Jump to content

An Íoslainnis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Íoslainnis
ايسلاندى agus íslenska
Cineálteanga nádúrtha agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais321,040 (2015)
Dúchasach doan Íoslainn
Stáitan Íoslainn agus an Danmhairg
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Gearmáinice
teangacha Gearmáinice Tuaisceartacha
Scandinavian languages (en) Aistrigh
teangacha Lochlannacha Iartharacha
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach, aibítir na hÍoslainnise agus Icelandic Braille (en) Aistrigh
Institiúid caighdeánaitheÁrni Magnússon Institute for Icelandic Studies (en) Aistrigh
Stairhistory of Icelandic (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1is
ISO 639-2isl
ISO 639-3isl
Glottologicel1247
Linguasphere52-AAA-aa
Ethnologueisl
ASCL1502
IETFis

Is teanga Ghearmáinice Thuaidh í an Íoslainnis (íslenska) a labhraítear don chuid is mó san Íoslainn, tír ina bhfuil sí ina teanga oifigiúil. Thairis sin, tá pobail bheaga á saothrú in áiteanna i gCeanada.

Is í an tSean-Íoslainnis, teanga Lochlannach a labhraítí agus a scríobhtaí sa Mheánaois, an teanga ónar eascair an Nua-Íoslainnis. Go stairiúil, is as iarthar na hIorua a tháinig formhór na lonnaitheorí a chuaigh ar imirce chun na hÍoslainne. Mar sin, bhí an tSean-Íoslainnis agus an tSean-Ioruais an-chosúil lena chéile, agus is iad canúintí iarthar na hIorua is gaolmhaire leis an Íoslainnis sa lá atá inniu ann, lasmuigh den Fharóis. Mar sin féin, toisc í a bheith scoite ó chanúintí na Mór-roinne, is ar éigean a d’athraigh gramadach na hÍoslainnise le linn na mílaoise ó shin, go háirithe ó thaobh na moirfeolaíochta de. Inniu, tá an Íoslainnis i bhfad níos cosúla leis an tSean-Lochlainnis a bhí á labhairt ag na hUigingigh a thug an t-oileán chun míntíreachais míle bliain ó shin ná leis na teangacha nua-aoiseacha eile i gCríoch Lochlann.

Téann traidisiún liteartha na hÍoslainnise siar go dtí an Mheánaois, agus is beag difríocht is féidir a aithint idir Íoslannis na tríú haoise déag agus Íoslainnis an lae inniu, ó thaobh na teanga scríofa ar a laghad. Mar sin, bíonn cainteoirí ábalta an tseanlitríocht a léamh, cé go n-úsáidtear nótaí le ciall a bhaint as an gcomhthéacs cultúrtha de ghnáth.

Is í an fuaimniú is mó a d'athraigh idir an dá linn, agus uaireanta bíonn sé le haithint ar an litriú: rinneadh ég den fhocal ek "mé", agus tháinig an -ð in áit an -t san fhoirm neodrach de rangabháil na haimsire caite agus den alt: fundið "aimsithe, fionnta, faighte" (an inscne neodrach) an leagan nua-aimseartha, fundit a bhí ag lucht labhartha na Sean-Íoslainnise.

Is féidir na hathruithe a shoiléiriú leis an sliocht seo as an scéal sean-Íoslannach úd Örvar-Odds saga:

Grímr hét maðr ok var kallaðr loðinkinni. Því var hann svá kallaðr, at hann var með því alinn, en þat kom svá til, at þá þau Ketill hængr, faðir Gríms, ok Hrafnhildr Brúnadóttir gengu í eina sæng, sem fyrr er skrifat, at Brúni breiddi á þau húð eina, er hann hafði boðit til sín Finnum mörgum, ok um nóttina leit Hrafnhildr út undan húðinni ok sá á kinn einum Finninum, en sá var allr loðinn. Ok því hafði Grímr þetta merki síðan, at menn ætla, at hann muni á þeiri stundu getinn hafa verit. Grímr bjó í Hrafnistu. Hann var auðigr at fé ok mikils ráðandi um allt Hálogaland ok víðar annars staðar. Hann var kvángaðr, ok hét Lopthæna kona hans. Hún var dóttir Haralds hersis ór Vík austan.

Seo mar a litreofaí inniu é:

Grímur hét maður og var kallaður loðinkinni. Því var hann svo kallaður, að hann var með því alinn, en það kom svo til, að þá þau Ketill hængur, faðir Gríms, og Hrafnhildur Brúnadóttir gengu í eina sæng, sem fyrr er skrifað, að Brúni breiddi á þau húð eina, er hann hafði boðið til sín Finnum mörgum, og um nóttina leit Hrafnhildur út undan húðinni og sá á kinn einum Finninum, en sá var allur loðinn. Og því hafði Grímur þetta merki síðan, að menn ætla, að hann muni á þeirri stundu getinn hafa verið. Grímur bjó í Hrafnistu. Hann var auðugur að fé og mikils ráðandi um allt Hálogaland og víðar annars staðar. Hann var kvongaður, og hét Lofthæna kona hans. Hún var dóttir Haralds hersis úr Vík austan.

Tá gramadach ar leith ag an Íoslainnis i gcomparáid leis na teangacha Gearmáinice nua-aimseartha eile, go háirithe nuair a áirítear cé chomh saibhir agus atá a moirfeolaíocht ainmfhoclach agus bhriathartha. Is teanga an-infhillte í, a bhfuil ceithre thuiseal aici: ainmneach, cuspóireach, tabharthach agus ginideach. Tá trí inscne aici, a aithnítear thar a chéile iad san uimhir iolra chomh maith leis an uimhir uatha: firinscne, baininscne agus neodar. Don chuid is mó, marcáiltear na catagóirí seo go soiléir ar ainmfhocail, aidiachtaí agus forainmneacha, de ghnáth i bhfoirm iarmhíreanna infhillte ag deireadh na fréamhfhoirme atá i gceist, mar a léirítear sna táblaí thíos:

FJÖRÐUR "caolsháile, fiord" (firinscneach láidir), API "ápa" (firinscneach lag)

uatha iolra
ainmneach fjörður, api firðir, apar
cuspóireach fjörð, apa firði, apa
tabharthach firði, apa fjörðum, öpum
ginideach fjarðar, apa fjarða, apa

ÁÆTLUN "amchlár, sceideal, plean" (baininscneach)

uatha iolra
ainmneach áætlun áætlanir
cuspóireach áætlun áætlanir
tabharthach áætlun áætlunum
ginideach áætlunar áætlana

HÚS "teach" (neodrach)

uatha iolra
ainmneach hús hús
cuspóireach hús hús
tabharthach húsi húsum
ginideach húss húsa

Níl alt éiginnte san Íoslainnis, ach is gné den teanga nua-aimseartha é an t-alt deimhneach. Níor fhorbair sé ach faoin am ar shealbhaigh na Lochlannaigh an Íoslainn, agus i stíleanna áirithe, go háirithe i stíl na seanscéalta, is féidir an t-alt deimhneach féin a fhágáil ar lár. Díochlaontar an t-alt sa dá uimhir agus sna tuisil: húsið ("an teach", ainmneach agus cuspóireach), husinu (tabharthach), hússins (ginideach), húsin (ainmneach agus cuspóireach san uimhir iolra), húsunum (tabharthach iolra), húsanna (ginideach iolra). Tabhair faoi deara go ligtear -m an tabharthaigh iolra ar lár roimh an alt.

Cuireann muintir na hÍoslainne an-bhéim ar an nglanteangachas, agus is minic a úsáideann siad a dtéarmaí féin seachas na focail idirnáisiúnta. Samplaí is ea iad:


efnafræði ceimic
frumeind adamh (d'fheicfeá atóm chomh maith)
líffræði bitheolaíocht
orka fuinneamh
sími teileafón, guthán
sjónvarp teilifís
stærðfræði matamaitic
tölva ríomhaire
útvarp raidió, craolachán

Úsáidtear téarmaí freisin a bhfuil cosúlacht éigin acu leis an mbunfhocal coimhthíoch cé go bhfuil ciall acu san Íoslainnis ("comhoiriúnú fónaiséimeantach" mar a deirtear). Mar shampla is é an focal Íoslainnise ar "teicneolaíocht" ná tækni: is léir gurb é teknikTechnik bunús an fhocail seo, ach san am chéanna is féidir leis an gcainteoir Íoslainnise é a shamhlú leis an bhfocal dúchasach tæki = gléas (teicneolaíoch).

Go coitianta, áfach, ní aistrítear ainmneacha na bpáirtithe polaitiúla ná na focail a dhíorthaíonn uathu: kommúnismi, sósíalismi, fasismi, nasismi. Úsáidtear demókrati agus repúblíkani le tagairt do na páirtithe sna Stáit Aontaithe (agus cosúil leis sin is kristilegir demókratar iad na Daonlathaigh Chríostaí i dtíortha áirithe san Eoraip), ach is lýðræðissinnar agus lýðveldissinnar iad na daonlathaigh agus na poblachtaigh sa ghnáthchiall. (Írski lýðveldisherinn a thugtar ar an IRA as Íoslainnis, agus is lýðveldissinnar iad na Poblachtaigh Éireannacha.)

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]