Airgead (dúil)
Dúil mhiotalach is ea an t-airgead nó an t-airgead geal, agus is í an uimhir adamhach atá aige sa tábla peiriadach ná 47. Is é an meáchan adamhach atá aige ná 107.880, agus cuirtear in iúl é sna foirmlí ceimiceacha leis an ngiorrúchán Ag, atá bunaithe ar an bhfocal Laidine argentum.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach, púdar inlasta agus chalcophile element (en) |
---|---|
Airgead sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Ag |
Uimhir adamhach | 47 |
Mais adamhach | 107.8682 |
Peiriad, Grúpa | peiread 5 grúpa 11 |
Airíonna fisiceacha | |
Dath | airgead |
Dlús | 10.49 kg/m⁻³ |
Leáphointe | 1,761 |
Fiuchphointe | 3,632 agus 961.78 |
Leictridhiúltacht | 2 |
Ga ianach | 100, 115, 128, 79, 94 agus 75 |
Stair | |
Fionnachtain | 5 mílaois "RCh" |
Eapainm | bán |
Suíomh sa tábla peiriadach
cuir in eagarTá an t-airgead geal ar an dara ceann de na miotail i ngrúpa a 11, in éineacht leis an ór agus leis an gcopar. Ceann de na miotail trasdultacha is ea é, mar sin. Tá sé suite i bpeiriad 5. Mar sin, is í an dúil a thagann roimhe ná an pallaidiam, agus an caidmiam ag teacht sna sálaí aige.
Tréithe fisiceacha
cuir in eagarMiotal, beagnach bán, bog agus lonrach atá ann, ina sheoltóir maith teirmeach is leictreach. Tá an t-airgead geal ar an seoltóir idir leictreach agus teirmeach is fearr atá ann. A leáphointe 961°C.
Is neamhghníomhach ó thaobh ceimice de. Comhdhúilíonn sé le sulfar, rud a theimhlíonn a dhromchla.
Ós rud é gur triathmhiotal é, faightear ina aonar é sa nádúr. Faightear saor neamh-chomhcheangailte i mianaigh é, go príomha le luaidhe is copar. Thairis sin, is féidir é a fháil i mianraí ar nós argaintít, arb ionann í agus suilfíd an airgid (I), Ag2S, agus cornairgead nó clórargairít, arb ionann í agus clóiríd an airgid (I), AgCl.
Úsáid
cuir in eagarÚsáidtear an miotal seo sa mhonaíocht, seodra, sa ghrianghrafadóireacht, sa leictreonaic, i scátháin fhrithchaiteacha, soithí airgid, agus san fhiaclóireacht. In úsáid freisin sa mhíochaine, dúigh, scátháin, agus go forleathan sa cheimic. An dúil is fearr le sruth leictreach a sheoladh[1].
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
Is síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |