Darmstaidtiam
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúile sintéiseacha |
---|---|
Darmstaidtiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Ds agus Uun |
Uimhir adamhach | 110 |
Peiriad, Grúpa | peiread 7 grúpa 10 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Stair | |
Aimsitheoir | GSI Helmholtz Centre for Heavy Ion Research (en) |
Fionnachtain | 9 Samhain 1994 |
Eapainm | Darmstadt |
Is dúil cheimiceach shaorga é an darmstaidtiam. Is í an uimhir adamhach atá aige ná 110, agus is í an tsiombail a sheasann dó ná Ds. Ceann de na dúile trasachtanóideacha atá ann - is é sin, tá sé níos troime ná na hachtanóidigh féin. Dá réir sin, is dúil radaighníomhach é a dtagann meath air go sciobtha, agus níl teacht air sa dúlra. Dá réir sin, ní féidir meáchan adamhach a shocrú dó, agus úsáidtear maisuimhir an iseatóip is cobhsaí ina áit. Is é Ds-281 an t-iseatóp sin, agus é féin gan ach 12.7 soicind ar leathré.
Ba iad Sigurd Hofmann, Peter Armbruster agus Gottfried Münzenberg a ghin an chéad adamh darmstaidtiam san Institiúid um Thaighde ar na Tromiain in Darmstadt sa Ghearmáin sa bhliain 1994. Sa bhliain 2003 fuair an dúil an t-ainm atá uirthi inniu, agus ar ndóigh tá sé bunaithe ar ainm na cathrach úd ina ndearnadh fionnachtain na dúile.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |