Bulmer Hobson
Cuma
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 14 Eanáir 1883 Béal Feirste, Northern Ireland |
Bás | 8 Lúnasa 1969 86 bliana d'aois Caisleán Uí Chonaill, Éire |
Siocair bháis | Galar |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Chumann na gCarad, Lios na gCearrbhach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | údar, iriseoir |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Ba náisiúnaí, sóisialaí agus iriseoir Éireannach é Bulmer Hobson (14 Eanáir 1882 – 8 Lúnasa 1969), a rugadh i mBéal Feirste.
Ball den IRB agus Óglaigh na hÉireann ab ea é. Ach ní raibh sé páirteach in Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, mar níor aontaigh sé leis an scéim agus rinne sé iarracht an eachtra ar fad a chur ar ceal, in éineacht le Eoin Mac Néill. D'ainneoin an rud sin, bhí sé an-ghníomhach sa ghluaiseacht roimhe sin, ag obair go dian le Tomás Ó Cléirigh agus Séamas Ó Conghaile go háirithe.
Cé gur ceannaire tábhachtach é Hobson roimh an Éirí Amach, ní raibh an tionchar agus stádas céanna aige níos déanaí. D'fhan sé amach as an polaitíocht don chuid is mó as seo amach, gan páirt a ghlacadh sa Chogadh Angla-Éireannach.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |