Edward Hayes
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1810 Contae Laoise |
Bás | 12 Samhain 1870 59/60 bliana d'aois Kilmore, Victoria |
Áit adhlactha | Melbourne General Cemetery (en) , Section: L Grave Number: 12/13 Religion: R-C 37° 47′ 17″ S, 144° 57′ 57″ E / 37.788147°S,144.965758°E |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Gníomhaíocht | |
Gairm | stocbhróicéir, státseirbhíseach |
Teangacha | Béarla |
Scoláire Gaeilge agus náisiúnach Éireannach ba ea Edward Hayes (1810 – 1870). Rinne sé bailiúchán mór de bhailéid Bhéarla na hÉireann. Bhain sé an Astráil amach, áit ar fhág sé a rian ar shaol na tíre agus ar ghnóthaí na nGael.
A bheatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh é i gContae Laoise. Bhí sé ina cheannaire ar an Irish Confederation, eagraíocht réabhlóideach a bunaíodh sa bhliain 1847. Nuair a theip ar éirí amach na bliana 1848 d’aistrigh sé féin agus a bhean chéile anonn go Sasana.
Agus é ag obair mar stocbhróicéir in Leeds chuir sé The Ballads of Ireland, saothar dhá imleabhar, le chéile. Foilsíodh é den chéad uair sa bhliain 1855 i nDún Éideann agus bhí iarraidh mhór air. Ba sa bhliain sin freisin a chuaigh Hayes agus a chúram go dtí Melbourne na hAstráile. Chuaigh sé ag obair sa Colonial Bank ar dtús agus i Roinn Iarnród Victoria ina dhiaidh sin. Bhí suim aige i gcúrsaí poiblí agus scríobhadh sé chun na nuachtán. Bhí síntiús aige leis an gCumann Oisíneach agus bhí clú air mar scoláire Gaeilge.
Sa bhliain 1862 cailleadh a iníon Honora in aois a hocht mbliana déag. Tá inscríbhinn Ghaeilge ar a tuama i Mór-Reilig Melbourne. Ba mhillteanach an babhta ar Hayes é: tháinig sé idir é féin agus a chuid oibre agus tháinig saghas parailise air. Bhí easpa airgid ar an teaghlach agus d’aistrigh siad ó Melbourne go Kilmore, baile a raibh mórán Éireannach ina gcónaí ann. Bhí buaireamh eile i ndán do Edward agus do Ann: cuireadh a mac isteach i dteach na ngealt.
Sa bhliain 1864 dhíol Hayes a leabharlann, cnuasach a raibh os cionn 3,000 leabhar ann. Bhí roinnt lámhscríbhinní Gaeilge ina measc, agus b’fhéidir go raibh dhá lámhscríbhinn atá anois i Leabharlann Stáit Victoria orthu sin. Cúig bliana ina dhiaidh sin bhailigh Séarlas Gabhánach Ó Dubhthaigh agus daoine eile airgead ón bpobal leis an teaghlach a chothú.
Fuair Hayes bás sa bhliain 1870 in aois a sheachtó bliain.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Noone, Val (2012). Hidden Ireland in Victoria, lch 50. Ballarat Heritage Services. ISBN 978-1-876478-83-4
[1] The Ballads of Ireland. Collected and edited, with notes historical and biographical, by Edward Hayes, Esq.. Dublin: James Duffy, & Sons (gan dáta).
[2] Meamram Páipéir Ríomhaire: dhá lámhscríbhinn scanáilte (MS 10595 agus MS RARES 091 C76) i Leabharlann Stáit Victoria