Fergus mac Róich
Teaghlach | |
---|---|
Céile | Neasa |
Páirtí | Méabh |
Athair | Rossa Ruad |
Sa Rúraíocht i miotaseolaíocht na nGael, iar-rí Uladh ba ea Fearghas mac Róigh (Sean-Ghaeilge Fergus mac Roích nó mac Róeg). Bhuail Neasa bob air chun fáil réidh leis mar rí agus a mac Conchúr mac Neasa a chur ina áit. Is é Fergus Foga ainm eile air, dar le T. F. O'Rahilly. D'fhéadfadh go raibh Fergus mac Léti ina leagan eile dó freisin.
Nuair a theith Deirdre agus Naoise ó Chonchúr go hAlbain (theastaigh ó Chonchúr Deirdre a phósadh), seoladh Fearghas chun iad a thabhairt abhaile go sábháilte. Mharaigh fir Chonchúir Naoise agus a dheartháireacha, agus phós sé Deirdre in aghaidh a tola. Bhí Fearghas ar buile faoin mí-ionraiceas seo agus chuaigh sé lena lucht leanúna go cúige Chonnacht. Ghlac Ailill agus Méabh leo agus bhí Fearghas agus Méabh mar leannáin ó shin amach. Throid Fearghas agus a fhir ar son na gConnacht i gcoinne Chúige Uladh agus Cú Chulainn (a mhac altrama) sa Táin Bó Cúailgne.
Phós Fearghas bandia-fianna, Flidhias agus bhí clú air mar gheall ar a ghnéasúlacht. Bhí an claíomh finscéalaíoch Caladbolg ina sheilbh aige, a d'úsáid sé chun barra trí chnoc a bhaint. Maraíodh é ar ordú Ailealla mar gheall ar a chaidreamh le Méabh.
Tá páirt ag mac le Fearghas, Fiachra Cáech, i roinnt scéalta. Maraítear é agus é ag déanamh iarrachta saol Naoise a shábháil.
Téacsanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Tidings of Conchobar son of Ness
- The Birth of Cú Chulainn
- Bricriu's Feast Curtha i gcartlann 2005-06-10 ar an Wayback Machine
- The Exile of the Sons of Usnech
- The Driving of Flidais's Cattle
- The Adventures of Nera
- The Cattle Raid of Cooley, recension 1
- The Cattle Raid of Cooley, recension 2
- The Death of Fergus mac Róich
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |