Vacsaín HPV
Sonraí cliniciúla | |
---|---|
Grúpa cógaseolaíochta | vacsaín |
Cód ATC | J07BM |
Tugann an vacsaín HPV cosaint ar an víreas HPV, an papalómaivíreas daonna, a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le hailse agus le faithní na mball giniúna.[1] Bíonn HPV ina chúis le 99% d’ailse cheirbheacs, an dara cúis bháis is coitianta ó ailse i measc mná san aoisghrúpa 25 - 39 bliain d'aois.[2] Tá an vacsaín HPV á moladh ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Chónaidhm Idirnáisiúnta Obstatraithe agus Ginéiceolaithe agus an sainchomhlacht imdhíonadh in Éirinn.[3]
Tairgfear vacsaín HPV do chailíní in aois a 12 go 13 bliana d'aois.[4] Ón bhliain 2010 tá an vacsaín ar fáil in Éirinn saor in aisce do gach cailín sa chéad bhliain meánscoile. Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go léiríonn figiúirí luatha gur 70% de chailíní a bhain leas as an vacsaín sa scoilbhliain 2015/2016, i gcomparáid le 87% i 2014.[2]
Tá a lán tuairiscí i meáin chumarsáide na hÉireann faoi shábháilteacht na vacsaíne Gardasil (HPV). Níor athraigh próifíl sábháilteachta na vacsaíne HPV ó cuireadh tús le clár vacsaínithe HPV i 2010. Tá ráitis ó na comhlachtaí idirnáisiúnta ar fad ag léiriú go bhfuil an vacsaín sábháilte agus éifeachtach.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ FSS (2024). "Vacsaíní chun do pháiste a chosaint". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2016-10-07). "Titim sa líon daltaí a fhaigheann an vacsaín HPV" (as ga-IE).
- ↑ "Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-04-15. Dáta rochtana: 2016-10-09.
- ↑ "PublicHealth.hscmi.net". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-02-02. Dáta rochtana: 2016-10-09.
- ↑ Oifig Náisiúnta Imdhíonta (2016). "Fógra" (en). www.gov.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-04-25. Dáta rochtana: 2024-08-24.
Is síol a bhaineann le sláinte é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |