An Diftéire
Cineál | primary bacterial infectious disease (en) , Corynebacterium infection (en) , galar agus pandemic and epidemic-prone diseases (en) |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | scornach nimhneach, fiabhras, barking cough (en) , céislíníteas, cliseadh croí, peripheral neuropathy (en) , at agus pseudomembrane (en) |
Scrúduithe | Elek's test (en) , cultúr mhicribhitheolaíochta agus scrúdú fisiciúil |
Cóireáil | antaibheathach, tracheotomy (en) agus antitoxin (en) |
Cógais benzylpenicillin (en) , tylosin (en) , antitoxin (en) , ampicillin (en) , peinicillin, azithromycin (en) agus clarithromycin (en) | |
Pataigineas | |
Tarchur pataigineach | tras-seoladh aeriompartha agus ionfhabhtú braoiníneach |
Cúis | Corynebacterium diphtheriae |
Aicmiú | |
ICD-10 | A36 |
ICD-9 | 032 |
CIAP | R83 |
Acmhainní seachtracha | |
DiseasesDB | 3122 |
MedlinePlus | 001608 |
eMedicine | 782051, 215100, 1204017 agus 963334 |
MeSH | D004165 |
Orphanet | 1679 |
UMLS CUI | C0012546, C0010153 agus C1301422 |
DOID | DOID:11405 |
Galar daonna is ea diftéire atá cúisithe ag an bachaillín Corynebacterium diphtheriae. Galar baictéarach tógálach a d'fhéadfadh cumhdach tiubh a chruthú sa tsrón, sa scornach nó san aer-phíobán atá ann.
Bíonn na baictéir as a n‑éiríonn diftéire le fáil i mbéal, i scornach agus i srón duine atá ionfhabhtaithe. Is féidir na baictéir seo a chur ar aghaidh go daoine eile go héasca eile trí bhraonacha taise a scaipeadh le casacht nó le sraothanna. Uaireanta leanann deacrachtaí slogtha, giorra anála agus plúchadh as an diftéire. Is tinneas tromchúiseach é diftéire.
Gheobhaidh duine amháin as gach 15, a bhfuil an diftéire orthu, bás dá bharr. Cruthaíonn an diftéire tocsain (nimh) chumhachtach a dhéanann dochar do bhaill agus d’fhíocháin an choirp. Uaireanta leanann aimhréidhe eile as sin, cosúil le pairilis, cliseadh croí nó bás.
Siomtóim
[cuir in eagar | athraigh foinse]De ghnáth, is é an chéad siomptóm ná scornach pianmhar agus deacracht slogtha. Tá siomptóim eile ann, cosúil le lagfhiabhras, masmas, caitheamh aníos, tinneas cinn agus buille croí tapa.
Baineann na haimhréidhe seo a leanas le diftéire:
- Cliseadh croí
- Pairilis
- Dianfhadhbanna análaithe
- Deacrachaí slogtha
- Bás
Vacsaín do Dhiftéire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an vacsaín diftéire sábháilte.Maidir le daoine ar tugadh an vacsaín dóibh: deargaíonn agus atann an áit ar tugadh an t‑instealladh dóibh nó bíonn fiabhras ar dhuine amháin as gach deichniúr.Is annamh a bhíonn fo‑iarsmaí tromchúiseacha ag diftéire.
Tugann an vacsaín cosaint do phaistí ar an tocsain as a n‑éiríonn siomptóim an tinnis, seachas cosaint ar na baictéir féin. Mar gheall ar go dtéann an vacsaín i gcion ar an tocsain, glaotar tocsóideach air.
Tugann cúrsa iomlán den vacsaín seo cosaint mhaith do 95% de dhaoine. Is féidir leis na baictéir fanacht i scornach na ndaoine a bhfuil imdhíonadh faighte acu. Mar gheall air sin, cé go bhfuil siad féin imdhíonta, is féidir leo na baictéir a chur ar aghaidh go daoine nach bhfuil imdhíonadh acu, agus go leanaí óga.
Cosaint a fháil ar dhiftéire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is féidir cosaint a fháil ar dhiftéire trí vacsaíniú a fháil. Tugtar an vacsaín diftéire mar chuid den Chlár um Imdhíonadh do Leanaí, in éineacht leis an vacsaín diftéire, leis an vacsaín treacha, leis an vacsaín HiB, agus leis an vacsaín polaimiailítis dhíghníomhaithe. Deirtear go bhfuil sé fíorthábhachtach imdhíonadh a fháil i gcoinne na diftéire mar go bhfuil cásanna diftéire ag dul i méid timpeall na cruinne toisc go bhfuil an ráta imdhíonta ag titim.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cambridge Illustrated History of Medicine(Béarla), eagarthóir Roy Porter, Cambridge University Press 1988, (ceathrú priontáil 2009)
- Le heolas níos cuimsithí a fháil ar dhiftéire, féach ar National Immunisation Guidelines of Ireland 2002, Caibidil 3 mar atá ar fáil ar an suíomh Gréasáin seo: http://www.hpsc.ie/A‑Z/VaccinePreventable/Vaccination/Publications/ImmunisationGuidelines/#d.en.937[nasc briste go buan]
- http://www.immunisation.ie/en/Downloads/PDFFile_15309_en.pdf
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |