Dlí Dáithí
Cineál | Acht de chuid Thionól Thuaisceart Éireann |
---|---|
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Teanga | Béarla |
Obair iomlán | Téacs iomlán |
Ar 22 Feabhra 2023, thug parlaimint Westminister a bheannacht do 'Dhlí Daithí', mar a thugtar air. Seo dlí maidir le deonú orgáin i dTuaisceart na hÉireann. Faoin reachtaíocht glacfar leis go bhfuil comhthoil ann chun orgáin a dheonú muna ndeirtear a mhalairt.[1][2] Ciallaíonn an dlí anois gur deontóir é gach duine fásta go huathoibríoch ach amháin sa chás go gcuireann duine a mhalairt in iúl.[3]
'Dlí Dháithí' a tugadh ar an dlí in onóir Dáithí Mac Gabhann, buachaill as Béal Feirste, a bhí seacht mbliana d'aois ag an am,ag fanacht le croí nua. Bhí Siondróm hipeapláiseach croí clé air nuair a rugadh é. De thoradh fheachtas fada a mhuintire, tugadh isteach dlí nua sa Tuaisceart faoin mbreathnaítear anois ar bheagnach gach duine fásta atá tar éis bháis mar dheontóir orgán. Glactar leis nár mhiste le daoine go mbainfí leas as a gcuid orgán mura raibh sé tugtha le fios go sonrach acu agus iad ina mbeatha nár mhian leo iad a dheonú.[4]
Ainneoin an dlí nua, d'achainigh athair Dáithí, Máirtín Mac Gabhann ar dhaoine clárú mar dheontóirí orgán agus an scéal a phlé go hoscailte le daoine eile d'fhonn feasacht an phobail trí chéile ar an gceist a fheabhsú. Chomh maith le Dáithí, bhí suas le 150 duine sa Tuaisceart ag fanacht le horgán nua sa bhliain 2022. Fuair 96 duine ó thuaidh orgán nua ó dheontóirí a bhí básaithe sa bhliain chéanna. Ar an drochuair, cailltear thart ar chúig dhuine dhéag gach bliain sa Tuaisceart agus iad ag fanacht le horgán nua.[4]
2024
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí ardú croí tugtha ag dlí nua i dTuaisceart Éireann do othair atá ag fanacht le trasphlandú orgáin agus níos mó deontóirí orgán cláraithe in 2023/2024 ná mar a bhí riamh.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Tús Áite / RnaG (22 Feabhra 2023). "Dlí Dáithí" (as ga-IE).
- ↑ "Dáithí's Law on organ donation clears final hurdle in Commons" (en-GB) (2023-02-22). Dáta rochtana: 2023-11-22.
- ↑ 3.0 3.1 Áine Ní Ghallchóir / Nuacht RTÉ (2024-06-01). "Ardú croí tugtha ag Dlí Dháithí do othair trasphlandaithe" (as ga-IE).
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2023-11-22). "Dáithí Mac Gabhann ag fanacht 2,000 lá le croí nua" (as ga-IE).
Is síol faoin dlí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
Is síol faoi Thuaisceart Éireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |