Jump to content

An Deilf

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Deilf
an Deilf
an Deilf
Ainm Laidine (IAU)Delphinus
NodDel
Ginideach LaidineDelphini
SiombalaíochtDeilf
Dronairde20.7 h
Diallas+13.8°
Achar189 céim cearnach
Céim 69ú
Líon na réaltaí
(amharcmhéid < 3)
0
Réalta is gileRotanev (β Del)
(méid 3.63)
DreigecheathannaDada
Réaltbhuíonta
ar theorainn leista
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −70°
Sárfheicthe i rith na míosa seo: Meán Fómhair an infheictheacht is fearr

Is réaltbhuíon bheag thuaisceartach í an Deilf atá i ngar don mheánchiorcal neamhaí. Bhí sí ar chlár na 48 réaltbhuíon a leag amach Tolamaes sa dara haois, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha a nglacann an tAontas Réalteolaíoch Idirnáisiúnta leo. Is é Delphinus, a chiallaíonn deilf, an t-ainm Laidine a thugtar uirthi.

Tá an-chosúlacht le deilf aici agus í ag léimneach de bharr na dtonnta; mar sin de is an-fhurasta í a aithint ar an spéir. Tá an Deilf teorainn ar theorainn leis na réaltbhuíonta seo a leanas (deiseal, ag tosach ar an taobh thuaidh): an Sionnach, an tSaighead, an tIolar, an tUisceadóir, an Capall Beag and faoi dheireadh an capall sciathánach Peigeasas.

Príomhghnéithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • β Del: dá ngairtear Rotanev; F5 IV, ar méid 3.63
  • γ Del: ar cheann de na réaltaí dhúbailte is áille atá ar an spéir
    • γ1 Del: F7 V, ar méid 5.14
    • γ2 Del: K1 IV, ar méid 4.27
  • δ Del: A7 IIIp, ar méid 4.43
  • Cónra Iób: comhdhéanann na ceithre réaltaí thuas-luaite astaireacht darb ainm Cónra Iób
  • ε Del: dá ngairtear Deneb Dulfim (ruball na Deilfe); B6 III, ar méid 4.0


Réada suntasacha domhainspéire

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • NGC 7006: 185,000 solasbhliain i bhfad i gcéin; is an-imigéiniúil an réaltbhraisle chruinneogach seo atá ar méid 11.5


Ní théann siar go dtí an seansaol, mar a cheapfaí, ainmneacha an dá réalt is gile atá ar an réaltbhuíon seo, Sualocin (Alfa Delphini) agus Rotanev (Beta Delphini). A mhalairt ar fad: tá an dá chuid le chéile nua go maith. Chonacthas i gcló don chéad uair iad ar réaltchatalóg a d'fhoilsigh Réadlann Palermo san Iodáil sa bhliain 1814. Má léitear droim ar ais iad, litríonn siad an t-ainm Nicolaus Venator, leagan Laidine ar ainm stiúrthóra chúnta na réadlainne sin ag an am sin: Niccolò Cacciatore. Is éard is brí le Cacciatore agus Venator araon ná "sealgaire".


Miotaseolaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann an réaltbhuíon seo le dhá scéal thábhachtacha as miotaseolaíocht na Gréige.

De réir an chéad chinn acu, ba mhaith leis an dia Gréagach Poisíodón an néiriad Aimfitrití a phósadh. Ar mbeith di, áfach, ag iarraidh a maighdeanas a choimeád, theith sí go Sliabh Atlas. Chuir a suiríoch amach an iomad cuardaitheoirí, duine áirithe darbh ainm Delphinus ina measc. Tháinig Delphinus uirthi de thaisme, agus d'éirigh leis a chur ina luí gur cheart di Poisíodón a phósadh. As buíochas, chuir an dia íomhá deilfe i measc na réaltaí.

Cuireann an dara scéal síos ar fhile Gréagach darbh ainm Arion as Lesbos, a mhair sa 7ú aois RC. Ceoltóir cúirte a bhí ann i bpálás Periander, rí Corinth. Bhí Arion tar éis an-stór a chruinniú i rith a chamcuairteanna sa tSicil agus san Iodáil. Ach ar a bhealach abhaile dó ó Tarentum, chuir foireann a loinge comhcheilg ar bun ina aghaidh mar gheall ar a shaibhris. I nguais bháis, Rinne Arion iarratas deireanach: ba mhaith leis tuireamh a chanadh. Ghéill an fhoireann dá iarratas, ach nuair a bhí sé ag canadh an tuirimh seo, thum sé isteach san fharraige; ach tharrtháil deilf é ar chuir a cheol faoi dhraíocht í. D'iompaigh an deilf go dtí an Ghréigh é agus tháinig sé i dtír slán sábháilte.



Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]


  • Burnham, Robert Jr. (1966, 1978). Burnham's Celestial Handbook: An Observer's Guide to the Universe Beyond the Solar System, v.2. General Publishing Company, Ltd., Toronto. ISBN 0-486-23567-X.


Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes

an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir


Na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha
an Abhainn | an tAerchaidéal | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAonbheannach | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | an Caimileon | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | an Chíle | an Clog | an Colgán | an Colm | an Compás | Compás an Mhairnéalaigh | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Chorr | an Chros | an Chuileog | an Cupán | an Cúpla | an Dealbhóir | an Deilf | Deireadh na Loinge | an Dragan | an Eala | Éan Parthais | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Féinics | an Fhoirnéis | Folt Bheirnicé | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIasc Eitilte | an tIndiach | an tIolar | an Laghairt | an Leon | an Leon Beag | an Lir | an Lincse | an Líontán | an Madra Beag | na Madraí Fiaigh | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Micreascóp | an Míol Mór | an tOchtamhán | an Phéacóg | Peigeasas | an Péintéir | Peirséas | an Phéist | an Phéist Bheag | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Riail | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Sciath | an Seiseamhán | na Seolta | an Sionnach | an Sioráf | an Siséal | an Tábla | an Tarbh | an Teileascóp | an Triantán | Triantán an Deiscirt | an Túcán | an tUisceadóir