Mary O'Rourke
Polaiteoir de chuid Fhianna Fáil agus aire rialtais ba ea Mary O'Rourke nó Máire Uí Ruairc (31 Bealtaine 1937 - 3 Deireadh Fómhair 2024). Mí na Samhna 1982 a toghadh Mary O'Rourke don Dáil den chéad uair, agus bhí sí ina haire agus ina haire stáit i rialtais éagsúla faoi Charles Haughey, Albert Reynolds agus Bertie Ahern.[1]
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Teachta Dála a bhí ina n-athair, Patrick Lenihan. Teaghlach mór le rá sa pholaitíocht ba muintir Lenihan. Ba deirfiúr í leis an iarAire Rialtais Brian Lenihan Mór a bhásaigh i 1995 agus aintín le Brian Lenihan Óg a d'éag in 2012. Múinteoir scoile ab ea Mary O'Rourke sula ndeachaigh sí leis an bpolaitíocht.[2] Toghadh Mary O'Rourke chun na Dála den chéad uair i ndáilcheantar an Longfoirt-na hIarmhí i 1982 mar Theachta Dála le Fianna Fáil. Toghadh arís í go leanúnach go dtí gur chaill sí a suíochán in olltoghchán 2002.
Ba í leas-ceannaire Fhianna Fáil ó 1994 go dtí 2002.
Ba é an Taoiseach Cathal Ó hEochaidh a cheap ina hAire Oideachais í (1987-1991) agus ina hAire Sláinte (1991-1992). Dhún O'Rourke Coláiste Oideachais Dhún Chéirí, nó Carysfort College, sa bhliain 1988, rud a tharraing scannal ollmhór.[3] I 1992, chuaigh Albert Reynolds i gcomharbacht at Chathal Ó hEochaidh mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhianna Fáil. Dhíbir sé O’Rourke as an rialtas.[4]
Ba é Bertie Ahern a bhí ina Thaoiseach i 1997 agus cheap seisean ina hAire Fiontar Polblí í i ndiaidh an olltoghcháin i samhradh na bliana sin. Ba sa ról sin a shocraigh Mary O'Rourke ar Telecom Éireann a phríobháidiú i 1999. Mhol sí do dhaoine scaireanna a cheannach sa chomhlacht príobháidithe ach chaill a lán daoine a lán airgid mar gheall ar an gcomhairle sin.[5]
Chaill Mary O'Rourke a suíochán san olltoghchán in 2002. Ceapadh chun an tSeanaid í ina dhiaidh sin. Chaith sí tréimhse mar cheannaire Fhianna Fáil sa Seanad ó 2002 go dtí 2007, nuair a d'éirigh léi suíochán Dála a bhuachan arís in Olltoghchán 2007. D'fhan sí sa Dáil go dtí 2011, tráth a d'éirigh sí as an bpolaitíocht.
Bhásaigh fear céile Mary O'Rourke, Enda, in 2001. Bhí beirt mhac aici, Feargal agus Aengus, agus a gclanna siúd, seisear garpháistí.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTE (2024-10-07). "'Sároidhreacht' fágtha ag Mary O'Rourke - An Tánaiste" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-10-03). "An t-iarAire Rialtais Mary O'Rourke tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (23 Samhain 2018). "Cén fáth ar dúnadh Coláiste Dhún Chéirí? Na ceisteanna nár freagraíodh riamh…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-03.
- ↑ Cathal Mac Coille (4 Iúil 2020). "Litir oscailte chuig na Teachtaí Dála nach bhfuair an t-ardú céime…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-10-03.
- ↑ 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2024-10-03). "An t-iarAire Rialtais Mary O'Rourke tar éis bháis" (as ga-IE).