Rhys ap Gruffydd
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1132 |
Bás | 28 Aibreán 1197 64/65 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Eile | |
Teideal uasal | Prionsa |
Teaghlach | House of Dinefwr (en) |
Céile | Gwenllian ferch Madog ap Maredudd ap Bleddyn |
Páiste | Gruffydd ap Rhys II, Susanna ferch Yr Arglwydd Rhys, Efa ferch Rhys ap Gruffudd ap Rhys, Catrin ferch Rhys ap Gruffudd, Maredudd Gethin ab Yr Arglwydd Rhys, Hywel Sais ap Rhys ap Gruffudd, Tangwystl (1) ferch Rhys ap Tewdwr ap Tewdwr Mawr, Margred ferch Rhys ap Gruffudd ap Rhys, Gwenllian verch Rhys, Cynwrig ap Rhys, Gwenllian ferch Rhys, Rhys Gryg, Maelgwn ap Rhys, Tangwystl (2) ferch Rhys ap Gruffudd |
Athair | Gruffydd ap Rhys agus Gwenllian ferch Gruffydd |
Siblín | Maredudd ap Gruffydd, Anarawd ap Gruffydd agus Cadell ap Gruffydd |
Rialtóir ríocht Deheubarth i ndeisceart na Breataine Bige ab ea Rhys ap Gruffydd nó ap Gruffydd (1132 - 28 Aibreán, 1197 ). Tugtar Yr Arglwydd Rhys sa Bhreatnais (Gaeilge: An Tiarna Rhys) go coitianta air, ach b'fhéidir nár baineadh úsáid as an teideal le linn a shaoil féin. Bhain sé féin úsáid as an teideal "Prionsa Dílsithe Dheheubarth" nó "Prionsa Dheisceart na Breatiane Bige", ach tá dhá dhoiciméad a chaomhnú ina úsáideann sé an teideal princeps Wall[ie] nó Walliar[um] princeps. Ba cheann de na prionsaí is rathúla agus is cumhachtaí na Breataine Bige é Rhys, agus, tar éis bhás Owain Gwynedd ó Theyrnas Gwynedd sa bhliain 1170, bhí staid cheannasach bainte amach aige ar an chuid is mó den Bhreatain Bheag.
Bhí seanathair Rhys, Rhys ap Tewdwr, ina rí Deheubarth, agus mharaigh fórsaí de chuid Bernard de Neufmarche é ag Aberhonddu (Béarla: Brecon) sa bhliain 1093. Tar éis a bháis, ghabh na Normannaigh an chuid is mó de Deheubarth. Bhí athair Rhys, Rhys ap Gruffydd, faoi dheireadh, in ann a bheith ina rialtóir ar chuid bheag de chríoch, agus bhuaigh deartháireacha níos sine Ryhs níos mó ar ais tar éis bháis Gruffydd.
Sa bhliain 1171 rinne conradh síochána idir Rhys agus an Rí Anraí II agus deimhníodh a sheilbh ar a ghabhálacha nua agus ceapadh é chomh maith ina Ghiúisteoir ar Dheisceart na Breataine Bige. Chothaigh sé caidreamh maith leis an Rí Anraí go dtí go bhfuair an Anraí bás sa bhliain 1189. Tar éis bháis Antaí d'éirigh Rhys amach i gcse oinne Risteard I agus d'ionsaigh sé tiarnais na Normannach máguaird, ag gabháil roinnt de na caisleáin. Ina blianta ina dhiaidh sin go raibh trioblóid a choinneáil Níos déanaí ar aghaidh, bhí deacracht ag Rhys smacht a choimeád ar a mhic, go háirithear Mhaelgwn agus Ghruffydd, a bhí in adharcha lena chéile chéile. Sheol Rhys a fheachtas míleata deireanach i gcoinne na Normannach sa bhliain 1196 agus gabhadh roinnt caisleáin. An bhliain dár gcionn sin fuair sé bás gan choinne agus adhlacadh é san Ardeaglais Naomh Dáibhí.
Ginealas agus luathshaol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dara mhac Rhys ap Gruffydd, rialtóir ar chuid de Deheubarth, agus Gwenllian ferch Gruffydd, iníon Gruffydd ap Cynan, rí Gwynedd ab ea Rhys. Ba é Maredudd ap Gruffydd a dheartháir is sine, agus bhí beirt deartháireacha níos óige aige, Morgan agus Maelgwn. Chomh maith le sin, bhí dhá leath-dheartháireacha níos sine aige, Anarawd agus Cadell, agus ar a laghad dhá deirfiúracha, Gwladus agus Nest.