 1100–1600: A Cultural Landscape Study. Boydell & Brewer. 2004, ll. 131–2
- Jaski, Bart, Early Irish Kingship and Succession. Four Courts Press. 2000.
- Joyce, Patrick Weston, A Social History of Ancient Ireland, Iml. I agus Iml. II. Longmans, Green, and Co. 1903.
- Joynt, Maud (eag. agus aistr.), "Echtra Mac Echdach Mugmedóin", in Ériu 4 (1910), ll. 91–111.
- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn.
- MacKillop, James, A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford. 1998.
- Meyer, Kuno (eag.), "The Laud Genealogies and Tribal Histories", in Zeitschrift für celtische Philologie 8. Halle/Saale, Max Niemeyer. 1912, ll. 291–338.
- Monaghan, Patricia, The Encyclopedia of Celtic Mythology and Folklore. Nua-Eabhrac: Facts On File. 2004.
- Ó Corráin, Donnchadh (eag.), Genealogies ó Rawlinson B 502, Coláoiste na hOllscoile, Corcaigh: Corpus of Electronic Texts. 1997.
- O'Donovan, John (eag. agus aistr.), Annála na gCeithre Máistrí. 7 iml. Acadamh Ríoga na hÉireann. Baile Átha Cliath. 1848–51. 2a heagrán, 1856.
- — agus the Rt. Hon. Charles Owen O'Conor Don, The O'Conors of Connaught: An Historical Memoir. Baile Átha Cliath: Hodges, Figgis, and Co. 1891.
- O'Grady, Standish H. (eag. agus aistr.), "Death of Crimthann son of Fidach, and of Eochaidh Muighmedóin's three sons: Brian, Ailill, Fiachra", in Silva Gadelica Williams and Norgate. 1892, ll. 373–8.
- —, (eag. agus aistr.), "The Story of Eochaidh Muighmedóin's Sons", in Silva Gadelica Williams and Norgate. 1892, ll. 368–73.
- O'Rahilly, Thomas F., Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 1946.
- Sproule, David, "Politics and pure narrative in the stories about Corc of Cashel", in Ériu 36 (1985), ll. 11–28.
- Stokes, Whitley (eag. agus aistr.), "Aided Chrimthaind Maic Fhidaig: The Death of Crimthann mac Fidaig", in Revue Celtique 24. 1903a, ll.172–189.
- —, "Echtra Mac nEchach Muigmedóin: The Adventures of the Sons of Eochaid Muigmedóin", in Revue Celtique 24. 1903b, ll. 190–207.
- —, Lives of Saints ó Leabhar Leasa Mhóir. Oxford. 1890, ll. 239–40
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Echtra Mac nEchach Muigmedóin
- Aided Chrimthainn meic Fhidaig 7 Trí Mac Echach Muigmedóin
- Irish Kings
- Mong Fionn townland[nasc briste go buan]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ I measc litrithe eile dá hainm tá Mongfhind, Mongfinn, Mongfhinn agus Mongfionn
- ↑ Stokes 1903a, 1903b
- ↑ 3.0 3.1 3.2 O'Grady 1892
- ↑ 4.0 4.1 Stokes 1903a
- ↑ Cnoc Samhna ar logainm.ie
- ↑ Leabhar Laighneach, LS folio 150b
- ↑ Banshenchus: The Lore of Women
- ↑ ed. Ó Corráin 1997