Jump to content

Fón póca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fón póca (Siemens S75)

Saghas gutháin is ea an fón póca (nó uaireanta teileafón póca, fón siúil, guthán soghluaiste) atá soghluaiste ar feadh limistéir mhór.

Tháinig an fón póca (i mBéarla, is gnách "Cellphone" a thabhairt orthu i Meiriceá Thuaidh, agus "Mobile" in Éire agus sa an Bhreatain) go láidir ar aghaidh sa saol sna 1990idí, agus anois tá gutháin soghluaiste ag formhór an daonra i go leor tíortha sa domhain forbartha (tá suas le trí mhilliún fón póca i bPoblacht na hÉireann mar a bhfuil daonra de ceithre mhilliún), chomh maith le roinnt mhór tíortha bochta. Sa ghnáthchaint tugtar fón póca orthu go hiondúil.

1997-2004

I measc na ngléasanna is mó úsáid, tá cinn Apple, Motorola, Nokia, Samsung, Sagem, Siemens agus Sony. De ghnáth, cuireann comhlachtaí eile náisiúnta, agus anois idirnáisiúnta chomh maith, seirbhís ar fáil do dhaoine a thógann conradh amach leo, agus a íocann de réir an nóiméid nó a íocann praghas áirithe ar líon áirithe neomataí sa mhí. I measc na gcomhlachtaí in Éirinn a chuireann seirbhís ar fáil tá Three UK, O2 UK, eirMobile agus Vodafone UK.

Is gá don ghléas a bheith ullamh le gathanna a ghlacadh ón gcomhlacht gutháin soghluaiste lena bhfuil conradh ag sealbhóir an ghutháin. Mar shampla, úsáideann go leor comhlachtaí san Eoraip córas GSM, ach í Meiriceá Thuaidh, ní bhaineann ach cúpla ceann acu, ar nós T-Mobile, feidhm as. Is ar mhaithe le teachtaireachtaí téacs is mó a úsáideann déagóirí an fón póca agus tá an-tionchar ag na giorrúcháin a úsáideann siad ar a nósanna scríbhneoireachta.

Sna laethanta inniu, bíonn ceamara mar chuid de ghuthán póca agus is féidir na grianghrafanna a sheoladh go gutháin eile nó a íoslódáil go ríomhaire.

Tá cosc curtha le gutháin póca a úsáid go minic i scoileanna agus in áiteanna eile mar gheall ar an gcur isteach a dhéanann siad ar an bpríobháideachas.

Nasc seachtrach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]