An tArm Dearg
(1919) | |||||
Ainmnithe in ómós | dearg | ||||
---|---|---|---|---|---|
Sonraí | |||||
Ainm gearr | РККА | ||||
Cineál | arm | ||||
Stair | |||||
Téann in áit | na Gardaí Dearga | ||||
Dáta a bunaíodh | 15 Eanáir 1918 (Iúlach) 23 Feabhra 1918: (Lá Chosantóir na hAthartha) | ||||
Bunaitheoir(í) | Iósaf Stailín, Nikolai Podvoisky agus Vlaidímír Leinín | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 25 Feabhra 1946 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Cuid de | Fórsaí Armtha na Rúise Sóivéadaí Fórsaí Armtha an Aontais Shóivéadaigh | ||||
Tugtar an tArm Dearg ar arm Phoblacht Shóivéadach na Rúise (1918–1922) agus, ó 1922 go 1946, ar arm agus aerfhórsa an Aontais Shóivéadaigh. Bhunaigh Leon Trotsky[1] an t-arm i mí Eanáir 1918 chun troid in aghaidh naimhde an náisiúin nua le linn Chogadh Cathartha na Rúise, go háirithe na grúpaí éagsúla frithchumannacha ar a dtugtar an tArm Bán. I mí Feabhra 1946, athainmníodh an tArm Dearg (a chuimsigh an chuid is mó d'Fhórsaí Armtha an Aontais Shóivéadaigh, in éineacht leis an gCabhlach Sóivéadach) mar “an tArm Sóivéadach”, agus ina dhiaidh sin mar “Arm na Rúise” ar an 7 Bealtaine 1992, tar éis titim an Aontais Shóivéadaigh.
Sholáthair an tArm Dearg an fórsa talún is mó i mbua na gComhghuaillithe san Eoraip sa Dara Cogadh Domhanda, agus bhrostaigh an t-ionradh a rinne sé ar an Manchúir géilleadh gan choinníoll na Seapáine Impiriúla. Le linn a chuid oibríochtaí ar an bhFronta Thoir san Eoraip, ba é ba chúis le 75-80% de na taismigh a d'fhulaing an Wehrmacht agus an Waffen-SS le linn an chogaidh, agus i ndeireadh na dála, ghabh sé príomhchathair na Gearmáine, Beirlín.
Bhí suas le 34 milliún saighdiúir san Arm Dearg le linn an Dara Cogadh Domhanda, agus ba mhionlaigh neamh-Shlavacha 8 milliún acu. Go hoifigiúil, maraíodh 6,329,600 saighdiúir de chuid an Airm Dheirg i gcomhrac, fuair 555,400 bás de bharr galair, agus chuaigh 4,559,000 ar iarraidh i gcomhrac (gabhadh an chuid is mó acu). Gan príosúnaigh chogaidh a áireamh, ba Rúisigh eitneacha iad formhór na marbh (5,756,000) agus Úcránaigh eitneacha ina dhiaidh sin (1,377,400). As na 4.5 milliún saighdiúir a bhí ar iarraidh, d'fhill 939,700 ar an arm i gcríocha saortha Sóivéadacha, agus d'fhill 1,836,000 eile ó bhraighdeanas na Gearmáine. Ba é 8,668,400 iomlán oifigiúil na gcaillteanas i ndeireadh na dála, ach fuair suas le 11 milliún saighdiúir bás de réir meastacháin eile.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Renton (2004). "Trotsky" (in en). Haus Publishing. ISBN 978-1-904341-62-8.
- ↑ “soviet casualties”. encyclopedia.mil.ru. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 29 February 2020. Dáta rochtana: 2019-02-21.