Pierre Corneille
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 6 Meitheamh 1606 Rouen, An Fhrainc |
Bás | 1 Deireadh Fómhair 1684 78 bliana d'aois Páras, An Fhrainc |
Áit adhlactha | Eglise de Monceaux-l'Abbaye (en) |
2 Suíochán 14 den Académie française | |
22 Eanáir 1647 – 1 Deireadh Fómhair 1684 ← François Maynard – Thomas Corneille → | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Caitliceachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Lycée Pierre-Corneille |
Teanga dhúchais | an Fhraincis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Litríocht |
Gairm | drámadóir, scríbhneoir, aistritheoir, file, file dlíodóra |
Tréimhse oibre | 1625 – 1684 |
Ball de | Académie française (1647–1684) |
Seánra | Greanntraigéide, traigéide agus coiméide |
Gluaiseacht | Nuachlasaiceachas |
Teangacha | An Fhraincis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | Marie de Lampérière |
Páiste | Pierre Corneille |
Siblín | Thomas Corneille agus Antoine Corneille |
|
Drámadóir agus file Francach ab ea Pierre Corneille - nó le Grand Corneille (Gaeilge: Corneille Mór) nó Corneille l'aîné (Gaeilge: Sean-Chorneille/Corneille Mór), mar atá aithne air leis. Do rugadh é i gcathair Rouen na Fraince ar an 6ú lá de Mheitheamh sa mbliain 1606 agus do fuair sé bás i bPáras na Fraince ar an gcéad lá de Dheireadh Fómhair sa mbliain 1684. Tá Pierre Corneille ar dhuine desna drámadóirí Francacha is mó clú den 17ú haois.
Tar éis dó staidéar a dhéanamh ar an ndlí, do chaith sé tamall ina abhcóide ach scríobhadh sé ag an am céanna. Scríbhneoir rí-bhisiúla ab ea é, a chum idir dhrámaí traigéideacha agus dhrámaí grinn. Scríobh sé drámaí grinn ar dtús agus greanntraigéidí níos déanaí. Ba sa bhliain 1640 a thosaigh Corneille ar thraigéidí staire a scríobh.
Is cosúil gurb iad na traigéidí staire sin na saothair is cáiliúla dá chuid sa lá atá inniubh ann - téacsanna ar nós Horace (1640), Cinna (1641), Polyeucte (1642), Rodogune (1644), Héraclius (1647) agus Nicomède (1651). É sin ráite, tá an-chlú go deo ar shaothair ar nós Médée (1635; Gaeilge: Méidé), L'Illusion comique (1636; Gaeilge: An Seachmall Grinn) agus Le Cid (1637; Gaeilge: An Cid) leis.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol faoin Fhrainc é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |