Mortimer Wheeler
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 10 Meán Fómhair 1890 Glaschú, Scotland |
Bás | 22 Iúil 1976 85 bliana d'aois Leatherhead, England |
Stiúrthóir UCL Institute of Archaeology (en) | |
1937 – 1946 – Vere Gordon Childe → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | University College London Bradford Grammar School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | seandálaí, réamhstaraí, staraí na healaíne |
Fostóir | London Museum (en) (1926–1944) Amgueddfa Cymru – Museum Wales (en) (1920–1926) UCL Institute of Archaeology (en) |
Ball de | |
Mac/iníon léinn | Olwen Brogan |
Faoi thionchar | |
Teangacha | Béarla |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | briogáidire |
Coinbhleacht | An Chéad Chogadh Domhanda agus an Dara Cogadh Domhanda |
Teaghlach | |
Céile | Tessa Wheeler Mabel Winifred Mary Wright (1939–) Margaret Collingridge Wheeler (1945–) |
Páiste | Michael Mortimer Wheeler ( ) |
Athair | Robert Mortimer Wheeler |
Gradam a fuarthas | |
Seandálaí Albanach ab ea Sir Robert Eric Mortimer Wheeler (10/9/1890-22/7/1976); eisean a cheap an saghas tochailte a thugtar an "Kenyon-Wheeler method" air (bhain an seandálaí Kathleen Kenyon tairbhe as sna caogaidí). Rinne sé staidéar in Ollscoil Londan; ceapadh é mar stiúrthóir Iarsmalann Náisiúnta na Breataine Bige sa bhliain 1920 agus ba é caomhnóir Iarsmalann Londan é ó 1926 go 1944.
Rinne sé mórán tochailte sa Bhreatain; sa bhliain 1944 ceapadh é mar Ard-Stiúrthóir na Seandálaíochta san India agus rinne tochailt i láithreáin i ngleann an Indiaigh; eisean a tháinig ar láithreáin Mohenjo-daro agus Harappa (1921). D'fhill sé abhaile sa bhliain 1948 agus rinneadh ollamh de in Institiúid nua na Seandálaíochta. Bhí iomrá leis de bharr a chuid leabhar agus a ndearna sé de chraoladh ar an raidió agus ar an teilifís, rud a léirigh scéal an ama a chuaigh thart do phobal mór. Rinneadh ridire de sa bhliain 1952.
Sna tríochaidí, nuair a bhí sé ag iniúchadh Maiden Castle, daingean ársa atá i ngar do Dorchester, bhain sé leas as bolscaireacht faoi fhiúntas na seandálaíochta chun mna áitiúla agus mic léinn a mhealladh chun dul ag obair dó saor in aisce. Ba dheas an tseift í: ní raibh le déanamh ag an seandálaí ach an gnó a stiúradh, agus is iomaí duine a bhain tairbhe as an gcleas ó shin.
Modh Kenyon-Wheeler
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir an mhodha seo foroinntear an talamh ina chearnóga atá isteach is amach le cúig mhéadar an taobh; déantar na cearnóga a thochailt, agus balc caol idir gach ceann díobh a fhágtar gan tochailt, é ag léiriú na stratam chun gur féidir foinse gach iarsma a dhéanamh amach go cruinn.
Tá fadhbanna ag baint leis an modh seo: ní féidir é a úsáid mura bhfuil strataim ann, is beag an mhaith é i dtochailt mhór, agus ní thugann sé deis do sheandeolaithe eile an láithreán a thochailt arís le modhanna nua. Tá tochailt limistéir oscailte tagtha ina ionad, mórán, cé go mbaintear feidhm as an "Modh" go fóill sa tSín agus san India.
Saothair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Archaeology from the Earth, 1954.
- Still Digging, Michael Joseph Ltd, 1955.
- Hill Forts of Northern France, Londain, 1957.
- The Indus Civilization, Cambridge, 1962.
- Roman art and architecture, 1964.
- Civilizations of the Indus Valley and Beyond, 1966.